Jump to content

Heather Humphreys

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHeather Humphreys

(2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith14 Bealtaine 1960
65 bliana d'aois
An Droim, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
An tAire Dlí agus Cirt
26 Samhain 2022 – 17 Nollaig 2022
← Eiléana Nic an tSaoiSíomón Ó hEarchaí →
An tAire Dlí agus Cirt
27 Aibreán 2021 – 1 Samhain 2021
← Eiléana Nic an tSaoiEiléana Nic an tSaoi →
Aire Coimirce Sóisialaí
27 Meitheamh 2020 – 23 Eanáir 2025
← Ríona Uí DhochartaighDara Calleary →
Minister for Rural and Community Development (en) Aistrigh
27 Meitheamh 2020 – 23 Eanáir 2025
← Michael RingDara Calleary →
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 – 8 Samhain 2024 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: Cabhán–Muineachán

An tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta
30 Samhain 2017 – 27 Meitheamh 2020
← Leo VaradkarLeo Varadkar →
Teachta Dála
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil

Toghcheantar: Cabhán–Muineachán

An tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt
11 Iúil 2014 – 30 Samhain 2017
← Jimmy DeenihanJosepha Madigan →
Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil

Toghcheantar: Cabhán–Muineachán

Faisnéis phearsanta
ReiligiúnPreispitéireachas
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinheatherhumphreys.ie Cuir in eagar ar Wikidata

X: HHumphreysFG Instagram: heatherhumphreys_ Cuir in eagar ar Wikidata

Is iar-Aire Rialtais agus Teachta Dála do cheantar an Chabháin agus Mhuineacháin í Heather Maud Humphreys[1] (née Stewart agus a rugadh ar an 14 Bealtaine 1960).[2] Tá sí ina ball d'Fhine Gael agus iarrthóir Fhine Gael do thoghchán na huachtaránachta sa bhliain 2025.

2019
2024
2012: Clinic Humphreys i Muinchille, Contae an Chabháin

Is as an Droim[3] (Dartraí) in iarthar Chontae Mhuineacháin í agus d'fhás sí aníos ann, ag freastal ar St. Aidan's Comprehensive School i Muinchille.[4]

Ba é a chéad jab ná bheith ag obair mar fhreastalaí i mButlin's, an lárionad saoire.

Tar éis di an scoil a chríochnú, d'fhreastal Humphreys ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh ar feadh tamaill agus ansin thosaigh sí ag obair le Ulster Bank i mBaile Átha Cliath.[2][5]

D'oibrigh sí mar bhainisteoir comharchumann creidmheasa i gCúil Raithin ó 1999 go 2011.

Polaitíocht áitiúil: I 2003, comhthoghadh í ar Chomhairle Contae Mhuineacháin in ionad Seymour Crawford. Toghadh í ina ceart féin ag toghcháin áitiúla 2004 agus arís i 2009. Toghadh í mar Mhéara ar Chontae Mhuineacháin i 200.9

Bhí Humphreys ina Teachta Dála do thoghcheantar Chabháin-Mhuineacháin ó 2011 go 2024.

  • Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (2014-2016)
  • Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta (2017-2020)
  • Aire Coimirce Sóisialaí agus Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail (2020-2025)

Bhí sí ina leascheannaire ar Fine Gael ó Aibreán go Deireadh Fómhair 2024.

D'éirigh sí as an bpolaitíocht san bhliain 2024 le go bhféadfadh sí, a dúirt sí, tuilleadh ama a chaitheamh lena teaghlach. Dúirt sí gur éirigh sí as an bpolaitíocht i mí Lúnasa 2024 mar go raibh sí traochta; "... if I ran again I'd be nearly 70 by the end of the next Dáil term and I'm just not physically able to keep going for that long" a dúirt sí.[2]

D’fhág an tAire Humphreys a páirtí i Muineacháin sa bhfaopach roimh Olltoghchán na hÉireann 2024 nuair a shocraigh sí, deireanach go maith sa lá (ar an 19 Deireadh Fómhair), gan ligint dá hainm dul ar aghaidh.[6]

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is Preispitéireach í. Bhí a hathair ina bhall d'Ord Oráiste, agus shínigh a seanathair, Robert James Stewart, Cúnant Uladh i 1912 in aghaidh an tríú Bille um Rialtas Dúchais.

