Stát Ioslámach
Is é atá sa Stát Ioslámach (giorraithe mar SI) eagraíocht Silafi jiohádach antoisceach armtha a bhaineann úsáid as foréigean agus sceimhlitheoireacht chun a gcuspóirí polaitiúla agus creidimh a chur i gcrích. An Stát Ioslámach san Iaráic agus sa Leiveaint (SIIL) a thugtar air freisin i measc roinnt leaganacha eile den ainm. Tá smacht ag an Stát Ioslámach ar oirthear na Siria (móide codanna beaga eile den tír chéanna), cuid mhaith d’iarthar na hIaráice, agus áiteanna scaipthe sa Libia agus sa Nigéir. Tá suas le 10 milliún duine faoina riail, ar a dtugann lucht SI “an Chailifeacht” uirthi.
I measc na n-eagraíochtaí agus dtíortha a aithníonn an Stát Ioslámach mar ghrúpa sceimhlitheoireachta tá na Náisiúin Aontaithe, an tAontas Eorpach, na Stáit Aontaithe, an Rúis, an Tuirc, an Indinéis, agus araile. Tá 60 tír ag troid le SI ar bhealach díreach nó indíreach. Deir SI go bhfuil údarás acu ar Mhoslamaigh ar fud an domhan, ach diúltaíonn grúpaí Moslamacha a leithéid SI mura mbíonn siad faoin smacht SI.
Tá an SI nasctha sa Nigéir agus tíortha Afraiceacha eile le Boko Haram. Cúige na hAfraice Thiar a thugtar SI ar na limistéir atá faoi smacht Boko Haram.
Stair[athraigh | edit source]
Chuir Abu Musab al-Zarqawi, radacach Iordánach, Osama bin Laden, ceannaire Al-Qaeda, agus d'athraigh sé ainm an ghrúpa go Tanẓīm Qāʻidat al-Jihād fī Bilād al-Rāfidayn, ("Eagraíocht Bhunáit an Jioháid sa Mheaspatáim", cé go raibh sé ní ba choitianta tagairt don ghrúpa mar al-Qaeda san Iaráic (AQI).[1]
I mí Iúil na bliana 2014, ghabh fórsaí SI Mosul, cathair san Iaráic, agus scrios siad Mosc Yunus (Ióna sa traidisiún Críostaí) in éineacht le mosc eile ón 13ú céad agus scrín Chríostaí ón 14ú céad.[2]
Tagairtí[athraigh | edit source]
- ↑ "Death Could Shake Al-Qaeda in Iraq and Around the World". The Washington Post.
- ↑ "Extreme Wahhabism on Display in Shrine Destruction in Mosul".
Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]
- "ISIS: Portrait of a Jihadi Terrorist Organization" – Tuairisc PDF ón Intelligence and Terrorism Information Center.