Jump to content

Giorgia Meloni

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGiorgia Meloni

(2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith15 Eanáir 1977
49 bliana d'aois
an Róimh (an Iodáil)
Aire Turasóireachta na hIodáile
26 Márta 2026 – 3 Aibreán 2026
 Daniela SantanchéGianmarco Mazzi 
Ball de chomh-aireacht: Meloni Cabinet (en) Aistrigh
Uachtarán Chomhairle Airí Phoblacht na hIodáile
22 Deireadh Fómhair 2022 
 Mario Draghi
Ball de chomh-aireacht: Meloni Cabinet (en) Aistrigh

Ceaptha ag: Sergio Mattarella
Ball de Theach na dTeachtaí de Phoblacht na hIodáile
13 Deireadh Fómhair 2022 
Téarma parlaiminte: 19th Legislature of Italy (en) Aistrigh
Ball de Theach na dTeachtaí de Phoblacht na hIodáile
12 Márta 2018 – 12 Deireadh Fómhair 2022
Téarma parlaiminte: 18th Legislature of Italy (en) Aistrigh

Ball de Theach na dTeachtaí de Phoblacht na hIodáile
5 Márta 2013 – 22 Márta 2018
Téarma parlaiminte: 17th Legislature of Italy (en) Aistrigh

Toghcheantar: Lombardy 4 constituency (en) Aistrigh
Italian Minister for Youth Policies (en) Aistrigh
13 Meitheamh 2008 – 16 Samhain 2011
Ball de chomh-aireacht: Berlusconi IV Cabinet (en) Aistrigh
Italian Minister for Youth Policies (en) Aistrigh
8 Bealtaine 2008 – 13 Meitheamh 2008
Ball de chomh-aireacht: Berlusconi IV Cabinet (en) Aistrigh
Ball de Theach na dTeachtaí de Phoblacht na hIodáile
22 Aibreán 2008 – 14 Márta 2013
Téarma parlaiminte: 16th Legislature of Italy (en) Aistrigh
Ball de Theach na dTeachtaí de Phoblacht na hIodáile
28 Aibreán 2006 – 28 Aibreán 2008
Téarma parlaiminte: 15th Legislature of Italy (en) Aistrigh
Ball de Chomhairle Chúige na Róimhe
5 Eanáir 1999 – 27 Bealtaine 2003 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaCoimeádachas náisiúnta agus pobalachas ar an eite dheas
ReiligiúnCaitliceachas
Teanga dhúchaisan Iodáilis
Airde163 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht
Suíomh oibre Palazzo Chigi (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaDeartháireacha na hIodáile (2012)
Pobal na Saoirse (20092012)
An Comhaontas Náisiúnta (19952009)
Italian Social Movement - National Right (en) Aistrigh (19921995) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis, Béarla, an Fhraincis agus an Spáinnis
Teaghlach
PáirtíAndrea Giambruno (20152023) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFrancesco Meloni  agus Anna Paratore (en) Aistrigh
SiblínArianna Meloni
Duine muintearthaFrancesco Lollobrigida (deartháir céile)
Nino Meloni (seanathair athartha)
Zoe Incrocci (seanmháthair athartha) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáingiorgiameloni.it Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2471629 Metacritic: person/giorgia-meloni TMDB.org: 3062923
Facebook: giorgiameloni.paginaufficiale X: GiorgiaMeloni Instagram: giorgiameloni Threads: giorgiameloni Telegram: giorgiameloniufficiale LinkedIn: giorgiameloni Youtube: UCV4qYSrIACV7vMg3CuQ07ag TikTok: giorgiameloni_ufficiale Discogs: 5779909 Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir agus iriseoir Iodálach í Giorgia Meloni (a rugadh ar 15 Eanáir 1977 sa Róimh). Tá sí mar cheannaire ar pháirtí ar a dtugtar Fratelli d'Italia, [1] náisiúnach agus i bhfad amach ar an eite dheis.

Toghadh Meloni mar Phríomh-Aire na hIodáile in 2022, an chéad bhean riamh a bhí sa bpost sin san Iodáil.

Chuir sí tús lena cuid polaitíochta i bpáirtí faisisteach, cé go bhfuil Meloni i ndiaidh a cuid tuairimí a mhaolú cuid mhaith le roinnt blianta . Chur sí iontas ar a cuid comhghleacaithe san AE ó 2022 lena cur chuige stuama i leith ceisteanna an Aontais.[2]

2009
2022
Bádh 96 amach ó chósta Calabria ar an 26 Feabhra 2023; cáineadh Meloni go géar
Meloni, Petr FIALA agus Leo VARADKAR in 2023
Meloni agus Von der Leyen (AE), 2024. Chuir Meloni iontas ar a cuid comhghleacaithe san AE ó 2022 lena cur chuige stuama i leith ceisteanna an Aontais.
Meloni agus Trump, 17 Aib. 2025; thit siad as a cheile in 2026.
2026


Olltoghchán 2022

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dia, tír agus teaghlach na trí mhór chúiseanna a bhí i manna toghchánaíochta agus fealsúnachta Fratellii d'Italia. Tá ceangal stairiúil ag an bpáirtí leis an ngluaiseacht iar-fhaisisteachais a bhunaigh lucht tacaíochta an deachtóra Benito Mussolini.

