Cáisc
Jump to navigation
Jump to search
Féile Chríostaí is ea an Cháisc (ainm.u. Cáisc, gin.u. Cásca), agus í ar cheann de na féilte móra sa bhféilire Críostaí. De réir scrioptúr Críostaí, d'aiséirigh Íosa Críost tar éis é a bheith adhlactha ar feadh trí lá.
Meastar gur thit na heachtraí i gceist amach áit éigin idir 26 agus 36 AD.
Féilire[cuir in eagar | athraigh foinse]
Braitheann an dáta ar casadh na gealaí, agus ní ionann an dáta gach bliain. Bíonn difríocht, freisin idir dáta a cheiliúrtha sna heaglaisí san iarthar, agus sna heaglaisí Ceartchreidmheacha, mar nár ghlacadar le féilire Ghréagóra, a chuir eaglais na Róimhe i réim.
- Cuireann an Cháisc deireadh le Carghas.
- Tugtar An tSeachtain Mhór ar an seachtain deireanach den Carghas agus an tseachtain roimh an Cháisc.
- Tugtar Seachtain na Páise ar an seachtain a thosaíonn ar an Luan roimh Dhomhnach Cásca.
- Ceiliúrtar aiséirí Íosa ar Lá Cásca nó Domhnach Cásca, dhá lá tar éis Aoine an Chéasta agus trí lá tar éis Déardaoin Mandála.
- Bíonn saoire poiblí in Éirinn ar Luan Cásca, ní hamháin mar gheall ar an gCáisc, ach chun Éirí Amach na Cásca i 1916 a chomóradh.
Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagann an focal ón Laidin Pasqua, mar ní raibh an litir ná an fhuaim p sa sean-Ghaeilge, agus chuirtí c (fuaim q na Laidine agus an Bhéarla) ina áit.
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Cáisc |