Mícheál Ó Lócháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Bhí Mícheál Ó Lócháin (1836 – 1899) ar na gníomhaithe Gaeilge ab éifeachtaí sna Stáit Aontaithe. Eisean a bhunaigh an chéad iris a raibh mórán Gaeilge le léamh inti.

Rugadh é i gCurrach Doire, Baile an Mhuillinn, Contae na Gaillimhe. De mhuintir Oisín (Hession) ó Gharraí Mór an tSléibhe i gContae Mhaigh Eo ba ea a mháthair. Is dócha nach raibh aon Bhéarla aici. Níl aon amhras ná gur chainteoir dúchais Gaeilge é Mícheál Ó Lócháin, agus bhí Béarla aige freisin. Bhí sé ag freastal ar scoil sa cheantar go dtí an bhliain 1854, agus seans go ndeachaigh sé chun ceann de scoileanna neamhspleácha Sheáin Mhic Héil.[1]

Bhain sé Meiriceá amach sa bhliain 1870, agus deirtear go bhfuair sé a chéad phost ann mar mhúinteoir scoile.[2] Sa bhliain 1872 scríobh sé chun The Irish World, nuachtán Gael-Mheiriceánach, faoi “the necessity of preserving the Irish language in order to preserve Irish nationality”. Mhol sé go gcuirfí ranganna agus cumainn ar bun chuige. An bhliain chéanna bhunaigh sé rang “Philo-Celtic” do dhaoine fásta sa scoil Chaitliceach in Brooklyn mar a raibh sé ina mhúinteoir.[3] Uaidh seo a d’eascair craobhacha de Chumann Carad na Gaeilge i mBostún, in Brooklyn agus i Nua Eabhrac.[4]

Sa bhliain 1881 bhunaigh an Lóchánach An Gaodhal, iris dhátheangach an Chumainn. Mhair sí anuas go dtí an bhliain 1904 agus tháinig ar ais anois agus arís ina dhiaidh sin nó gur bunaíodh An Gael sa bhliain 2009.[5] Tháinig a lán ábhair ó pheann an Lóchánaigh ar an iris agus é idir bhríomhar agus throdach.[6]

Idir na blianta 1878 agus 1899 bhí craobhacha den Chumann á gcur ar bun ar fud na Stát, cé nach mó ná sásta a bhí an Lóchánach toisc tús áite a bheith á thabhairt don chuidiúlacht ar an nGaeilge.[7] Sa bhliain thug Dubhghlas de hÍde cuairt ar na Stáit agus fuair rang de chuid an Chumainn sa Bowery a bhí lán de Ghaeilgeoirí.[8] B’fhéidir go ndeachaigh sé sin i bhfeidhm air agus é ag cuidiú le Conradh na Gaeilge a chur ar bun sa bhliain 1893.[9]

Cailleadh an Lóchánach sa bhliain 1899 agus cuireadh é i Reilig na Croise Naofa in Brooklyn.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Uí Fhlannagáin, lgh 11-13
  2. Uí Fhlannagáin, lgh 14
  3. Ó Buachalla, p. 38
  4. Ui Fhlannagáin, p. 65
  5. Stair Chumann Carad na Gaeilge http://www.philo-celtic.com/history.html
  6. Ó Dochartaigh, p. 69
  7. Stair Chumann Carad na Gaeilge http://www.philo-celtic.com/history.html
  8. Ó Dochartaigh, p. 77
  9. Ó Dochartaigh, p. 66

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ó Buachalla, Breandán, ’An Gaodhal i Meiriceá’ in Go Meiriceá Siar, Stíofán Ó hAnnracháin (ed.). An Clóchomhar Teo. 1979
  • Ó Dochartaigh, Liam, ‘Nótaí ar ghluaiseacht na Gaeilge i Meiriceá, 1872 – 1891’ in Go Meiriceá Siar, Stíofán Ó hAnnracháin (ed.). An Clóchomhar Teo. 1979
  • Uí Fhlannagáin, Fionnuala. Mícheál Ó Lócháin agus “An Gaodhal”. An Clóchomhar Teo. 1990