Jump to content

Mí-úsáid ghnéis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Físeán ó MIT Media Lab... oscail é
Agóid sna Stáit Aontaithe, 2018

Tarlaíonn mí-úsáid ghnéisdrochúsáid ghnéasach nuair a ionsaítear fear, beanleanbh go mígheanasach.[1]

  • Tarlaíonn ionsaí gnéis tromchúiseach nó ‘tromionsaí gnéasach’ nuair a fhulaingíonn an t-íospartach foréigean tromchúiseach, bagairt foréigin thromchúisigh, drochghortú nó uirísliú, le linn ionsaithe gnéis.
  • Tarlaíonn 'éigniú'[2] le linn ionsaithe gnéis, nuair a threánn péineas, dá laghad an treá, an béal nó poll tóna, nó nuair a threánn uirlis á coinneáil ag duine eile, an fhaighin, dá laghad an treá.  
  • Tarlaíonn éigniú nuair a dhéanann fear lánúnas collaí neamhdhleathach le bean nach dtoilíonn leis an lánúnas tráth a dhéanta – i gcásanna dá leithéid is eol don fhear nach dtoilíonn an bhean leis nó is cuma leis í do thoiliú nó gan toiliú leis tráth an lánúnais.
  • I gcás na ndaoine óga, tarlaíonn drochúsáid ghnéasach nuair a bhaineann duine eile úsáid as leanbh dá s(h)ásamh nó dá f(h)loscadh gnéasach féin, nó ar mhaithe le sásamh nó floscadh gnéasach daoine eile.[3]

Drochúsáid ghnéasach in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn 2023-2024, rinneadh 2,400 líomhain faoi dhrochúsáid ghnéasach i mbreis agus 300 scoil in Éirinn idir luath sna 1960ídí agus luath sna 1990ídí, Fiosrúchán Scóipe ar Mhí-úsáid Gnéis i Scoileanna Lae agus Cónaí na nOrd Eaglasta, 2024. Foilsíodh an tuarascáil réamhfhiosrúcháin seo faoi na líomhaintí ar an 3 Meán Fómhair 2024.

In 2025 cheap an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee Michael MacGrath ina chathaoirleach ar an gCoimisiún Imscrúdúcháin faoi dhrochúsáid ghnéasach i scoileanna.[4] Bhunaigh an 34ú Rialtas in 2025 scéim chúitimh chomh maith do dhaoine a d'fhulaing drochúsáid ghnéasach i scoileanna.[5] [6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. victimsofcrimeoffice.ie. "Íospartaigh agus an Dlí". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-06. Dáta rochtana: 2019.
  2. de réir an dlí in Éirinn "faoi alt 4" cf http://www.victimsofcrimeoffice.ie Curtha i gcartlann 2019-05-25 ar an Wayback Machine
  3. tusla.ie. "Treoir Náisiúnta um Thús Áite do leanaí 2011". Dáta rochtana: 2019.
  4. "Coimisiún Imscrúdúcháin á bhunú le líomhaintí stairiúla faoi dhrochúsáid ghnéasach i scoileanna a fhiosrú" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-07-08). Dáta rochtana: 2025-07-08.
  5. Nuacht RTÉ (2025-07-08). "Coimisiún Imscrúdúcháin le bunú faoi mhí-úsáid gnéis i scoileanna" (as ga-IE). 
  6. gov.ie (8 Iúil 2025). "Fógraíonn an tAire McEntee bunú Coimisiúin Imscrúdúcháin faoi dhrochúsáid ghnéasach stairiúil i scoileanna agus ceapadh Cathaoirligh" (ga-IE). gov.ie. Dáta rochtana: 2025-07-08.