Giovanni Falcone
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (it) Giovanni Salvatore Augusto Falcone 18 Bealtaine 1939 Palermo, An Iodáil |
| Bás | 23 Bealtaine 1992 53 bliana d'aois Capaci, An Iodáil |
| Siocair bháis | Dúnbhású (Carrbhuamáil) |
| Áit adhlactha | Palermo |
| Breitheamh | |
| 1964 – | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Palermo |
| Gníomhaíocht | |
| Suíomh oibre | Palermo An Róimh |
| Gairm | giúistís, breitheamh |
| Teangacha | An Iodáilis |
| Teaghlach | |
| Céile | Francesca Morvillo |
| Siblín | Maria Falcone |
| Croineolaíocht | |
| 23 Bealtaine 1992 | Capaci massacre (en) |
Gradam a fuarthas | |
Breitheamh Iodálach ab ea Giovanni Falcone (18 Bealtaine 1939 - 23 Bealtaine 1992) agus é ina ionchúisitheoir faoi choireanna de chuid an Mhaifia. Feallmharaíodh é sa bhliain 1992.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sicileach ab ea Falcone féin, cosúil leis na fir a bhí á n-ionchúisiú aige, agus d'fhás sé suas i gceantar dearóil i bPalermo.
Eisean a d'eagraigh na mórthrialacha - "na trialacha maxi" - thiar sna hochtóidí, inar baineadh admhálacha a gcuid coireanna as na céadta drongadóirí de chuid an Mhafia.

Ba é an t-ollbhrathadóir Tommaso Buscetta a chuir ar chumas Falcone an t-éacht seo a chur i gcrích. Bhí Buscetta sásta a chuid eolais a nochtadh do Falcone, toisc go raibh luiteamas aige leis an mbreitheamh mar dhuine. Bhí sé den tuairim gurbh é Falcone an t-aon duine amháin de lucht an dlí a bhí sásta labhairt leis mar dhuine cothrom ar aon dínit leis féin.
Feallmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Buama bobghaiste a mharaigh Falcone. Shéid an Cosa Nostra buama mór faoin mhótarbhealach agus Falcone ag tiomáint a chairr go dtí Aerfort Idirnáisiúnta Palermo.[2] Fuair a bhean chéile Francesca Morvillo bás chomh maith. Agus maraíodh triúr póilíní (Antonio Montinaro, Vito Schifani agus Rocco Dicillo) sa phléasc chéanna; bhí siad i ngluaisteán eile. Ba é Giovanni Brusca a mhaidhm an t-ábhar pléasctha, agus fuair sé an t-ordú ó Salvatore "Toto" Riina.

Bhí aithne mhaith phearsanta ag Giovanni Falcone ar Paolo Borsellino, an breitheamh Iodálach eile a fuair bás ó lámh an Mhafia faoin am céanna. Inniu, tugtar Aerfort Falcone-Borsellino ar aerfort idirnáisiúnta Phalermo i ndilchuimhne ar an mbeirt fhear seo.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Mícheál Ó hUanacháin. (2010. Comhar 70 (10), 5-7.). "Lámha Salacha". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Capaci bombing" (as en) (2021-05-16). Wikipedia.