San Stiofán
| Ainm sa teanga dhúchais | (grc) Στέφανος |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | c. 1 an Ghréig, An Ghréig |
| Bás | c. 36 34/35 bliana d'aois Iarúsailéim |
| Siocair bháis | Pionós an bháis (Clochadh) |
| Áit adhlactha | San Lorenzo fuori le Mura |
| Deisceabal | |
| | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | An Chríostaíocht |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | deagánach, íospartach, íospartach dúnmharaithe |
| Teangacha | An Eabhrais |
| Ardú | |
| Lá féile | 26 Nollaig 27 Nollaig 3 Lúnasa |
Ba naomh é Stiofán (Naomh Stiofán, nó San Stiofán). Ciallaíonn an t-ainm Stiofán coróin. Rugadh i 5 A.D. agus cuireadh é chun báis in 34 A.D. san Iarúsailéim, Iúdáia Impireacht na Róimhe.
Creidtear gurb é an chéad mhairtíreach Críostaí. Bhí naomh Stiofán ar cheann de na seacht ndeagánach ceaptha ag na haspail. Bhí aghaidh aige mar a bheadh aingeal ann, gan féasóg, deirtear. Ciallaíonn an t-ainm Stiofán coróin.[1]
Bású
[cuir in eagar | athraigh foinse]'Más breith is mó a shamhlaítear le féile Lá Nollag, is é an bás foréigneach is mó a thagann chun aigne nuair a luaitear Stiofán – nó Etienne sa domhan Francach. An chéad mhairtíreach a bhí ann, a thug a anam ar son na Críostaíochta. Diamhasla a bhí sa teagasc Críostaí a bhí ar siúl aige, dar leis na Giúdaigh, agus d’imir siad bás air le clocha mar gheall air seo.'[2] Saoradh chun beatha don duine sa mhainséar, agus daoradh chun báis do dhuine dá dheisceabail, Stiofán..[2]
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tógadh iarsmaí Stiofáin chun na Róimhe as an Talamh Naofa sa 5ú haois. Tógadh an eaglais La Rotunda di Santo Stefano in ómós dó.[3]
D’oibrigh Dia an-chuid míorúiltí tríd Naomh Stiofán, is cosúil.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Fógraí / Newsletter 26ú Iúil 2015" (en). Paróiste Naomh Muire - Dingle Parish Online (2015-07-25). Dáta rochtana: 2021-12-26.
- ↑ 2.0 2.1 Cathal de Paor (2017). "Is maith a chuireann Lá Fhéile Stiofáin an chodarsnacht idir an sonas agus an donas i gcuimhne dúinn…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-26.
- ↑ Ciara Nic Gabhann (2013). "La Rotunda di Santo Stefano al Monte Celio" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-12-26.
- ↑ "Fógraí / Newsletter 26ú Iúil 2015" (en). Paróiste Naomh Muire - Dingle Parish Online (2015-07-25). Dáta rochtana: 2021-12-26.
| Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |