Guido Westerwelle
Ba pholaiteoir Gearmánach é Guido Westerwelle (27 Nollaig 1961 – 18 Márta 2016). Bhí sé ina leas-sheansailéir agus ina aire gnóthaí eachtracha na Gearmáine ó 28 Deireadh Fómhair 2009 go dtí 17 Nollaig 2013.
Cúlra agus Oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba dhlíodóirí iad a bheirt tuismitheoirí. Bhain sé céim sa dlí amach ó Ollscoil Bonn sa bhliain 1987. Cáilíodh é mar abhcóide sa bhliain 1991. Bhain sé dochtúireacht sa dlí amach ó Ollscoil Hagen sa bhliain 1994. Ón bhliain 1991 ar aghaidh, d'oibrigh sé mar abhcóide.
Polataíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé ina uachtarán ar na "Liobaireálaigh Óga", an eagraíocht óige FDP, Páirtí Liobaireálach Daonlathach, ó 1983 go 1988 agus ansin glacadh mar bhall den FDP buan é. Bhí sé ina rúnaí ginearálta ar an FDP ó 1994 go 2001. Toghadh é chun an Bundestag sa bhliain 1996 agus ceapadh é mar cheannaire an FDP, i gcomharbacht ar Wolfgang Gerhardt, sa bhliain 2001.
Bhí toradh iontach maith ag an FDP san Olltoghchán i 2009 agus dá bharr sin, rinneadh comhrialtas idir an CDU, an CSU agus an FDP le Angela Merkel mar sheansailéir agus Guido Westerwelle mar leas-sheansailéir.
D'éirí sé as mar cheannaire an FDP ar 13 Bealtaine 2011 tar éis míshástacht leis agus conspóid faoina cheannaireacht i measc baill a pháirtí.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir sé an pobal i gcoitinne ar an eolas go raibh sé aerach ag cóisir le ceiliúradh an caogú lá breithe ag Angela Merkel sa bhliain 2004. Bhí céile aige, Michael Mronz, le fada an lá.
Chuir sé daoine ar an eolas sa bhliain 2014 go raibh leoicéime air.