Pisa
| Suíomh | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| |||||
| Tír | an Iodáil | ||||
| Réigiún san Iodáil | An Tuscáin | ||||
| Cúige san Iodáil | Cúige Pisa | ||||
| Príomhchathair de | |||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 88,737 (2023) | ||||
| • Dlús | 479.48 hab./km² | ||||
| Teanga oifigiúil | an Iodáilis | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Achar dromchla | 185.07 km² | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Arnó | ||||
| Airde | 4 m | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Leanann sé/sí | Pisae (en) | ||||
| Éarlamh | Rainerius (en) | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| • Méara Pisa | Michele Conti (2018–) | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Cód poist | 56100 agus 56121–56128 | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Glaochód | 050 | ||||
| Aitheantas ISTAT | 050026 | ||||
| Cód cadastair na hIodáile | G702 | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | comune.pisa.it | ||||
Cathair san Iodáil is ea Pisa. Tá sí suite ar bhruach abhainn Arno, agus is í príomhchathair Chúige Pisa í, i réigiún na Tuscáine. Tá cáil dhomhanda ar an túr claonta atá inti. Bhí daonra de 90,000 duine inti sa bhliain 2008.


Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní fios cathain ar bunaíodh an chathair, ach tá fianaise ann go raibh na Pealascaigh, na Gréagaigh, na hEatruscaigh agus na Liogúirigh sa cheantar. Léiríonn fianaise na seandálaíochta go raibh trádáil á dhéanamh leis an Ghréig sa 5ú haois RC. Rinne na Rómhánaigh coilíneacht de Phisa sa bhliain 180 RC. Bhí easpag lonnaithe inti ó 313 AD ar aghaidh.
Cathair chumhachtach mhuirí ba ea Pisa le linn na meánaoiseanna agus chuir sí longa ar fáil don phápa Gréagóir I chun cogadh a chur ar Biosantiam, agus bhí sí páirteach i gcogaí éagsúla eile mar stát neamhspleách nó mar chuid d'impireachtaí éagsúla. Mhair glór-réim na cathrach go dtí an 13ú haois nuair a chloígh cabhlach Genoa í ar an 6 Lúnasa 1284. Mar gheall ar an cuan a bheith ag dul i léigle sioltadh tháinig meath ar thrádáil agus ar chumhacht mhíleata Phisa ach tháinig sí chun cinn mar ionad léinn le bunú na hollscoile sa bhliain 1343.
Ba i bPisa a rugadh Galileo Galilei duine d'eolaithe móra an domhain. Rinneadh tionsclaíocht éadrom a fhorbairt sa bhfichiú haois ach scriosadh cuid mhaith den chathair sa Dara Cogadh Domhanda.
Turasóireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an-cháil ar ailtireacht Phisa, go háirithe ar an túr claonta sa Piazza de Miracoli (Túr Claonta Pisa).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
