Catherine Connolly
(2025) | |
| Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Caitríona Ní Chonghaile (en) Catherine Connolly |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 12 Iúil 1957 68 bliana d'aois Gaillimh, Éire |
| 11 Samhain 2025 – ← Mícheál D. Ó hUiginn | |
| 29 Samhain 2024 – 25 Deireadh Fómhair 2025 Téarma parlaiminte: An 34ú Dáil Toghcheantar: Gaillimh Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2024 | |
| Leas-Cheann Comhairle | |
| 23 Iúil 2020 – 19 Feabhra 2025 ← Pat the Cope Gallagher – John J. McGuinness → | |
| 8 Feabhra 2020 – 8 Samhain 2024 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Gaillimh Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 | |
| 10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 32ú Dáil Toghcheantar: Gaillimh Thiar Toghadh i: Olltoghchán 2016 in Éirinn | |
| Méara na Gaillimhe | |
| 8 Meitheamh 2004 – 10 Meitheamh 2005 ← Terry O'Flaherty (en) | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Grúpa eitneach | Muintir na hÉireann |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe Ollscoil Leeds |
| Dath súile | Gray (en) |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | polaiteoir, síceolaí cliniciúil, abhcóide |
| Ball de pháirtí polaitíochta | polaiteoir neamhspleách (2006–) Páirtí an Lucht Oibre (1995–2006) |
| Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Is í Caitríona Ní Chonghaile nó Catherine Connolly (a rugadh ar an 12 Iúil 1957) an deichiú Uachtarán ar Éirinn, ón mbliain 2025. Ghlac sí móid na hoifige ar an 11 Samhain 2025.[1]
Toghadh í mar Theachta Dála Neamhspleách sa dáilcheantar Gaillimh Thiar san Olltoghchán 2016 agus atoghadh í in 2020 agus 2024.[2]





Tús a saoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is as Seantalamh i gCathair na Gaillimhe í Connolly, ar an taobh thiar de chathair na Gaillimhe, agus ina cónaí sa Chladach ó 1988.[3]
Bhí 14 dhuine clainne ina teaghlach, seachtar buachaillí agus seachtar cailíní. Naoi mbliana d’aois a bhí Catherine nuair a bhásaigh a máthair agus gan í ach 43 bliain d’aois. Duine d’iascairí an Chladaigh, de bhunadh Inis Bearachain i gConamara, a bhí ina seanathair, agus ba shiúinéir agus saor bád a hathair.
Bhain sí céim sa tsiceolaíocht amach in Ollscoil na Gaillimhe agus céim an mháistir sa tSíceolaíocht Chliniciúil in Ollscoil Leeds sa bhliain 1981. Chaith sí tamall ag staidéar sa Ghearmáin freisin agus d’fhoghlaim sí an Ghearmáinis ansin.[3]
D’fhill sí ar a cathair dhúchais agus chuir fúithi sa Chladach. D’oibrigh sí mar shíceolaí cliniciúil do Bhord Sláinte an Iarthair i mBéal Átha na Sluaighe, i gcathair na Gaillimhe, agus i gConamara idir na bliana 1981 agus 1987.[4]
Bhain sí céim sa Dlí amach i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh in 1989. Ansin rinne sí staidéar in Óstaí an Rí agus glacadh léi mar abhcóide i 1991.[3]
Abhcóide a bhí Connolly ar feadh roinnt blianta roimh dul leis an bpolaitíocht.
Gairmréim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh Connolly mar Chomhairleoir Cathrach i nGaillimh don chéad uair i mí an Mheithimh 1999 agus í ina ball de Pháirtí an Lucht Oibre. D'fhan sí sa phost seo ar feadh 17 bhliain, go dtí go dtoghadh í mar Theachta Dála i 2016.[5]
Ar an gComhairle Cathrach, toghadh í sa cheantar thiar (1999, 2009) agus uair amháin sa cheantar theas (2004).[6] Agus í ina comhairleoir cathrach, vótáil sí le hainm Dana Rosmary Scallon a chur chun cinn do thoghchán uachtaránachta 2004.
