An Iodáil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Iodálach)
Jump to navigation Jump to search
Repubblica Italiana
Poblacht na hIodáile
Bratach na hIodáile Armas na hIodáile
Bratach Armas
Mana: L'Italia e' una Repubblica democratica, fondata sul lavoro

Is Iodáil Poblacht daonlathach, arna fhothú ar saothair

Amhrán náisiúnta: Il Canto degli Italiani
Suíomh na hIodáile
Príomhchathair An Róimh
41°54′ Thuaidh 12°29′ Thoir
An chathair is mó An Róimh
Teangacha oifigiúla Iodáilis1
Rialtas
Sergio Mattarella
Giuseppe Conte
Comhaontú
17 Márta 1861
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
301,230 km² (71ú)
2.4%
Daonra
 • Meas. ó 2018
 • Daonáireamh 2011
 • Dlús
 
60,359,546[1] (23ú)
59,433,744
201.3/km² (63ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2017
$1,947 billiún[2] (12ú)
$38,358[3] (33ú)
Airgeadra Euro () (EUR)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
CET (UTC+1)
CEST (UTC+2)
Fearann Idirlín .it
Glaochód +39
1 Labhraítear Gearmáinis mar dhara theanga oifigiúil sa réigiún leathneamhspleách Alto Adige/Tirol Theas. Tá thart ar 11 teangacha mionlaigh sa tír atá á aithint ag bunreacht na hIodáile.

2 Roimh 1999: Lira na hIodáile.

Tír i ndeisceart na hEorpa í an Iodáil (Iodáilis: Italia) nó Poblacht na hIodáile (Iodáilis: Repubblica Italiana) le thart ar 57 milliún duine ina gcónaí inti. Is ballstát den Aontas Eorpach í. Tá cruth buataise ar an leithinis, an chuid is mó den tír, agus is cuid den tír iad freisin an dá oileán is mó sa Mheánmhuir, an tSicil is an tSairdín. Tá teorainneacha aici leis an Ostair, an bhFrainc, an Slóivéin, agus an Eilvéis sa tuaisceart. Tá na h-iamhchríocha San Mairíne agus an Vatacáin istigh san Iodáil. Usáideann siad an euro. Is í an Róimh príomhchathair na hIodáile.

Tá áit an-tábhachtach aici sa stair 'Iartharach'; is san Iodáil a rugadh sibhialtacht na nEitriuscach agus sibhialtacht na Gréige Móra; Impireacht na Róimhe; poblachtaí muirithe na Meánaoise; an fhealsúnacht daonnachach; agus an Renaissance. Tá an Iodáil ina tír aontaithe ó 1861, tar éis an Risorgimento ar dhírigh Ríocht na Sairdíne é, agus tá sí ina poblacht ó cuireadh ar ceal an mhonarcaíocht i reifreann sa bhliain 1946. Tá sí ar cheann de na sé stát a bhunaigh an Comhphobal Eorpach sa bhliain 1957, agus den aon stát déag a bhunaigh an limistéar eoró sa bhliain 1999.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is leithinis mhór go príomha le dhá phríomh-oileán, an tSicil agus an tSairdín, í an Iodáil. Is í an tsliabh is airde ná Monte Bianco in iarthar na nAlpa. Tá cuid de na lochanna is mó suite i dtuaisceart na hIodáile, mar Loch Garda, Loch Como, Loch Maggiore agus Loch Iseo.

Réigiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Iodáil deighilte i 20 réigiún (regioni, uatha regione). Tá stádas faoi leith féinrialaitheach ag cúig cinn acu, rianaithe ag an *:

Tá gach réigiún, seachas Valle d'Aosta, roinnte i ndá nó níos mó cúigí.

Eacnamaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáidtear an euro mar airgeadra san Iodáil. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na hIodáile an 12ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 9ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 35ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Iodáil, é ar $37,970 don chónaitheach.

De réir Innéacs Forbartha Daonna, Socraithe don Éagothroime, 2019 na Náisiún Aontaithe (en), innéacs a dhéanann iarracht an caighdeán maireachtála a thomhas i ngach tír de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an 32ú tír is forbartha ar domhan í an Iodáil, as 150 tír a tomhaiseadh.[4] Cuireann sé sin í mar an 19ú tír is forbartha as 27 ballstát an Aontais Eorpaigh. I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Iodáil an 47ú tír is sona, as 156 thír.

I Mí Eanáir 2020, bhí ráta dífhostaithe na tíre ar 9.8%, an tríú leibhéal is airde san Aontas Eorpach.[5]

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suíomhanna i dTeach na dTeachtaí, teach íochtarach Pharlaimint na hIodáile

Tar éis an olltoghcháin is déanaí sa bhliain 2018, rinneadh rialtas idir Ghluaiseacht na gCúig Réalta, páirtí polaitíochta pobalach agus frith-chórasach, agus An Conradh, páirtí den eite an-deis. Sa bhliain 2019, áfach, chinn An Conradh teacht amach as an rialtas, agus mar sin, rinneadh rialtas nua idir Ghluaiseacht na gCúig Réalta agus An Páirtí Daonlathach, páirtí den eite chlé. Tá an polaiteoir neamhspleách Giuseppe Conte ina uachtarán ar Chomhairle na n-Airí – ról cosúil le ról an Taoisigh in Éirinn. Is iad na trí pháirtí eile a bhfuil suíomhanna acu i dTeach na dTeachtaí ná Forza Italia agus Deartháireacha na hIodáile ar an eite dheis, agus Saor agus Cothrom ar an eite chlé.

Bia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cappucino, ceann de na cineáil caife a cumadh san Iodáil

Aithnítear cuisine na hIodáile as an éagsúlacht mhór a bhíonn idir réigiúin éagsúla na tíre, go háirithe idir dheisceart agus tuaisceart na tíre[6][7][8], agus tá sí ar cheann de na cuisiní is mó éilimh agus is mó úsáidte ar fud an domhain[9]. Bhí tionchar nach beag ag cuisine ha hIodáile ar chuisiní tíortha eile, cuisine na Stát Aontaithe go háirithe.[10] I measc na bplátaí is mó aithne ar bhonn domhanda áiritear an píotsa, an pasta, an chaife Iodálach (nós an cappucino, an espresso, nó an lungo), agus uachtar reoite na hIodáile.

Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]


Bratach an AE An tAontas Eorpach (AE) Bratach an AE
an Bheilgan Bhulgáiran Chipiran Chróitan Danmhairgan EastóinÉirean Fhionlainnan Fhraincan Ghearmáinan Ghréigan Iodáilan Ísiltíran Laitviaan LiotuáinLucsamburgMáltaan Ostairan Pholainnan Phortaingéilan Rómáinan tSeican tSlóvaican tSlóivéinan Spáinnan tSualainnan Ungáir
Tíortha iarrthacha
an Íoslainnan Mhacadóin ThuaidhMontainéagróan tSeirbiaan Tuirc