Mary White

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMary White

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Samhain 1948
75 bliana d'aois
Bré, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaComhaontas Glas Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Éireannach í Mary White ar ball í den Chomhaontas Glas. Toghadh í ina Teachta Dála don pháirtí i mí Bealtaine na bliana 2007, i ndáilcheantar Cheatharlach/Chill Chainnigh. Ba í an chéad Teachta Dála mná ag an gComhaontas Glas chomh maith leis an gcéad Teachta Dála acu i ndáilcheantar tuaithe.

Sonraí polaitiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain sí barr na vótála amach sna toghcháin áitiúla do Chomhairle Chontae Cheatharlach i Meitheamh 1999, i dtoghlach na Buiríse, a bhfuil trí shuíochán ann. Ceapadh í mar Leas-Cheannaire an Chomhaontais Ghlais i 2001. D’éirigh léi 4961 vóta chéad rogha, nó 8% den vótáil a bhaint amach mar iarrthóir an Chomhaontais Ghlais, in Olltoghchán 2002 i nDáilcheantar Cheatharlach/Chill Chainnigh. Sheas sí sa toghchán don Seanad i 2002, ach theip uirthi ar éigean suíochán a bhuachaint.

Toghadh í chun na Dála le vóta céad rogha de 7.96% i gCeatharlach-Cill Chainnigh.[1]

Sonraí pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Mary White i gContae Chill Mhantáin agus tá sí ina cónaí sa Bhuiríos, Co. Cheatharlach le breis is fiche bliain. Tá sí pósta agus iníon amháin aici.

D’fhreastail sí ar scoil ar Chlochar na nUrsalach i bPort Láirge agus ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bhí sí mar bhunaitheoir Chumann an Bhéarla i gColáiste na Tríonóide agus bronnadh "Pink" uirthi as a feabhas spóirt san ollscoil.

Is saothróir orgánach í Mary agus tá suim mhór aici sa chnocadóireacht.

Tá treoir scríofa aici in éineacht le Joss Lynam faoi chnocadóireacht sna Staighrí Dubha, chomh maith le "Environment Mining and Politics" atá mar chuntas ar fheachtas frith-mhianadóireachta. Tá sé seo ina leabhar sainiúil do fheachtasóirí timpeallachta áitiúla.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]