Toghadh a deirfiúr Colette Connolly mar Chomhairleoir Cathrach na Gaillimhe sa bhliain 2004.[7] Toghadh Catherine Connolly ina Cathaoirleach ("Méara") ar an gcomhairle cathrach í an bhliain chéanna.[4]
2006
D'éirigh Connolly as Páirtí an Lucht Oibre i 2006 nuair a roghnaigh cheann ceathrú an pháirtí nach mbeadh ach iarrthóir amháin (Mícheál D. Ó hUiginn) ag seasamh sa Dáilcheantar Gaillimh Thiar in Olltoghchán 2007.[4] Tar éis di an páirtí a fhágáil, sheas Connolly mar iarrthóir Neamhspleách san Olltoghchán 2007. Fuair sí 3.6% na vótaí chéad rogha agus agus cuireadh as an áireamh í ar an ochtú comhaireamh.[6][8]
Atoghadh ina comhairleoir cathrach ar Chomhairle na Gaillimhe í mar iarrthóir neamhspleách in 2009.[3]
2011
Sheas Connolly in Olltoghchán 2011 agus fuair sí 7.9% na vótaí céadrogha.[6] Sheas sí arís mar iarrthóir neamhspleách in Olltoghchán 2011, toghchán ina bhfuair comharba Mhichíl D Uí Uigínn i bpáirtí an Lucht Oibre, Derek Nolan, an méid is mó vótaí céadrogha (12.4%). Chaill Connolly amach ar shuíochán le dornán beag vótaí; ní raibh ach 17 vóta idir í féin agus an iarrthóir Seán Ó Cadhain, ach tar éis athchomhaireamh na vótaí, toghadh Ó Cadhain agus ní bhfuair Connolly an suíochán.[6]
Toghadh den cheathrú huair í mar chomhairleoir cathrach i gcathair na Gaillimhe i dtoghcháin áitiúla na bliana 2014.
2016
Toghadh í do Dháil Éireann (an 32ú Dáil) in Olltoghchán 2016 le 7.6% de na vótaí céadrogha.[6] Roghnaigh sí Richard Boyd Barrett i bpróiseas roghnúcháin Taoisigh na 32ú Dála.[9] (Ba í a deirfiúr, Colette Connolly, ball de Pháirtí an Lucht Oibre, a fuair a suíochán ar an gComhairle Cathrach i 2016).
Ceapadh ina Chathaoirleach í ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán sa 32ú Dáil i 2016.[10]
2020
Atoghadh Connolly in Olltoghchán 2020 le 9.0% de na vótaí céadrogha.[11]
Toghadh í mar Leas-Cheann Comhairle sa 33ú Dáil faoi Alt 15.9.1 de Bhunreacht na hÉireann i mí Iúil 2020, ceapachán nach rabhthas ag súil leis ag an am.[12] Ba í an chéad bhean a bhí sa ról sin ó bunaíodh an chéad Dáil os cionn céad bliain roimhe sin. Tugadh aitheantas agus urraim di as a cuid neamhchlaontachta agus cothroime sa ról seo.[1]
Ceapadh í ansin ina cathaoirleach arís ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Atoghadh Connolly in Olltoghchán 2024 agus shuigh sí ar An Coiste um Chuntais Phoiblí sa 34ú Dáil.[13]
Dúirt sí gurb í fhéin a rinne maoiniú ar a cuid feachtais polaitíochta go dtí 2024 agus nár ghlac sí le síntiúis riamh go dtí sin.
Tuairimí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Connolly ar an eite chlé ó thaobh na polaitíochta de.[3] In 2025, dúirt Connolly gurb í an deighilt idir chosmhuintir na hÉireann agus a gcuid rialtas is mó a chuir frustrachas agus fearg uirthi thar na blianta mar ionadaí poiblí, agus gur sheas sí ar son na cosmhuintire ina saol poiblí.[14]
Thacaigh sí leis an taobh ‘Tá’ sa dá reifreann mhóra a reáchtáladh sna 2010idí – an Comhionannas Pósta in 2015 agus Aisghairm an Ochtú Leasú in 2018.
