Charles Dickens

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Charles Dickens
Charles Dickens 3.jpg
Dáta breithe 7 Feabhra 1812
  Portsmouth, Sasana
Dáta báis 9 Meitheamh 1870
  Higham, Kent, Sasana
Náisiúntacht Sasanach
Gairm Úrscéalaí
Síniú
Charles Dickens Signature.svg

Ba é Charles John Huffam Dickens (7 Feabhra 1812 - 9 Meitheamh 1870) an scríbhneoir Béarla ba mhó le rá i ré an Victeoirianachais. Scríobhadh sé úrscéalta lán daoine as an ngnáth agus imeachtaí barrúla, agus é á bhfoilsiú i bhfoirm sraithe. Scríbhneoir mór-ráchairte a bhí ann lena linn féin, agus ní dheachaigh a chuid leabhar as cló riamh i ndiaidh a bháis ach an oiread.

Cuireadh Gaeilge ar thrí úrscéal le Dickens. Ba é Seán Mac Maoláin a d'aistrigh A Tale of Two Cities faoin teideal Scéal fá Dhá Chathair (is é sin, Scéal faoi Dhá Chathair sa Chaighdeán), agus chuir Seán Ó Ruadháin Gaeilge ar David Copperfield. Bhí Gaeilge Uladh ag aistritheoir an chéad leabhar acu, agus ba as Contae Mhaigh Eo don Ruadhánach, rud a chiallaíonn go bhfuil an dá aistriúchán Gaeilge difriúil go leor le chéile ó thaobh na canúna de. D'aistrigh An t-Athair Pádraig Ua Duinnín an leabhar A Christmas Carol faoin teideal Duan na Nodlag.

A Shaol[athraigh | edit source]

Tháinig Charles Dickens chun saoil i Landport in aice le Portsmouth - is cuid de chathair Portsmouth inniu é. Bhí sé ar an dara duine ba sine den ochtar clainne dár saolaíodh dá thuismitheoirí. Bhí a athair, John Dickens, ag obair in oifig pá an chabhlaigh i bPortsmouth, agus Elizabeth Barrow a bhí ar a mháthair. Nuair a bhí sé cúig bliana d'aois, d'aistrigh an teaghlach go Chatham i gKent, agus sa bhliain 1822, nuair a bhí deich mbliana slánaithe aige, shocraigh siad síos i gCamden Town.

Dealraíonn sé nach raibh sé in aon chruachás ina chéad óige, ach mar sin féin, ba nós leis a rá nár tugadh aire cheart dó nuair a bhí sé óg. Choinnigh sé cuimhne chruinn ar imeachtaí a óige, rud a cheadaigh dó cur síos inchreidte a thabhairt ar smaointí páistí ina chuid úrscéalta. Cé gur minic a bhíodh sé ag súgradh amuigh nuair a bhí sé óg, bhí sé tugtha don léitheoireacht freisin, go háirithe d'úrscéalta rógaireachta Henry Fielding agus Tobias Smollett. Bhí a thuismitheoirí ina suí go socair nuair a bhí sé ina bhuachaill bheag, rud a cheadaigh dó oideachas éigin a fháil i Scoil William Giles i Chatham.

Tháinig deireadh tobann leis an saol seo, áfach, nó ní raibh John Dickens in ann bainistí cheart a dhéanamh ar a chuid airgid. Fuarthas dócmhainneach é, agus cuireadh i mbraighdeanas é i bpríosún na bhféichiúnaithe i Marshalsea - san am sin, bhí sé coitianta téarma príosúnachta a ghearradh d'fhéichiúnaithe dócmhainneacha. Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh an teaghlach go léir go Marshalsea freisin, ó nach raibh lóistín eile ar fáil - ba é Charles óg an t-aon duine acu nach ndeachaigh sa phríosún, ó bhí Elizabeth Roylance, cara de chuid an teaghlaigh, sásta dídean a thabhairt dó i gCamden Town. Chuaigh eachtra an phríosúin go mór i bhfeidhm ar Charles mar sin féin, agus bhain sé an-ghaisneas as na cuimhní seo sa chur síos a thug sé ar phríosún na bhféichiúnaithe ina úrscéal Little Dorrit.