An eite fhíordheis a bhí i dtreis san Iodáil in olltoghchán i mí Mheán Fómhair 2022, a tharla toisc gur thit comhrialtas Mario Draghi i mí Iúil 2022. D'éirigh an páirtí nuafhaisisteach Bráithre na hIodáile an páirtí is mó san Iodáil (agus nach mór 26.0% á thuar dóibh).[3][4] Ón Dara Cogadh Domhanda, ní raibh páirtí a bhí chomh claonta sin i leith na heite deise i gcumhacht. Chaith duine amháin as gach ceathrar vóta ar son Fratelli d'Italia.[5]

Ag Fratelli d’Italia agus roinnt páirtithe eile de chuid na heite deise a bhí an bua agus toghadh Giorgia Meloni mar phríomh-aire ar an tír – an chéad bhean riamh sa phost sin.[6] Bhí Fratelli mar chuid de chomhghuaillíocht den eite dheis, atá comhdéanta de Fratelli d'Italia, de Lega (go bhfuil Matteo Salvini, iar leasphríomhaire na tíre, i gceannas air) agus d'Forza Italia (go bhfuil iar-phríomhaire na Iodáile, Silvio Berlusconi, i gceannas air).

Mhaígh Meloni go theastaigh uaithi a bheith ina príomh-aire do chách.

Srian a chur le líon na n-inimirceach ón Afraic an chloch is mó ar phaidrín Giorgia Meloni. In 2023, de réir na staitisticí ó Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR), bhain 157,651 duine ón Afraic cóstaí na hIodáile amach. Ach thit a líon go mór le linn 2023-2026: ó 2024 i leith, níor tháinig ach rud beag le cois 66,000 sa bhliain ón Afraic go dtí an Iodáil, agus gan dabht tá baint mhór aige sin leis na margaí (conspóideacha) a rinne an Iodáil (agus an tAE) leis na tíortha i dtuaisceart na hAfraice, ar an taobh thall den Mheánmhuir.[7]

Bhí cáineadh géar déanta ar Meloni, agus ar a rialtas ó tharla eachtra sa Mheánmhuir amach ó chósta Calabria ar an 26 Feabhra 2023.[8] Bádh 96. Bhí sé curtha ina leith gur theip orthu gníomhú in am chun an tragóid a chosc.[9]

Gnóthaí eachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Meloni i bhfách le Trump ar dtús. Ach thit siad as a cheile in 2026. i mí an Mhárta 2026 bhí an t-ionsaí buamála a rinne na Stáit Aontaithe ar bhunscoil do chailíní san Iaráin cáinte ag Meloni. Maraíodh os cionn 150 cailín óg san ionsaí agus dúirt Giorgia Meloni gur chóir pé dream (Trump agus Hegseth) a bhí freagrach as a thabhairt chun cuntais.

Tharraing sí siar ón éileamh a rinne sí go bhfágfadh an Iodáil córas airgeadra an Euro, agus gur chóir go mbeadh saoirse ag an Iodáil diúltú do dhlíthe na Bruiséile. Bíonn sí ag caint i gcónaí ar "idé-eolaíocht airdill" an phobail LADT agus ar an "bhforéigean a bhaineann le hIoslam."[5]

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sí i gcaidreamh le Andrea Giambruno. Tá iníon amháin acu. Is Caitliceach í.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Giorgia Meloni le bheith ina "príomhaire do chách", a deir sí | Nuacht TG4" (ga). TG4. Dáta rochtana: 2022-09-27.
  2. John Downing (6 Feabhra 2024). "Feirmeoirí i measc na ndreamanna atá míshásta agus an tAE ag fáil faoi réir d’athruithe polaitíochta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-17.
  3. Tús Áite / RnaG (26 Meán Fómhair 22). "Tús Áite: Toghchán na hIodáile" (ga-IE). RTE Radio RnaG. Dáta rochtana: 2026-04-17.
  4. "Eligendo Archivio - Ministero dell'Interno DAIT" (it). Eligendo. Dáta rochtana: 2026-04-17.
  5. 1 2 Nuacht RTE (2022-09-26). "Giorgia Meloni le bheith ina "príomhaire do chách", a deir sí" (as ga-IE).
  6. Alex Hijmans (27 Nollaig 2022). "Súil siar ar 2022 – mórscéal amháin agus go leor scéalta móra agus beaga fite fuaite leis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-17.
  7. Alex Hijmans (15 Aibreán 2026). "TUAIRISC ÓN EORAIP: Milano mórthaibhseach agus meascán mearaí Marseille" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-17.
  8. "2023 Calabria migrant boat disaster" (as en) (2025-11-12). Wikipedia.
  9. "Breis & 1,000 inimirceach tugtha i dtír ag calafoirt na hIodáile" (as ga) (2023-03-11).

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]