Imircigh Éireannacha i Meiriceá i lár an Naoú hAois Déag

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtImircigh Éireannacha i Meiriceá i lár an Naoú hAois Déag
CineálImirce daonna Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe imeachtaÉire Cuir in eagar ar Wikidata
CríochphointeMeiriceá Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata


Ó 18201920, tháinig cúig mhilliún imirceach Éireannach go Meiriceá.[1] Cé gur tháinig an líon is mó d’imircigh Éireannacha thall go Meiriceá i rith tréimhse an Ghorta Mhóir, bhí imircigh Éireannacha ag teacht go Meiriceá roimhe seo. Ó 1820–1840, ba é seo tústréimhse na Réabhlóide Tionsclaíche i Meiriceá.

Ní raibh ráta ard inimirceach toisc go raibh táirgeacht íseal ann agus bhí an tionsclaíocht óg sa tír. Oibrithe oilte den chuid is mó a bhí sna hinimircigh an tráth sin. Ach idir 1846 agus 1920, ba ghá oibrithe neamhoilte a earcú de réir mar a bhí an geilleagar ag fás faoi thionchar na réabhlóide tionsclaíche.[2]

Mheall rath an réabhlóid tionsclaíoch na glúine nua d’inimircigh Éireannach toisc go raibh geilleagar na hÉireann ina phraiseach tar éis an Gorta Mór. Sna 1940idí, b'ionann líon na n-inimirceach Éireannach i Meiriceá agus leath an phobail inimircigh sa tír. Is figiúr suntasach é seo toisc níor éirigh le daonra Éireann dul thar 8.5 milliún duine.[1]

An Pobal Éireannach i Meiriceá[cuir in eagar | athraigh foinse]

Íomhá ag léiriú muintir na hÉireann mar mhoncaí.

Léiríonn taifid na n-inimircigh go Meiriceá gurbh Éireannaigh iad 43% de na leanaí a rugadh in 1850. Bhí an pobal Éireannach ag fás go tapa ach d’fhan na hinimircigh seo sna cathracha móra. D’fhan siad le chéile toisc gurbh iad na hinimircigh is boichte i Meiriceá. Chruthaigh sé seo pobail dlúth, iargúlta as na hÉireannaigh i Meiriceá - an-chosúil leis na pobail sa bhaile as ar tháinig siad.

“Wherever they settled, the Irish kept to themselves to the exclusion of everyone else, and thus were slow to assimilate”[3]

Bhí leitcheal ann i gcoinne na n-inimircigh Éireannacha mar ba oibrithe neamhoilte an chuid is mó dóibh. Bhunaigh Patrick Lynch páipéar nuachta a chuir go mór leis an tsochaí Éireannach nua seo i Meiriceá.[4] Bunaithe in 1849, an chúis a bhí leis an nuachtán seo ná chun a léiriú go raibh na hÉireannaigh díreach chomh héirimiúil céanna leis na himircigh eile. Rinne Lynch iarracht líon a léistheoirí a mhéadú tríd bród na hinimircigh Éireannacha a mhúscailt tríd nuacht maidir le náisiúnachas agus Caitliceachas a scríobh.

Bhunaigh Mícheál Ó Lócháin an chéad irisleabhar a foilsíodh trí mheán na Gaeilge, An Gaodhal sa bhliain 1879 inBrooklyn, Nua-Eabhrac. Nuacht mar gheall ar chúrsaí sa bhaile a bhí ann chomh maith le roinnt filíochta. Chuir sé seo leis an tréimhse Athbheochana i Meiriceá.[5]

Teannas agus coimhlint[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí tionchar nach beag ag na hinimircigh ar an gcaoi inar scaip an pobal ar fud Mheiriceá. In 1820, bhí formhór de phobal na tíre - 93% - ag cónaí i gceantair tuaithe ach faoi 1920, bhí 51% den daonra ag cónaí i gcathracha.[6]

Bhí na hÉireannaigh ag maireachtáil i slumaí beaga ar nós na gcinn sna ‘Five Points’ i Manhattan. Rinne an t-úrscéalaí Charles Dickens cur síos ar an áit seo go minic: “lanes and alleys, paved with mud knee deep.” [7]

Toisc go raibh dlús daonra ard anois ag cónaí an-ghar dá chéile agus droch-choinníollacha maireachtála acu, cruthaíodh go leor teannais agus fadhbanna sóisialta dá bharr. Bhí troideanna ann go minic idir na hinimircigh. Deir Micí Mac Gabhann linn san úrscéal ‘Rotha Mór an tSaoil’ agus é ag maireachtáil in Dawson City “Thigeadh na hÉireannaigh iad féin maith go leor le chéile ach ba mhinic a thiteadh siad amach le daoine as tíortha eile”[8]. Ní raibh an teannas srianta go Manhattan amháin. I gCathair Nua-Eabhrac sa bhliain 1859, b’ionann 55% de na daoine a gabhadh ag na póilíní agus daoine le bunús Éireannach.[1] Tharraing na hÉireannaigh droch-cháil orthu fhéin de bharr na fadhbanna sóisialta seo.

