Micheál Ó Nuanáin
Micheál Ó Nuanáin | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Meitheamh 30, 1981 - Eanáir 27, 1982 District: Limerick East (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann, 1981
Márta 9, 1982 - Samhain 4, 1982 District: Limerick East (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann, Feabhra 1982
Nollaig 14, 1982 - Feabhra 14, 1986 ← Seán Ó Dochartaigh - Ailéin de Diúc →
Nollaig 14, 1982 - Eanáir 20, 1987 District: Limerick East (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann, Samhain 1982
Feabhra 14, 1986 - Márta 10, 1987 ← Seán de Briotún - Ailbhe Mac Raghnaill →
Eanáir 20, 1987 - Márta 10, 1987 ← Risteard Mac An Earraigh - Ray Burke (en) ![]()
Márta 10, 1987 - Bealtaine 25, 1989 District: Limerick East (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann, 1987
Meitheamh 29, 1989 - Samhain 5, 1992 District: Limerick East (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann, 1989
Nollaig 14, 1992 - Bealtaine 15, 1997 District: Limerick East (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann, 1992
Nollaig 15, 1994 - Meitheamh 26, 1997 ← Michael Woods (en) ![]()
Meitheamh 26, 1997 - Aibreán 25, 2002 District: Limerick East (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann, 1997
Feabhra 9, 2001 - Meitheamh 5, 2002 ← Seán de Briotún - Éanna Ó Coinnigh →
Feabhra 9, 2001 - Meitheamh 5, 2002 ← Seán de Briotún - Éanna Ó Coinnigh →
Meitheamh 6, 2002 - Aibreán 26, 2007 District: Limerick East (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann, 2002
Meitheamh 14, 2007 - Feabhra 1, 2011 District: Limerick East (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann, 2007
Márta 9, 2011 - Meitheamh 14, 2017 ← Brian Seosamh Ó Luineacháin - Paschal Donohoe →
Márta 9, 2011 - Feabhra 3, 2016 District: Cathair Luimneach Election: Olltoghchán na hÉireann 2011
Márta 10, 2016 - Eanáir 14, 2020 District: Cathair Luimneach Election: Olltoghchán 2016 in Éirinn | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Saol | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ainm iomlán | Michael James Noonan | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eolas breithe | Luimneach, Bealtaine 21, 1943(77 bliain d’aois) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Náisiúntacht | Éire | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Oideachas | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Alma mater |
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Coláiste Phádraig, Droim Conrach | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gairm | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gairm | polaiteoir agus múinteoir | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Creideamh | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Páirtithe polaitíochta | Fine Gael |
Is polaiteoir Éireannach agus iar-cheannaire de chuid Fhine Gael é Micheál Ó Nuanáin (Béarla: Michael Noonan) a rugadh ar 21 Bealtaine 1943. Is Teachta Dála é do dháilcheantar Luimnigh Thoir. Ceapadh mar aire é i rialtas Ghearóid Mac Gearailt agus i rialtas Shéain de Briotún.
Rugadh Ó Nuanáin i gcathair Luimnigh agus fuair sé a chuid scolaíochta go háitiúil. Cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Mhúin sé i Crescent College i Luimneach. Toghadh mar chomhairleoir contae é sa bhliain 1974.
Toghadh mar Theachta Dála é in olltoghchán na bliana 1981 agus atoghadh é i ngach olltoghchán as sin amach. Ceapadh é mar Aire Cirt sa bhliain 1982. Mar aire, chuir sé scéal faoin gcúléisteacht teileafóin mídhleathach a bhí ar siúl ag rialtas Chathail Uí Eochaidh os comhair an phobail. Ceapadh é mar Aire Tionscail, Tráchtála agus Trádála sa bhliain 1986. Tugadh cúraimí na Roinne Fuinnimh dó tar éis do Pháirtí an Lucht Oibre an rialtas a fhágáil. Bhí Fine Gael sa fhreasúra ó 1987 go dtí 1994. Bhí Ó Nuanáin ar an mbinse tosaigh i gcónaí, mar urlabhraí Airgeadais agus mar urlabhraí Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide ina dhiaidh sin.
Bunaíodh an comhrialtas bogha ceatha sa bhliain 1994 sin agus ceapadh Ó Nuanáin mar Aire Sláinte. Bhí conspóid maidir le táirgí fola galracha ann agus é ina Aire Sláinte. Tholg roinnt daoine heipitíteas tar éis dóibh fuilaistrithe a fháil. Ba í Seirbhís Fuilaistriúchán na hÉireann a bhí freagrach as an bhfuil agus lean siad ag soláthar fola nuair a bhí a fhios acu go raibh seans ann gur fuil ghalrach a bhí inti. Cáineadh Ó Nuanáin mar gheall ar an tslí a bhí an Roinn Sláinte ag déileáil leis na hothair a bhí ag lorg cúitimh ón stát. Bhí air leithscéal a ghabháil sa Dáil le muintir mná amháin a fuair bás díreach tar éis cúitimh a fháil.
Bhí Fine Gael ar ais sa fhreasúra tar éis olltoghcháin na bliana 1997. Ceapadh Ó Nuanáin mar urlabhraí airgeadais. Ghlac páirtí parlaiminte Fhine Gael le rún mímhuiníne a thug Ó Nuanáin agus a chomhghleacaí, Jim Mitchell, isteach i gcoinne ceannaire an pháirtí, Seán de Briotún, sa bhliain 2001. Thogh an páirtí Ó Nuanáin mar chomharba ar de Briotún.
Bhí toradh tubaisteach ag Fine Gael in olltoghchán 2002. Níor bhuaigh an páirtí ach 31 shuíochán i gcomparáid le 54 a bhí acu roimh an toghchán. D'éirigh Ó Nuanáin as mar cheannaire an pháirtí ar an lá céanna.
Atoghadh é in olltoghchán 2007. Athcheapadh é mar urlabhraí airgeadais Fhine Gael sa bhliain 2010 tar éis teip ar iarracht Richard Bruton ceannaireacht an pháirtí a bhaint ó Éanna Ó Coinnigh. Ceapadh mar Aire Airgeadais é tar éis olltoghchán 2011 i gcomhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre. Tá Ó Nuanáin ag seasamh san Olltoghchán 2016.
Phós sé Florence Knightley, bunmhúinteoir ó Chaisleán na Mainge, Ciarraí sa bhliain 1969. Bhí triúr mac agus beirt iníon acu. Labhair Ó Nuanáin ar chlár teilifíse RTÉ sa bhliain 2010 faoina bhean a bhí ag fulaingt le galar Alzheimer. Fuair a bhean, Florence, bás ar an 23ú Feabhra, 2012 le niúmóine.
I mí Bhealtaine 2017, d'fhogair sé go mbeadh sé ag dul ar scor ag an gcéad olltoghchán eile.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Pages using duplicate arguments in template calls
- Daoine a rugadh i 1943
- Ceannairí Fhine Gael
- Polaiteoirí na hÉireann
- Baill den 22ú Dáil
- Baill den 23ú Dáil
- Baill den 24ú Dáil
- Baill den 25ú Dáil
- Baill den 26ú Dáil
- Baill den 27ú Dáil
- Baill den 28ú Dáil
- Baill den 29ú Dáil
- Baill den 30ú Dáil
- Baill den 31ú Dáil
- Baill den 32ú Dáil
- Iarmhic Léinn Choláiste Phádraig, Droim Conrach
- Daoine as Luimneach
- Múinteoirí Éireannacha
- Daoine beo