Oibríonn Connolly ar chúrsaí timpeallachta.[4] Tá sí i bhfabhar an córas iompar poiblí a fheabhsú.[15] Bíonn sí sásta seasamh misniúil a thógáil, í in aghaidh Chuarbhóthar na Gaillimhe mar shampla, mar go gcreideann sí go mba cheart córas traenach cathrach cosúil leis an Luas a chur ar fáil i nGaillimh, seachas a bheith ag mealladh níos mó carranna isteach sa chathair.[16]
An tAontas Eorpach, an Meánoirthear agus neodracht na hEireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá seasamh láidir tógtha ag Connolly i gcoinne pholasaithe an AE thar na blianta. Mar shampla bhí Connolly i gcoinne Chonradh Nice (2002/2003), agus i gcoinne Chonradh Liospóin (2008/2009), mar gheall ar an nualiobrálachas a bhraith sí a bheith follasach sa Chonradh.[3]

Chuir sí ina leith go raibh drochthionchar ag an AE ar neodracht na hÉireann. Tá imní léirithe aici arís is arís eile faoi mhíleatú na hEorpa. Bhí sí i gcoinne phlean an Rialtais deireadh a chur leis an nGlas Triarach. Is Pátrún Ghluaiseacht an Phobail í.[17]
Thug Connolly cuairt ar an tSiria in 2018 in éineacht leis na Teachtaí Dála Mick Wallace, Clare Daly, agus Maureen O’Sullivan. Óna póca féin a tháinig an maoiniú don turas sin. “Ar thóir fíricí” a bhí sí, a mhaígh sí. Casadh go leor grúpaí éagsúla uirthi agus í sa tSiria – toscaireacht ó UNICEF agus bean rialta ina measc.[18] D’áitigh sí nár chas sí le haon bhall de rialtas Bashar al-Assad (a ruaigeadh as an tír in 2024) ach níor cháin sí an deachtóireacht Assad agus an Rúis.
Cháin Connolly uachtarán Choimisiún na hEorpa, Ursula von der Leyen, le linn 2023-2025 mar gheall ar a seasamh i leith na cogaíochta i nGaza agus Iosrael.[3]

Toghchán Uachtaránachta na hÉireann 2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sheas Connolly do thoghchán na hUachtaránachta in 2025, agus tacaíocht faighte aici ar dtús ó na Daonlathaigh Sóisialta agus Pobal Seachas Brabús. Níos déanaí thug Páirtí an Lucht Oibre agus Sinn Féin tacaíocht di.
Tá taithí mhór aici mar shíceolaí cliniciúil, mar abhcóide agus mar ionadaí poiblí a mhaígh sí, taithí a chuireann cluas le héisteacht don phobal uirthi agus a sheasfaidh léi san fheachtas. Thuig sí, a dúirt, na srianta atá ar an Uachtarán labhairt amach faoi cheisteanna polaitiúla. “Tá mé ag seasamh le go mbeidh na daoine in ann a nguth a aimsiú. Tá ceisteanna móra ag dó na geirbe dúinn faoi láthair – an t-athrú aeráide, an tsíocháin, agus caithfear stop a chur le normalú na cogaíochta agus na heaspa dídine. Is fadhbanna iad sin atá cruthaithe ag an duine daonna agus iad á dtiomáint ag polasaithe,” a dúirt sí.[14]
Bhí geallúint tugtha aici go mbeadh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ar cheann de “téamaí móra” na hoifige dá dtoghfaí í.[19] Bhunaigh grúpaí dá lucht tacaíochta grúpaí darb ainm: "Gaeilgeoirí ar son Connolly" toisc gurb í an t-iarrthóir is mó a sheasfadh le cearta teanga sa 21ú haois, dar leo; "Mic Léinn ar son Connolly"; agus "Ealaíontóirí ar son Connolly".[20]
Fuair Catherine Connolly ollbhua sa toghchán. Seachas Cabhán-Muineachán, toghcheantar Heather Humphreys féin (a céile comhraic), scuab Connolly léi an 42 toghcheantar eile.[21]
