Núicléas adamhach
San adamh tá an núicléas adamhach, a bhfuil mais is lucht dearfach aige, i lár baill, agus mar a bheadh scamall leictreon á thimpeallú. Tá an núicléas cumtha as neodróin is prótóin, agus tá beagnach mais iomlán an adaimh ann ach codán an-bheag de thoirt an adaimh.
Tá an neodrón is an prótón beagnach ar comhais lena chéile, agus 1,840 oiread mhais an leictreoin iontu. Níl aon lucht leictreach glan ag an neodrón, ach tá ag an bprótón, é dearfach is ar cóimhéid le lucht an leictreoin. Is ionann líon na leictreon is líon na bprótón in adamh dúile (an uimhir adamhach), ionas gur neodrach an t-adamh iomlán.
Cuireann na neodróin le mais an núicléis, ach ní chuireann le lucht leictreach an núicléis. Ní bhíonn líon na neodrón tairiseach in adaimh dúile ar bith, áfach.
Bíonn líon na neodrón in iseatóip gach dúile difriúil óna chéile. Nuair a shuimítear mais na neodrón, mais na bprótón is mais bheag na leictreon san adamh, is é an toradh an mhais adamhach. Áirítear mais adamhach in aonaid maise adamhaí, 12 aonad maise ag adamh amháin carbóin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Núicléas adamhach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 489.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |