Jump to content

Coillte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCoillte
Sonraí
Cineálgnó Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1988
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáincoillte.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: Coilltenews X: coilltenews Cuir in eagar ar Wikidata

Is comhlacht stát-tionscanta é Coillte. Is é an tAire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia a phiocann na stiúrthóirí.[1]

Tá thart ar 1,000,000 acra acu faoi bhainistíocht, coillte an chuid is mó.

Coill Leitir Creamha Rua (Lettercraffroe Wood), Gaillimh

Don mhílaois cuirtear tús le "Foraoiseacha Mílaoise an Phobail": chuir an rialtas crann dúchasach amháin sa talamh do gach uile theaghlach sa tír.[2]

Stoirm Éowyn, 2025

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leagadh 50 milliún crann de bharr na stoirme Éowyn in 2025. Is ar thalamh le Coillte a leagadh leath na gcrann agus is leis an earnáil phríobháideach an leath eile. Tuairim is €60 milliún luach an damáiste don tionscal forasaoiseachta a bhí luaite le Stoirm Éowyn, sin gan trácht ar an bhfiadhúlra.

Is féidir fónamh a bhaint as adhmad ó chrann atá leagtha go ceann dhá bhliain ach níl gar ann ina dhiaidh sin. Ní raibh ach 20% de na crainn bailithe le chéile ag lucht foraoiseachta i mí Eanáir 2026. Ní bheidh an obair críochnaithe go dtí lár na bliana 2027.[3]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Coillte. "Coillte Forest" (en). www.coillte.ie. Dáta rochtana: 2026-01-22.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-04-10. Dáta rochtana: 2009-12-30.
  3. "'Damáiste ó Stoirm Éowyn glanta faoi lár 2027'" (as ga) (2026-01-22).