Il Canto degli Italiani

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Saothar CeoilIl Canto degli Italiani

Cuir in eagar ar Wikidata
Teideal bunaidhIl Canto degli Italiani
Foirm cheoilamhrán Cuir in eagar ar Wikidata
Sámpla ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Tonúlachtmórghléas E-maol Cuir in eagar ar Wikidata
CumadóirMichele Novaro (en) Aistrigh
LeabhrógaíGoffredo Mameli (en) Aistrigh
LiriceoirGoffredo Mameli (en) Aistrigh
Teanga an tsaothair nó an ainman Iodáilis
Dáta a bunaíodh1859
Dáta foilsithe1847
Seánraiomann
Cuid deNational symbols of Italy (en) Aistrigh
Musicbrainz: 18a4b808-6fe6-3cc3-802e-36f53d0e4143 IMSLP: Fratelli_d’Italia_(Novaro,_Michele) Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Il Canto degli Italiani (Gaeilge: Amhrán na nIodálach) amhrán náisiúnta na hIodáile. Tugtar Fratelli d'Italia ("A Bhráithre ón Iodáil") air freisin, nó Inno di Mameli - Iomann Mhameli. B'é Goffredo Mameli a chum an dán, thiar sa bhliain 1847, mar amhrán catha do lucht an Risorgimento.

Iodáilis Gaeilge
Fratelli d'Italia,

l'Italia s'è desta,

dell'elmo di Scipio

s'è cinta la testa.

Dov'è la vittoria?

Le porga la chioma,

che schiava di Roma

Iddio la creò.

"A Bhráithre ón Iodáil,

D'éirigh an Iodáil amach anois,

Agus í ag caitheamh chlogaid Scipio

Thuas ar a cloigeann.

Cá bhfuil bandia an bhua?

Go gcroma sí síos a ceann,

Agus í ina daor ag an Róimh,

Mar a chruthaigh Dia í."

An Curfá:
Stringiamoci a coorte,

siam pronti alla morte.

Siam pronti alla morte,

l'Italia chiamò.

Stringiamoci a coorte,

siam pronti alla morte.

Siam pronti alla morte,

l'Italia chiamò! (Sì!)

"Cuirimis le chéile inár slua catha.

Tá muid ullamh le bás a fháil,

Tá muid ullamh le bás a fháil,

Nó chuir an Iodáil gairm orainn.

Cuirimis le chéile inár slua catha,

Tá muid ullamh le bás a fháil,

Tá muid ullamh le bás a fháil,

Nó chuir an Iodáil gairm orainn - muis!"

Noi fummo da secoli

calpesti, derisi,

perché non siam popoli,

perché siam divisi.

Raccolgaci un'unica

bandiera, una speme:

di fonderci insieme

già l'ora suonò.

"Leis na cianta anuas,

Tá muid faoi chois is in ísle brí,

Nó ní náisiún sinn,

Agus sinn dealaithe ó chéile.

Go dtuga an t-aon bhratach amháin,

An t-aon dóchas amháin le chéile sinn,

Nó bhuail an uair cheart anois

Le cur le chéile.")

(Curfá)
Uniamoci, uniamoci,

l'unione e l'amore

rivelano ai popoli

le vie del Signore.

Giuriamo far libero

il suolo natio:

uniti, per Dio,

chi vincer ci può?

"Bímis aontaithe, bímis aontaithe,

Bímis le chéile is tugaimis grá dá chéile.

Nochtaimis bealaí Dé

Do náisiúin an tsaoil mhóir.

Tugaimis mionna is móidí go saorfaidh muid

Tailte ár ndúchais,

Más é Dia féin a d'aontaigh sinn,

Cé a bhéarfaidh ár mbua?"

(Curfá)
Dall'Alpi a Sicilia

Dovunque è Legnano,

Ogn'uom di Ferruccio

Ha il core, ha la mano,

I bimbi d'Italia

Si chiaman Balilla,

Il suon d'ogni squilla

I Vespri suonò.

"Ó na hAilpeanna síos go dtí an tSicil,

Tá Legnano i ngach áit.

Tá croí agus lámh Ferruccio

Ag gach mac máthar againn.

Clann na hIodáile go léir,

Tugann siad Balilla orthu féin,

Agus gach stoc ag séideadh

Cheol Fheascar na Sicile."

(Curfá)
Son giunchi che piegano

Le spade vendute:

Già l'Aquila d'Austria

Le penne ha perdute.

Il sangue d'Italia,

Il sangue Polacco,

Bevé, col cosacco,

Ma il cor le bruciò.

"Níl i gclaímhte na n-amhas

Ach giolcóga sobhriste.

Baineadh a chlúmh

D'iolar na hOstaire.

D'ól sé fuil na hIodáile

agus fuil na Polainne

in éineacht leis an Rúiseach,

ach má d'ól, dódh a ghoile."

(Curfá)

Nasc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Éist le hAmhrán Náisiúnta na hIodáile ar leathanach gréasáin Uachtarán Phoblacht na hIodáile.