Jump to content

Tony Gregory

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTony Gregory
Beathaisnéis
Breith5 Nollaig 1947
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Eanáir 2009
61 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
14 Meitheamh 2007 – 2 Eanáir 2009
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil


Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: Éire

22 Eanáir 2007 – 26 Eanáir 2009
Teachta Dála
6 Meitheamh 2002 – 26 Aibreán 2007 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 29ú Dáil


Teachta Dála
26 Meitheamh 1997 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 28ú Dáil


Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: Éire

27 Eanáir 1997 – 24 Eanáir 2005
Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: Éire

30 Eanáir 1995 – 10 Eanáir 1996
Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: Éire

24 Márta 1993 – 11 Aibreán 1994
Teachta Dála
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 27ú Dáil


Teachta Dála
29 Meitheamh 1989 – 5 Samhain 1992 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 26ú Dáil


Teachta Dála
10 Márta 1987 – 25 Bealtaine 1989 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 25ú Dáil


Teachta Dála
14 Nollaig 1982 – 20 Eanáir 1987 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 24ú Dáil


Teachta Dála
9 Márta 1982 – 4 Samhain 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 23ú Dáil


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Ba Theachta Dála neamhspleách de chuid dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir é Tony Gregory (5 Nollaig 1947 - 2 Eanáir 2009[1]). Toghadh é an chéad uair i bhFeabhra 1982 agus d'éirigh leis an suíochán sin a choinneáil go lá a bháis. Bhí sé ar dhuine de na Teachtaí Dála ba cháiliúla go náisiúnta, cé nár ghlac sé páirt in aon rialtas le linn dó a bheith ina pholaiteoir gairmiúil.

Óige agus saol réamhpholaitiúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh é do Tony Gregory Snr., fánaí ar dhuganna Bhaile Átha Cliath agus d'Ellen Judge arbh as feirm bheag in Uíbh Fhailí í. Dúirt sé nuair a bhí sé ina Theachta Dála, gur spreag bochtaineacht a thuistí é le dul le polaitíocht agus ba í a mháthair an duine ba mhó tionchar air go dtí gur bhásaigh sí i 1969. Ghnóthaigh sé scoláireacht nuair a bhí sé óg, rud a chiallaigh go raibh sé in ann freastal ar Mheánscoil Uí Chonaill ar Shráid Richmond Thuaidh, nuair ba bheag duine den lucht oibre ón gceantar sin a bhí in ann oideachas dara leibhéal a fháil mar gheall ar an gcostas. Chaith sé tréimhsí ag obair i Sasana le híoc as a oideachas ollscoile, rud a fuair sé i UCD, agus mhaígh sé féin nár ghlac sé aon pháirt i saol sóisialta na hollscoile mar gheall ar an gcoimhthíos a mhothaigh sé i measc na meánaicme ansin.[2]

D'oibrigh sé mar mhúinteoir Fraincise agus staire i gColáiste Eoin i Stigh Lorgan i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht. Bhí sé ina bhall de Shinn Féin Oifigiúil agus de Pháirtí Poblachtach Sóisialach na hÉireann ar dtús, ach toghadh é mar ionadaí neamhspleách chun na Dála. Toghadh é mar chomhairleoir cathrach ar dtús i 1979, post a choinnigh sé go dtí 2004.

Margadh Gregory agus a shaol polaitiúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain sé cáil náisiúnta amach sa bhliain inar toghadh é chun na Dála an chéad uair, nuair a d'éirigh leis méid mór gealltanas agus airgid a fháil dá dháilcheantar féin ó rialtas Chathail Uí Eochaidh, ceantar a bhí thíos go mór le bochtaineacht agus faillí san am sin. Ba ghá dóibh brath ar a vóta sa Dáil chun móramh rialtais a chruthú, rud ar tugadh "Margadh Gregory" air go coitianta. Ach thit rialtas Uí Eochaidh as a chéile ag deireadh na bliana céanna agus níor cuireadh cuid mhaith den mhargadh i bhfeidhm dá bharr. D'fhan sé ina ghníomhaíoch pobail aitheanta ina dhiaidh sin, go háirithe i gcoinne fhadhb na ndrugaí agus i gcur chun cinn ceartais shóisialta ina dháilcheantar féin. D'íoc sé go daor as a sheasamh polaitiúil ar son na dtrádálaithe sráide i mBaile Átha Cliath nuair a cuireadh i bpríosún é ar feadh roinnt seachtainí tar éis dó a bheith páirteach in agóidí ar a son i 1986. Bhí sé go mór i gcoinne spórt fola chomh maith agus chuir sé bille chun cinn sa Dáil sna 1990idí chun cosc a chur air, ach níor éirigh leis an iarracht.

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor phós sé riamh cé go raibh páirtí aige darb ainm Annette agus chónaigh sé go lá a bháis lena aon deartháir, Noel, ag Gairdíní Sackville, sa Bhaile Bocht.

Fuair sé bás ó ailse bhoilg ar 2 Eanáir 2009 i ndiaidh dó a bheith go dona tinn le fada.[3]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]