Bhí a muintir féin go mór páirteach i Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann  agus phós sí an feirmeoir Eric Humphreys i 1996.[5] Tá beirt iníonacha acu, Eva agus Tara agus beirt chliamhain aici, Seán agus Gerard, agus beirt gharpháistí - garmhac, Arthur (4 bliana in 2025), agus gariníon, Charlotte (1 bhliain in 2025).

Chonaic sí pointí seiceála dóite srl le linn na dTrioblóidí agus is cuimhin léi an "tonn turrainge" sa phobal nuair a dhúnmharaigh an tIRA an Seanadóir Fine Gael Billy Fox i dTír Chuanna,[7] Contae Mhuineacháin sa bhliain 1974.

Toghchán Uachtaránachta na hÉireann 2025

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtús an tsamhraidh, ba í an t-iarChoimisinéir Eorpach Mairéad McGuinness rogha na coitiantachta chun ainmniúchán Fhine Gael a fháil. Mhol Fine Gael í mar an t-iarrthóir amháin ar an 15 Iúil.[8] Ach ar an 14 Lúnasa, tharraing McGuinness amach as an toghchán ar chúinsí leighis. Ní mór di, a dúirt sí, tús áite a thabhairt dá sláinte.[9]

Ansin bhí beirt ó Fhine Gael, Heather Humphreys agus an Feisire Eorpach Seán Kelly, ag iarraidh ar an bpáirtí sin iad a ainmniú mar iarrthóir sa toghchán Uachtaránachta. Dhearbhaigh Heather Humphreys gur shocraigh sí ar dhul san fhiontar in ainneoin gur fhógair sí i mí Bealtaine 2025 nach raibh suim aici a hainm a chur chun cinn.[10] Dúirt Humphreys gur cara léi Mairéad McGuinness agus thug le fios nár theastaigh uaithi dul ina coinne.[11] Dúirt Humphreys go raibh sí traochta ag an am ach mhaígh go raibh sí tagtha chuici féin ó shin.

Ar an 1 Meán Fómhair dúirt Kelly gur léir dó nach bhfaigheadh sé an fiche vóta atá ag teastáil uaidh ón bpáirtí parlaiminte leis an ainmniúchán a fháil.[12]

Dúirt Humphreys go gcuirfeadh sí feabhas ar a scileanna teanga dá dtoghfaí í. "d’fhill mé ar an nGaeltacht in 2017 nuair a bhí mé i m’Aire Ealaíon, Oidhreachta, agus Gaeltachta agus chonaic mé go raibh sí ag teacht ar ais chugam. Geallaim, má thoghtar i m’uachtarán mé, go bhfillfidh mé ar an nGaeltacht agus go bhfoghlaimeoidh mé an Ghaeilge,” a dúirt sí."[13]

Fuair Catherine Connolly (a céile comhraic) ollbhua sa toghchán. Seachas Cabhán-Muineachán, toghcheantar Heather Humphreys féin, scuab Connolly léi an 42 toghcheantar eile.[14]

Tá cúlra conspóideach teanga ag an iar-aire Gaeltachta. Bhí an cháil uirthi gur beag a spéis sa teanga ná i gcás na teanga agus í ina haire sinsearach idir 2014-2017 sa roinn rialtais a raibh cúram na Gaeltachta uirthi. Tarraingíodh conspóid ar a seal san oifig sin de bharr easpa Gaeilge agus gníomhartha áirithe a samhlaíodh iad a bheith i gcoinne na Gaeilge. Ach mar sin féin d’fhreastail sí ar chúrsa Gaeilge amháin i nGleann Fhinne le hOideas Gael ag deireadh na tréimhse.[13]