Slí bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mianadóirí ag dreapadh Bearnas Chilkoot i Mí Meán Fómhair 1898.

Idir 1852-1921, b’ionann mná agus 50.1% de na hinimircigh Éireannacha i Meiriceá agus i gCeanada.[9] Na poist a bhí ag mná Éireannacha don mórchuid ná cinn a bhain le hobair tí agus seirbhísí poiblí. Ag teacht an 20ú haois áfach, bhí céatadán níos mó de mná ag obair san earnáil déantúsaíochta ná fir – 35.6% i gcomparáid le 33.8% (lch 1008). Seans go léiríonn sé seo an riachtanas a bhí ann i Meiriceá i gcomhair éadaí agus teicstílí. Rinne na fir pé obair a bhí ar fáil sa réabhlóid tionsclaíoch mar shampla, obair ar an iarnród, i monarcha nó na dugaí. Tháinig borradh ar mhianadóireacht óir go háirithe in iarthar na tíre ar nós Klondike agus Dawson City ag deireadh an naoú haois déag. Mheall sé seo imircigh as gach tír ar nós Mhicí Mhic Gabhann i "Rotha Mór an tSaoil". Déanann sé cur síos ar na coinníollacha agus é ag tabhairt faoin obair: “D’obair muid linn, séasúr i ndiaidh séasúir, san áit chéanna agus má bhí an obair cruaidh contúirteach féin, bhí saol neamhbhuartha go leor againn. Bhí cábáin bhreátha ghlana againn agus neart ábhair tine”[8] Tá tuairimí faoi leith faoin áit áfach ag Ethel Berry a raibh leasainm ‘bride of the Klondike’ uirthi. Dúirt sí gur dheacair an áit é chun maireachtáil go háirithe i gcomhair mná toisc go raibh ort oighir a leá chun cith a thógáil sa Gheimhreadh.[10]

Éireannaigh ag troid i gCogadh Cathartha Mheiriceá[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saighdiúirí ón 69ú Reisimint Choisithe ag Aifreann le linn an Chogaidh Chathartha

Ghlac beagnach 150,000 Éireannaigh páirt sa Chogadh Cathartha i Meiriceá ar thaobh an Aontais.[11] Tá go leor cuntais ann a deir gur throid na hÉireannaigh go fíochmhar agus le crógacht – go háirithe an 69ú Reisimint Nua-Eabhrac ‘The Fighting 69th’[3] a throid in Gettysburg agus Fredericksburg.

Bhí neart fáthanna gur throid Éireannaigh sa chogadh seo. Dar le Burton agus Kohl, bhí roinnt díobh a bhí mar bhaill den Bhráithreachas Gael-Mheiriceánach nó na Fíníní a bhí mar eagraíocht náisiúnach. Bhí na hÉireannaigh seo ag troid sa chogadh chun taithí agus traenáil a fháil ionas go mbeadh siad in ann é seo a úsáid i gCogadh na Saoirse sa todhchaí i gcoinne na Breataine.

Fáthanna eile gur throid Éireannaigh sa chogadh seo ná, chun airgead reatha a thuilleamh, chun Meiriceá a choimeád mar thearmann d'Éireannaigh amach anseo. Bhraith roinnt Éireannach gur thug sé seo deis do phobal na hÉireann i Meiriceá chun comaoin a chúiteamh le muintir Mheiriceá, cé nach bhfuil taifead ann de seo i litreacha na saighdiúirí Éireannacha.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Irish Immigrants in the United States(en)
  2. Sukkoo Kim (2007/02). "Immigration, Industrial Revolution and Urban Growth in the United States, 1820-1920: Factor Endowments, Technology and Geography" (as en). 
  3. 3.0 3.1 Irish Potato Famine(en)
  4. Bergquist, James M. (2008). "Daily Life In Immigrant America, 1820-1870". Greenwood Publishing Group. Dáta rochtana: 27/04/14. 
  5. The Gaelic Revival in the US in the nineteenth century(en)
  6. https://www.mcgill.ca/files/economics/sokspaper.pdf Immigration, Industrial Revolution and Urban Growth in the United States, 1820-1920: Factor Endowments, Technology and Geography PDF(en)
  7. Hanners, John (1993). ""It Was Play Or Starve":Acting In The Nineteenth Century American Popular Theatre". Popular Press. Dáta rochtana: 26/04/14. 
  8. 8.0 8.1 Mac Gabhann, Micí (1996). "Rotha Mór an tSaoil". Indreabhán, Co. na Gaillimhe: Cló Iar-Chonnachta. Dáta rochtana: 27/04/14. 
  9. Jackson, Pauline. "Women In 19th Century Irish Emigration". The Centre Of Migration Studies of New York, Inc.. Dáta rochtana: 26/04/14. 
  10. Irish Roots (2009 Number 4). "From Galway to the Gold Rush - Irish Heritage Club" (en). yumpu.com. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  11. Ural, Sussanah J. (1993). "Civil War Citizens: Race, Ethnicity, and Identity in America’s Bloodiest Conflict". NYU Press. Dáta rochtana: 27/04/14.