Máire Mhic Giolla Íosa
Máire Mhic Giolla Íosa | |||||
---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||
Samhain 11, 1997 - Samhain 10, 2011 ← Máire Mhic Róibín - Mícheál D. Ó hUiginn → | |||||
Saol | |||||
Eolas breithe | Béal Feirste, 27 Meitheamh 1951 (71 bliain d’aois) | ||||
Náisiúntacht | Éire | ||||
Muintir | |||||
Céile/Céilí | Martin McAleese (1976 - | ||||
Oideachas | |||||
Alma mater | Ollscoil na Banríona, Béal Feirste | ||||
Teangacha | an Béarla | ||||
Gairm | |||||
Gairm | polaiteoir, iriseoir, scríbhneoir, múinteoir ollscoile agus abhcóide | ||||
Fostóirí | Ollscoil na Banríona, Béal Feirste | ||||
Duaiseanna | |||||
Cleamhnú | |||||
Reiligiúin | Eaglais Chaitliceach Rómhánach | ||||
Páirtithe polaitíochta | Fianna Fáil | ||||
![]() |
Ba í Máire Pádraigín Mhic Giolla Íosa nó Mary McAleese (27 Meitheamh 1951 i mBéal Feirste a rugadh í) ina ochtú hUachtarán ar Éirinn ó 1997 go 2011.[1]
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Saolaíodh Máire Pádraigín Ní Lionnacháin in Ard Eoin i mBéal Feirste ar an 27 Meitheamh, 1951, an duine is sine de naonúr clainne: ba í an chéad uachtarán a rugadh agus a tógadh i dTuaisceart Éireann. Is Caitliceach í. Bhí na Trioblóidí faoi lán seoil agus í ag fás aníos, agus chuir dílseoirí iachall ar mhuintir Uí Lionnacháin ceantar Ard Eoin a fhágáil.
Bhain Máire céim le dlí amach ó Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste sa bhliain 1973 agus glaodh chun Barra Thuaisceart Éireann í sa bhliain 1974. Sa bhliain 1975, ceapadh í mar Ollamh Reid le Dlí Coiriúil, Coireolaíocht agus Pionóseolaíocht i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Sa bhliain 1976 phós sí an Dr. Máirtín Mac Giolla Íosa, cuntasóir agus fiaclóir. Tá triúr clainne orthu, Emma, a rugadh sa bhliain 1982 agus cúpla, Justin agus SaraMai, a rugadh sa bhliain 1985.
D'fhill sí ar Ollscoil na Ríona sa bhliain 1987 nuair a ceapadh í mar Stiúrthóir ar Institiúid an Léinn Dlí Ghairmiúil. Bhí sí ina hiarrthóir d'Fhianna Fáil in olltoghcán 1987, ach níor toghadh í. Sa bhliain 1994, ceapadh í mar an chéad Leas-Seansailéir Cúnta mná riamh ar Ollscoil na Ríona Béal Feirste.
D'oibrigh sí mar iriseoir cúrsaí reatha agus mar láithreoir raidió agus teilifíse le Radio Teilifís Éireann.
Uachtarán[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa bhliain 1997 bhuail Máire Mhic Giolla Íosa iar-Thaoiseach Ailbhe Mac Raghnaill agus roghnaíodh mar iarrthóir Fhianna Fáil don Uachtaránacht í. Toghadh í mar uachtarán sa bhliain 1997. Ar 11 Samhain insealbhaíodh Máire Mhic Giolla Íosa mar ochtú Uachtarán na hÉireann. Tháinig sí i gcomharbas ar Mháire Mhic Roibín. "Droichid a thogáil" an téama a bhain lena huachtaránacht dar léi.
Átoghadh Máire Mhic Giolla Íosa ar an 1 Deireadh Fómhair 2004: ba í an t-aon iarrthóir a bhí ainmnithe go bailí.
Postanna eile[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Stiúrthóir Cainéal Teilifíse Channel 4.
- Stiúrthóir, Northern Ireland Electricity.
- Stiúrthóir, Royal Group of Hospitals Trust.
- Toscaire chuig Comhdháil an Tí Bháin i 1995 ar Thrádáil agus Infheistíocht in Éirinn agus an Chomhdháil leantach i bPittsburgh i 1996.
- Comhalta de thoscaireacht na hEaglaise Caitlicí i 1996 chuig Coimisiún an Tuaiscirt ar Pharáideanna Conspóideacha.
- Comhalta de Thoscaireacht Easpagach na hEaglaise Caitlicí chuig Fóram Nua-Éireann i 1984.
- Comhalta bunaidh de Choimisiún na hÉireann um Príosúnaigh Thar Lear.
Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Máire Mhic Giolla Íosa: Beathaisnéis, Ray Mac Mánais. (aistrithe go Béarla mar The Road From Ardoyne: The Making Of A President')
- Mary McAleese-The Outsider: An Unauthorised Biography, Justine McCarthy, Dublin, Blackwater Press, 1999
- First citizen: Mary McAleese and the Irish Presidency, Patsy McGarry, Dublin, O'Brien Press, 2008
Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Beathaisnéis oifigiúil
- (Agallamh BBC, 2/3/2003)
- Óráid: AIF Humanitarian Award Curtha i gcartlann 2010-06-12 ar an Wayback Machine
- Sliocht as beathaisnéis Mhic Mhánais[nasc briste go buan]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Childrens Section Who Past". president.ie. Dáta rochtana: 2020-05-19.