Máiría Cahill
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1981 42/43 bliana d'aois Béal Feirste, Northern Ireland |
Seanadóir na hÉireann | |
13 Samhain 2015 – 9 Feabhra 2016 Téarma parlaiminte: 24ú Seanad Éireann Toghcheantar: An Rolla Tionscail Agus Tráchtála Toghadh i: fothoghchán | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre |
Iriseoir as Béal Feirste í Máiría Cahill (a rugadh sa bhliain 1981). Tharraing sí aird ar mhí-úsáid ghnéis sa bhliain 2014 nuair a craoladh clár BBC Spotlight fúithi, "A Woman Alone with the IRA"[1]. Níor ciontaíodh duine ar bith riamh maidir lena cás, cé gur admhaigh an PSNI agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí sa tuaisceart nár láimhseáladh a cás mar ba chóir.[2] Bhí a scéal inste aici sa leabhar a scríobh sí Rough Beast – my Story and the Rreality of Sinn Féin, a tháinig amach sa bhliain 2023.[3]
Toghadh Cahill mar sheanadóir san Oireachtas le Páirtí an Lucht Oibre sa bhliain 2015. D'éirigh sí as an bhliain dár gcionn.
Mí-úsáid ghnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Máiría Cahill sé bliana déag sa bhliain 1997 nuair a rinne comhalta den IRA éigniú agus mí-úsáid ghnéis uirthi arís agus arís eile ar feadh bliana i dteach a haintín in iarthar Bhéal Feirste. An bhliain dár gcionn, toghadh Cahill mar rúnaí Ógra Shinn Féin. Lean sí ar aghaidh ag obair do Shinn Féin go dtí 2001.
In 1999, dúirt bean ar inis sí a scéal di leis an IRA go raibh éigniú á chur i leith chomhalta den eagraíocht aici. Cuireadh iallach uirthi ceisteanna ó chomhaltaí den IRA a fhreagairt ag ‘fiosrúchán’ ar leanadh leis. Tamaill níos déanaí, chuir an lucht fiosraithe iachall uirthi suí sa seomra céanna leis an bhfear a bhí freagrach as na hionsaithe a thug íde béil di agus a cuid líomhaintí á séanadh aige. Bhí uirthi aghaidh a thabhairt ar an bhfear a d’ionsaigh í in aghaidh a tola agus phléigh comhaltaí den eagraíocht an “fiosrúchán” a bhí ar bun acu lena tuismitheoirí, arís in aghaidh a tola.[2]
Le linn 2000-06, phléigh Cahill a cás cúpla uair le huachtarán Shinn Féin Gerry Adams, dar léi féin. In 2010 thug Cahill ráiteas don PSNI faoi na hionsaithe agus faoi fhiosrúchán an IRA. Ach i gcúirt i mBéal Feirste in 2014, fuarthas an fear ar chuir sí éigniú ina leith agus triúr ar cuireadh rannpháirtíocht i bhfiosrúchán an IRA ina leith neamhchiontach nuair a tarraingíodh siar na cúisimh ina leith cheal fianaise.
An bhliain dár gcionn, dúradh i dtuairisc ar fhiosrúchán neamhspleách a raibh an t-abhcóide Keir Starmer i gceannas air go raibh láimhseáil an cháis an-lochtach. Ghabh Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí sa tuaisceart leithscéal léi.[4] In 2018, d’fhoilsigh Ombudsman na bPóilíní i dTuaisceart Éireann tuairisc a dúirt gur chlis an PSNI uirthi. Ghabh an Príomh-Chonstábla George Hamilton leithscéal léi thar ceann an fhórsa.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Clár Spotlight, BBC NI (2014). "A Woman Alone with the IRA" (as en).
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Cathal Mac Coille (21 Deireadh Fómhair 2023). "Géarchuntas Máiría Cahill ar an bhfeall fuarchroíoch a rinneadh uirthi" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-21.
- ↑ Newstalk (2023). "Máiría Cahill on her new memoir 'Rough Beast'". www.google.com. Dáta rochtana: 2023-10-21.
- ↑ Cianan Brennan (2015-05-22). "Northern Irish justice system apologises to Mairia Cahill over handling of her case" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2023-10-21.