Gluaiseacht na gCúig Réalta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lógó an pháirtí

Páirtí polaitíochta san Iodáil is ea Gluaiseacht na gCúig Réalta (Movimento 5 Stelle, nó M5S, as Iodáilis). Bunaíodh an páirtí sa bhliain 2009. Tá an páirtí faoi láthair ar an bpáirtí is mó i rialtas na hIodáile, tar éis dóibh éirí ar an bpáirtí is mó i bParlaimint na hIodáile i ndiaidh olltoghcháin na bliana 2018. Is é Luigi Di Maio ceannaire reatha an pháirtí. Meastar an páirtí go ginearálta mar pháirtí pobalach agus frith-chórasach. Tagraíonn na 'cúig réalta' in ainm an pháirtí le cúig príomhaidhm de chuid an pháirtí: is iad sin: uisce poiblí, forbairt inbhuanaithe, iompar inbhuanaithe, ceart chun rochtain ar an idirlíon agus an timpeallacht.