Trionta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilTrionta
Trento (it) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 46°06′N 11°06′E / 46.1°N 11.1°E / 46.1; 11.1
Stát ceannasachan Iodáil
Autonomous region with special statute (en) AistrighTrentino-An Tioróil Theas
Cúige san IodáilTrentino Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de

PríomhchathairTrento Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán118,046 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús747.69 hab./km²
Teanga oifigiúilan Iodáilis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla157.88 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde190 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
ÉarlamhVigilius of Trent (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Trento Cuir in eagar ar WikidataAlessandro Andreatta Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist38121, 38122 agus 38123 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód0461 Cuir in eagar ar Wikidata
ISTAT ID (en) Aistrigh022205 Cuir in eagar ar Wikidata
Italian cadastre code (municipality) (en) AistrighL378 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincomune.trento.it Cuir in eagar ar Wikidata

Común Iodálach is ea Trionta (Trento /ˈtrɛnto/ in Iodáilis, Trènt sa chanúint Thriontach).

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Radharc na cathrach

Lár limistéir uirbigh is ea Trionta, ach tá an-éagsúlacht ag baint leis na bruachbhailte, áiteanna a chaomhnaíonn a sainiúlacht, idir chathrach agus thuathúil. Tá tuairim is 80,000 duine ina gcónaí sa tseanchathair. Is é Gardolo an bruachbhaile is mó daonra – timpeall 12,450 – agus é le fáil lastuaidh den chathair; is é Sardagna an bruachbhaile is lú – timpeall 1,100 duine. Tá sé siúd suite in airde ar sceird agus é 560 méadar os cionn leibhéal na mara, ach tá formhór na mbruachbhailte spréite i ngleann an Adige nó ar na cnoic lastoir den chathair. Tá dlúthbhaint idir Trionta agus na sléibhte, go háirithe Monte Bondone thiar, agus is fiú cuairt ar thabhairt ar il Centro di Ecologia Alpina (Lárionad na hÉiceolaíochta Alpaí) agus ar an ngairdín luibheolaíoch.

Tá 15,803 heicteár i gcomún Thrionta, agus an chuid is mó díobh roinnte mar a leanas:

  • Coillte: 50.62% (7,999 heicteár)
  • Feirmeacha: 20.09% (3,74,12 heicteár)
  • Tithíocht: 7.70% (1,216,64 heicteár)
  • Sceird agus sléibhte: 3.23% (510.99 heicteár)

Aeráid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Radharc ar an Dosso di San Rocco di Villazzano
Radharc Thrionta ó Povo
Radharc Thrionta ó Monte Calisio

De réir eolais a bailíodh idir na blianta 1961 agus 1990, tá an mheánteocht mar a leanas:

  • 1.6 °C i Mí Eanáir, an mhí is fuaire
  • +22.4 °C i Mí Iúil, an mhí is teo

Titeann os cionn 900 mm de bháisteach in aghaidh na bliana, go háirithe san Earrach agus sa samhradh. Sa gheimhreadh is lú a thiteann báisteach.[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an traidisiúin Laidinigh tagann an t-ainm ón bhfocal Tridentum, ainm a dhéanann tagairt do na trí chnoc atá suite timpeall na cathrach. I ndáiríre, tá an t-ainm i bhfad níos sine agus tagann ón bhfocal trenttríchraobhach, rud a bhaineann le leaba cham na habhann.[2] Mar sin féin, déanann mana na cathrach tagairt don scéal eile: Montes argentum mihi dant nomenque TridentumTugann na sléibhte airgead dom agus ainm Thrionta. An Bhráthair Bartolomeo da Trento (b.1251) a chum an mana úd.

Ón Tosach Anuas go dtí an Ré Rómhánach[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir teoiricí éigin, bunaíodh Tridentum ar shuíomh seanbhaile réamhRómhánach; is dócha go raibh daingean ann, áit a bhféadfadh baile mór fás aisti. Ní mór a chuimhneamh freisin gur chuidigh gleann na habhann le pobail réamhRómhánacha, ar nós na Veinéiteach, na nÉatruscach agus na nGallach, teagmháil le chéile, agus é ina bhealach ó dheas ó thuaidh.

Tharla an gabháltas Rómhánach ar feadh an chéad haois RC agus rinneadh campa míleata de Tridentum; rinneadh municipium de idir 50 agus 40 RC.

Le linn Agustais, nuair a bhí an t-arm i mbun oibre sna hAlpa, tháinig a lorg sin ar Tridentum: bhí cuma chearnach air, an abhainn ar thaobh amháin, múr agus díog ar na taobhanna eile, túir chearnacha ann agus geataí. Déanamh dúbailte a bhí ar an ngeata ba mhó, Porta Veronensis, agus túr cruinn ar gach taobh de. Tógadh an chathair de réir na ngnáthrialacha Rómhánacha, le fóram, le haimfitéatar, le huiscrian agus le reilig amuigh. Bhí comhrac na mbóithre ann: Via Claudia Augusta (an príomhbhóthar míleata ó thuaidh), Via Claudia Padana, agus Claudia Augusta Altinate, bóthar Veinéise.

Fiú amháin nuair a bhí an Impireacht ag titim as a chéile sa 4ú haois agus sa 5ú haois, bhí an-tábhacht le Trionta sa réigiún i gcúrsaí míleata, geilleagair agus tráchtála.

An Mheánaois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Castello del Buonconsiglio

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. erg7118.casaccia.enea.it/profili/tabelle/138%20%5BTrento%5D%20capoluogo.Txt Tabella climatica
  2. Storia - Tridentum - Le origini Curtha i gcartlann 2007-06-24 ar an Wayback Machine - Le alpi on line