Píotsa
![]() | |
Bunús | |
---|---|
Tír dhúchais | an Iodáil |
Cuid de | bia na hIodáile |
Sonraí | |
Cineál | bia saoráideach, táirge deiridh, sneaic, táirge bácáilte agus píotsaí agus casaróil |
Cruth | diosca agus dronuilleog |
Príomh-chomhábhair | anlann trátaí, plúr, mozzarella, ola, salann, siúcra, uisce, piobar agus giosta aráin |
Arán cothrom réidh is ea an píotsa[1][2] (Iodáilis: pizza) a gcuirtear barráin éagsúla sa mhullach air, cosúil le glasraí, feoil, iasc nó beacáin, in éineacht le trátaí, cáis agus spíosraí éagsúla.

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig an píotsa ón Iodáil, agus dealraíonn sé go n-itheadh na sean-Rómhánaigh féin arán a bhí cosúil leis an bpíotsa. Is léir nach raibh trátaí ar fáil san am sin, toisc gurb as an Oileán Úr a tháinig an tráta.
San Iodáil, b'é an píotsa príomhbhia na ndaoine bochta sa naoú haois déag, agus ba le Napoli thar aon áit eile a samhlaíodh é. Shroich an píotsa Meiriceá i ndeireadh na naoú haoise déag, nuair a bhí na mílte Iodálaigh ag dul ar imirce agus ag cur fúthu sna Stáit Aontaithe, agus iad ag tabhairt a gcuid bia leo, ar ndóigh.
Le linn agus i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, ní raibh na saighdiúirí Meiriceánacha san Iodáil sásta le bia an airm ach thaitin an bia áitiúil leo, an píotsa. Nuair a d'fhill siad abhaile, lean siad leo ag ithe píotsaí, agus de réir a chéile, tháinig borradh mór ar an bpíotsadóireacht mar ghnó.
Sa dara leath den 20ú haois, scaip an píotsa ar fud an domhain le cuidiú na sreangshiopaí mearbhia Meiriceánacha.
Cócaireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is bia simplí é an píotsa de gnáth, mar shampla an Margherita. Níl ar an bpíotsa sin ach anlann trátaí, cáis agus basal. Sa bhliain 1889, deirtear gur thaitin píotsa leis an mBanríon Margherita nuair a d’ith sí é i Napoli san Iodáil. Chomh maith leis an mblas, thaitin sé léi go raibh na dathanna ó bhrat na hIodáile ar an bpíotsa agus báistíodh é an "Margherita".[3]
Anois cuireann daoine rogha leathan barrán ar a bpíotsa.
Margaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceiliúrtar Lá Domhanda an Phíotsa ar an 9 Feabhra gach bliain. Ón mbliain 2000, bíonn ceiliúradh domhanda ar an bpíotsa.
Creid é nó ná creid, itheann daoine san Iorua níos mó píotsa ná daoine in aon tír eile.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““píotsa” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-02.
- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “pizza — Aistriúchán Gaeilge ar pizza (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-05-02.
- ↑ 3.0 3.1 ELeathanach 489, Má Nuad 11 Feabhra 2025
- ↑ "Píotsa | Diarmuid Ó Mathúna | Cúla4 Ar Scoil" (en). TG4 Foghlaim. Dáta rochtana: 2025-02-12.