Palermo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Láthair Palermo.

Is í Palermo príomhchathair na Sicile, réigiún de chuid na hIodáile. Tá 671.593 duine ina gcónaí ann.

Stair na Cathrach[athraigh | edit source]

Ba iad na Féinícigh a bhunaigh an chathair, ach ba ó na Gréagaigh a fuair sí an t-ainm atá uirthi anois: Panormos an t-ainm Gréigise, a chiallaíonn "ollchuan" nó "ollchaladh", is é sin, an cuan is mó dá bhfuil chois na mara - an cuan is mó timpeall na Meánmhara. I ndiaidh na nGréagach, ba iad na Rómhánaigh a tháinig i seilbh na háite, agus ina ndiaidh sin, bhí sí á rialú ag na Biosántaigh ar feadh breis is míle bliain. Na hArabaigh a shealbhaigh an chathair sa bhliain 827, agus í ina príomhchathair ar Éimíríocht na Sicile. Chuir na Normannaigh ruaigeadh ar na hArabaigh san aonú haois déag, agus ina dhiaidh sin, bunaíodh ríocht nua na Sicile, arbh í Palermo a príomhchathair. Sa bhliain 1816, chuaigh Ríocht na Sicile agus Ríocht Napoli le chéile le Ríocht an Dá Shicil a dhéanamh, ach níorbh í Palermo príomhchathair na ríochta seo - bhí sí á rialú ó Napoli. Sa deireadh, cuireadh an ríocht sin ar ceal, agus chuaigh Palermo agus iomlán na Sicile san Iodáil aontaithe sa bhliain 1860.

Is iad na teangacha a labhraítear i bPalermo ná an Iodáilis agus an chanúint áitiúil, an tSicilis. Áit thábhachtach turasóireachta í Palermo lena cuid ailtireachta, na heaglaisí ach go háirithe. Ar an drochuair, tá an Maifia - an choirpeacht eagraithe - láidir sa chathair chomh maith. Ón taobh eile de, tá clú ar a lán daoine cáiliúla ó Phalermo freisin a fuair bás sa chath in aghaidh na coirpeachta, ar nós an Athara Pino Puglisi agus na mbreithiúna Giovanni Falcone agus Paolo Borsellino.