An Gaodhal
| Cineál | irisleabhar |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Teanga | an Ghaeilge |
| Am tosaigh | 1879 |
| Áit a fhoilsithe | Brooklyn |
| Tréith | |
| Eatramh foilsithe | Míosachán |
| Eagrán | 146 |
Is é An Gaodhal (litriú nua: "An Gael") an chéad nuachtán a foilsíodh ariamh i nGaeilge. Bhunaigh Mícheál Ó Lócháin, imirceach arb as Gaillimh ó dhúchas dó, an foilseachán lena airgead féin i mBrooklyn, Nua-Eabhrac, sa bhliain 1879. Cuireadh críoch leis an irisleabhar sa bhliain 1904.[1]
I measc na n-ábhar a bhíodh le léamh air tá béaloideas, litreacha, amhráin agus ábhar d'fhoghlaimeoirí Gaeilge, chomh maith le nuacht faoi Éireann. Deir an taighdeoir Deirdre Ní Chonghaile go mbíodh lucht a léite "tugtha go mór do na ceisteanna talún, ceisteanna teanga, agus ceisteanna saoirse".[1]
Cé gur ar phobal Gaeilge Mheiriceá a bhí sé dírithe, bhí lucht léitheoireachta idirnáisiúnta ag An Gaodhal – "Ó Brooklyn go Cathair San Proinsias, agus ó Mheicsiceo go dtí an Astráil" bhí daoine á cheannach. Nuachtán míosúil a bhí ann a bhí dírithe ar chainteoirí Gaeilge ach bhíodh na colúin scríofa i nGaeilge agus i mBéarla, agus iad leagtha amach taobh le taobh, cur chuige a bhí in úsáid ag an am ag foilseacháin i dteangacha eile i Meiriceá freisin.[1]
Bhí cúrsaíocht i bhfad ní ba mhó ag An Gaodhal ná mar a bhí ag Irisleabhar na Gaedhilge. Meascán daoine a bhíodh á léamh dar le Ní Chonghaile, "cuid acu, b'fhéidir gur dream iad a mbeadh pianó sa bhaile acu agus cuid eile a bhí ag glanadh na sráideanna." Chuaigh Ó Lócháin i muinín na fógraíochta agus sínteoirí chun an foilseachán a mhaoiniú.[1]
Dúirt Tomás Bán Ó Concheanainn, an chéad timire ar cheap Conradh na Gaeilge riamh, go bhfaca sé an Ghaeilge i gcló don chéad uair riamh nuair a chonaic sé An Gaodhal ar sheastán i Meicsiceo.[1]
Fuair Ó Lócháin bás in 1899 agus ceapadh duine eile le teacht i gcomharbacht air mar eagarthóir, duine gan Ghaeilge. Cuireadh críoch leis an irisleabhar sa bhliain 1904.[1]
Chuir foireann taighdeoirí ó Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Nua-Eabhrac cartlann digiteach den fhoilseachán ar líne i 2026.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cartlann ar líne
- An Gaodhal - Feabhra 1883[nasc briste go buan] leagan digiteach (PDF)
- UCC.ie - "The Gaelic Revival In The U.S. In The Nineteenth Century" agus "An Gaodhal" As Béarla
Léitheoireacht bhreise
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ó Buachalla, Breandán, ’An Gaodhal i Meiriceá’ in Go Meiriceá Siar, Stiofán Ó hAnnracháin (ed.). An Clóchomhar Teo. 1979
- Ó Dochartaigh, Liam, ‘Nótaí ar ghluaiseacht na Gaeilge i Meiriceá, 1872 – 1891’ in Go Meiriceá Siar, Stiofán Ó hAnnracháin (eag.). An Clóchomhar Teo. 1979
- Uí Fhlannagáin, Fionnuala. Mícheál Ó Lócháin agus “An Gaodhal”. An Clóchomhar Teo. 1990
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 5 6 7 Éanna Ó Caollaí (3 Feabhra 2026). "An Gaodhal – an chéad nuachtán Gaeilge riamh". The Irish Times.
| Is síol faoi nuachtán nó irisleabhar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Leathanaigh le naisc seachtrach briste from Meán Fómhair 2022
- Síolta a bhaineann le nuachtáin
- Irisí Gaeilge
- Irisí nuachta
- Irisí liteartha
- Irisí liteartha i nGaeilge
- Irisí nuachta i nGaeilge
- Nuachtáin na Gaeilge
- Nuachtáin Mheiriceánacha
- Tréimhseacháin Mheiriceánacha
- Meáin diaspóra na hÉireann
- Míosacháin
- Brooklyn
- Stair Nua-Eabhrac
- Bunaithe sa bhliain 1881
- Bunaithe sna 1880í