Lá Fhéile Stiofáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá Fhéile Stiofáin
Íomhá
Cineállá saoire
saoire phoiblí
Slavic folk holiday (en) Aistrigh
public holidays in Poland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósSan Stiofán Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deSlavic folk calendar (en) Aistrigh agus Christmastide (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
26 Nollaig (an Eaglais Laidine)
27 Nollaig (Críostaíocht Oirthearach) Cuir in eagar ar Wikidata


Naomh Stiofán, Carlo Crivelli (1476)

Tugtar Lá Fhéile Stiofáin (Lá 'le Stiofáin) ar an 26ú lá de mhí na Nollag.

San Stiofán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creidtear gurb é Naomh Stiofán, nó San Stiofán, an chéad mhairtíreach Críostaí. Ciallaíonn an t-ainm Stiofán coróin. 'Más breith is mó a shamhlaítear le féile Lá Nollag, is é an bás foréigneach is mó a thagann chun aigne nuair a luaitear Stiofán – nó Etienne sa domhan Francach. An chéad mhairtíreach a bhí ann, a thug a anam ar son na Críostaíochta. Diamhasla a bhí sa teagasc Críostaí a bhí ar siúl aige, dar leis na Giúdaigh, agus d’imir siad bás air le clocha mar gheall air seo.'[1] Saoradh chun beatha don duine sa mhainséar, agus daoradh chun báis do dhuine dá dheisceabail, Stiofán. Lúcháir agus áthas, ar thaobh amháin, agus foréigean agus feall ar an taobh eile. 'Is maith a chuireann Lá Fhéile Stiofáin an chodarsnacht idir an sonas agus an donas i gcuimhne dúinn".[1]

Lá an Dreoilín, Bun Raite, Luimneach

Lá an Dreoilín[cuir in eagar | athraigh foinse]

In Éirinn, tugtar Lá an Dreoilín ar an 26 Nollaig chomh maith. Tagann an chodarsnacht i gceist chomh maith san ainm seo a bhíonn in úsáid in Éirinn chomh maith. Tá contrárthacht dá chuid féin ag baint leis an éan beag bídeach seo de bharr cáil a bheith air mar Rí na nÉan sa bhéaloideas, agus, ag an am céanna, é curtha ina leith sa bhéaloideas céanna gur sceith sé ar Stiofán a bhí i bhfolach sa chlaí agus é ar teitheadh ó na Giúdaigh.

Príomhalt: Lá an Dreoilín

Lá Saoire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is lá saoire é ar fud an chuid is mó den Eoraip, ach sna Stáit Aontaithe is gnáthlá oibre é.

Bronntanais Nollag ar "Boxing Day" i Sasana fadó

Tugtar "Boxing Day" ar an 26 Nollaig i Sasana agus i gCeanada. Cuireann cúrsaí déirce an t-ainm Sasanach Boxing Day i gcuimhne dúinn, agus an nós a bhíodh ann boscaí déirce a dháileadh ar na boicht an lá céanna.[1]

Tugtar "zweiter Weihnachtstag" ar an 26 Nollaig i nGearmáinis.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Cathal de Paor (2017). "Is maith a chuireann Lá Fhéile Stiofáin an chodarsnacht idir an sonas agus an donas i gcuimhne dúinn…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-26.