Sa bhliain 2014 ceapadh Humphreys ina Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.[15] Ceapadh ina hAire Gaeltachta í in áit Jimmy Deenihan, cé nach raibh aon Ghaeilge aici. Bhain conspóid lena tréimhse mar aire Gaeltachta, go háirithe ó tharla nach raibh Gaeilge ag an té a ceapadh ina aire stáit sa roinn léi in 2014, Joe McHugh. Cé gur éirigh le McHugh roinnt Gaeilge a fhoghlaim nuair a ceapadh é, níor bhac Humphreys mórán leis an teanga ar chor ar bith.[16]

Thug Humphreys a céad chuairt oifigiúil mar aire ar cheantar Gaeltachta i mí Iúil 2016. Bhí sí i gcathair na Gaillimhe ag an am chun Féile Ealaíon na Gaillimhe a sheoladh agus thug sí cuairt ar Roinn na Gaeltachta sna Forbacha. Dúirt sí ag an am gur mó dochar ná maitheas a dhéanann daoine a bhíonn ag tabhairt amach faoi easpa Gaeilge daoine eile. Dúirt sí go mb’fhearr ‘obair as lámh a chéile’ ar son na teanga seachas ‘a bheith ag tabhairt amach’ agus gur chóir gach duine a mhealladh i dtreo na teanga fiú ‘mura mbeadh againn ach cúpla focal’.[15]

In 2017 dúirt Humphreys gur chas sí le “various Gaeltacht organisations on numerous occasions over the years”, maíomh a tharraing conspóid.[17]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. uaireanta "Humphries"
  2. 2.0 2.1 2.2 Mary Regan (2024-10-20). "'Gave it my all' - Humphreys won't stand in next election" (as en). 
  3. "An Droim/Drum" (en). logainm.ie. Dáta rochtana: 2025-08-15.
  4. "St. Aidan's Comprehensive School's Website" (en). St. Aidan's Comprehensive School's Website. Dáta rochtana: 2025-09-25.
  5. 5.0 5.1 "Women in Politics". www.mna100.ie. Dáta rochtana: 2025-09-25.
  6. Donncha Ó hÉallaithe (20 Samhain 2024). "VÓTA 24: Heather Humphreys éirithe as ach Fianna Fáil atá faoi bhrú i gCabhán-Muineachán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-15.
  7. "Tír Chuanna/Tircooney" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2025-09-25.
  8. Muiris O'Cearbhaill (2025-07-15). "Mairead McGuinness first to enter Áras race as she's confirmed as Fine Gael's candidate" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2025-08-14.
  9. Nuacht RTÉ (2025-08-14). "Mairéad McGuinness ag tarraingt amach as toghchán Uachtaránachta" (as ga-IE). 
  10. Nuacht RTÉ (2025-08-19). "Toghchán Uachtaránachta: Humphreys, Kelly ag lorg ainmniúcháin" (as ga-IE). 
  11. Nuacht RTÉ (2025-08-15). "Heather Humphreys á lua mar iarrthóir Uachtaránachta" (as ga-IE). 
  12. Maitiú Ó Coimín (1 Meán Fómhair 2025). "Seán Kelly éirithe as feachtas na huachtaránachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-10.
  13. 13.0 13.1 "Gealltanas tugtha ag Heather Humphreys go bhfoghlaimeodh sí an Ghaeilge dá dtoghfaí í" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-09-03). Dáta rochtana: 2025-09-10.
  14. Nuacht RTÉ (2025-10-25). "Catherine Connolly caithréimeach" (as ga-IE). 
  15. 15.0 15.1 "An tAire Gaeltachta ar cuairt chun na Gaeltachta den chéad uair ó ceapadh í in 2014" (ga-IE). Tuairisc.ie (2016-07-11). Dáta rochtana: 2025-09-10.
  16. "Cúlra teanga conspóideach ag Heather Humphreys ach cúrsa Gaeilge amháin ar a laghad déanta aici" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-08-26). Dáta rochtana: 2025-09-10.
  17. Maitiú Ó Coimín (28 Meán Fómhair 2017). "Séanta ag an Aire Heather Humphreys sa Dáil nach gcasann sí le heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-15.