Go gairid roimh chimiú a athar, áfach, thosaigh Charles ag obair i monarcha snasán bróg, Warren's Blacking Warehouse, i Hungerford Stairs, timpeall ar an áit a bhfuil stáisiún traenach Charing Cross inniu. Bhí sé ag saothrú sé scillinge an tseachtain ag greamú lipéid de phrócaí snasán bróg. Obair throm chruálach a bhí ann a chuaigh go mór mór i bhfeidhm ar Charles óg, agus is iomaí uair a chaith sé súil ar shaol na bpáistí a bhí ag obair i monarchana na linne i Sasana ina chuid úrscéalta. Tharraing saoltaithí an oibrí páiste súil an scríbhneora ar chúrsaí an tsaoil oibre agus ar na fadhbanna sóisialta a bhí ag baint leis an obair thionsclaíoch sa tír.

Ní raibh Charles óg i bhfad ag obair sa mhonarcha, nuair a fuair máthair a athar, Elizabeth Dickens, bás. D'fhág sí ceithre chéad agus deich bpunt is dhá scór mar oidhreacht ag a mac, ionas go raibh athair Charles in ann leabhar a chuid fiach a ghlanadh agus príosún na bhféichiúnaithe a fhágáil. D'fhan Charles óg tamall i monarcha na snasán bróg ina dhiaidh sin féin, agus ghlac sé col lena mháthair toisc nár chuir sí deireadh leis an téarma oibre sin ar an toirt. Is é an dearcadh a bhí ag Charles ar na cúrsaí teaghlaigh ina dhiaidh sin gur chóir don fhear bheith i gceannas ar an líon tí, agus ní bhíodh muinín aige as na mná.

Tharraing sé ar chuimhní na tréimhse seo go mór mór nuair a scríobh sé a úrscéal David Copperfield. Ba é an saothar ab ansa leis an scríbhneoir féin, agus ní raibh aon leabhar eile leis chomh saibhir céanna in ábhar dírbheathaisnéiseach.

I ndiaidh dó slán a fhágáil ag an monarcha chuaigh Charles óg ag staidéar i scoil chónaithe i dTuaisceart Londan, mar atá, Wellington House Academy. Ní raibh an áit thar moladh beirte mar scoil, nó bhí an mhúinteoireacht go dona, agus an príomhoide ag céasadh na ndaltaí, gan trácht a dhéanamh ar an meath a tháinig ar an bhfoirgneamh féin. Na drochscoileanna cónaithe a bhíonn coitianta go leor i saothar Dickens, is léir go bhfuil siad go léir bunaithe ar a bhfaca an scríbhneoir sa Wellington House Academy.

Sa bhliain 1827 thosaigh Dickens ag obair ina mhionchléireach in oifig dlíodóirí, agus i ndiaidh dó gearrscríbhneoireacht a dhéanamh d'fhág sé an comhlacht le dul le ceird an tsaorthuairisceora ag tabhairt cur síos ar imeachtaí cúirte. Chaith sé na blianta fada i mbun na hoibre seo, agus tháinig tuiscint aige ar chruachás na ndaoine bochta a raibh de cheann dána iontu dul ar lorg a gcirt ón dlí. Is féidir tionchar na mblianta sin a aithint ar úrscéalta cosúil le Nicholas Nickleby, Dombey and Son, agus Bleak House thar aon leabhar eile: is é is ábhar don úrscéal seo ná ábhar aiféiseach dlí, "Jarndyce in aghaidh Jarndyce" a mhaireann i gcaingean ar feadh na gcéadta blian.