San Proinsias Assisi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
San Proinsias Assisi

Ba naomh Caitliceach é Giovanni di Pietro BernardoneProinsias Assisi (as Laidin Franciscus de Assisi) (11811182 - 3 Deireadh Fómhair 1226). Rugadh San Proinsias in Assisi na hIodáile. Bhí a mhuintir go maith dó ach theastaigh ó Phroinsias bheith chomh bocht le hÍosa. Dá bharr sin, d'fhag sé a theaghlach agus an saibhreas agus chuaigh sé chun cónaí leis féin sna coillte timpeall ar Assisi. Chreid sé gur le Dia gach aon ní ar domhan. Dúirt sé gur dearthair leis gach ainmhí beo agus gur deirfiúracha leis na réaltaí sa spéir. Thug sé moladh do Dhia i gcóir gach ní timpeall air. Bhunaigh sé ord rialta na bPrionsiasach.

Is é Prionsias naomh pátrúin na n-ainmhithe agus na timpeallachta. Is é an 4 Deireadh Fómhair a lá féile.

Paidir San Proinsias[athraigh | edit source]

Déan gléas chun síochána díom
id láimh, a Thiarna
San áit a bhfuil fuath
go gcuire mé an grá
San áit a bhfuil ciontacht
go gcuire mé pardún
San áit a bhfuil coimhlint
go gcuire mé aontú
In áit na hearráide
go gcuire mé an fhírinne
In áit na doirheachta
go gcuire mé creideamh
San áit in a bhfuil fulaingt
go gcuire mé lúcháir
A Thiarna, deonaigh a spreagadh dhom
sólas a thabhairt
seachtas sólas a fháil
dul i dtuiscint ar dhaoine
seachas go dtuigfí mé féin
Grá a roinnt ar dhaoine
seachas grá fháil uathu
Mar is le linn dúinn tabhairt
a fhaighimid féin
Is le linn dúinn pardún a thabhairt
a mhaitear dúinn
Is le linn dúinn bás a fháil
a théimid i seilbh na beatha síoraí.