Uachtarán na hÉireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Oireachtas na Samhna 2025 i mBéal Feirste an chéad mhórócáid phoiblí ar fhreastail Connolly uirthi ó fógraíodh toradh thoghchán na huachtaránachta.[22]
Ghlac Catherine Connolly móid na hoifige ar an 11 Samhain 2025. Ina hóráid insealbhaithe, leag sí níos mó béime ar an teanga ina óráid insealbhaithe ná mar a leag aon uachtarán eile roimpi.[23] Dúirt sí gur “tír gan teanga, tír gan anam” agus nach féidir le haon tír “a mianta, a luachanna agus a spiorad” a chur in iúl nuair a mhúchtar a teanga. Dúirt sí gur cuireadh “anam agus spiorad” na hÉireann faoi chos nuair a cuireadh an Ghaeilge faoi chos “bíodh sin d’aon ghnó de bharr smacht na dtíoránach nó de bharr “neamhairde, neamhchúraim nó easpa tuisceana”.[24]
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is Gaillimheach go smior í agus tá sí ina cónaí sa gCladach ó 1988. Phós Connolly Brian McEnery sa bhliain 1992 agus tá beirt mhac acu.[4]
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Gaeilge líofa ag Connolly. Bhí sí ar dhuine de na daoine is mó a labhair Gaeilge i dTithe an Oireachtais ó toghadh í den chéad uair agus ceapadh ina Chathaoirleach í ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán in 2016.[10][25]
“Ní raibh Gaeilge agamsa ach amháin ón scoil agus, ag pointe áirithe, bhí náire orm mar Mhéara na Gaillimhe nach raibh mo dhóthain Gaeilge agam. Thaistil mé go dtí tíortha eile agus bhí an teanga acu; dúirt mé ‘Sin é! Sin deireadh leis an náire, deireadh leis an easpa Gaeilge’. Dhírigh mé isteach ar an nGaeilge. Is féidir é a dhéanamh. Is féidir an Ghaeilge a fhoghlaim agus, de réir a chéile, d’fhoghlaim mé í agus táim fós i mbun foghlama. Rinne mé dhá chúrsa san ollscoil. Bhí an t-ádh dearg orm go raibh mé i mo chónaí sa Ghaillimh agus go raibh an ollscoil in aice liom. Rinne mé dioplóma agus ansin rinne mé cúrsa aistriúcháin."
“Is teanga álainn agus ársa í an Ghaeilge. An ceacht is mó atá foghlamtha agam ná go bhfuil an Ghaeilge iomlán difriúil ón mBéarla; sin an botún a dhéanaimid, ceapaimid go bhfuil an dá theanga mar an gcéanna agus níl siad. Is teangacha iad atá iomlán difriúil.”
“Déanaim mo dhícheall an Ghaeilge a úsáid chuile lá sa Dáil agus mo dhícheall an Ghaeilge agus an Béarla a chur ar an leibhéal céanna. Nuair a bhíonn vótaí i gceist, bainim úsáid as an nGaeilge i gcónaí. Déanaim é sin go pearsanta ach, gan dabht, tá rud éigin eile ar leibhéal eile ag teastail ón gcóras.”
... “I dtús báire, caithimid aitheantas a thabhairt don ghéarchéim atá ar siúl sna Gaeltachtaí. Bhí sé mar phribhléid agamsa a bheith i mo chathaoirleach ar an gComhchoiste Gaeilge ó 2016 ar aghaidh, anois táim i mo ghnáthbhall de. Bhí fear againn ina chléireach a raibh croí mór aige do mhuintir na nGaeltachtaí. Thaistil muid timpeall na tíre go dtí gach Gaeltacht agus an téama ceannann céanna ag teacht aníos arís agus arís: níl carthanacht uathu in aon chor, ach tacaíocht do na daoine ar an dtalamh a bhfuil smaointe iontacha acu agus níl a dhóthain tacaíochta ag teacht ón rialtas, is cuma cé acu a bhí sa rialtas. Is dócha go bhfuil cur i gcéill i gceist cuid mhór den am agus meon don charthanacht in ionad an cheist a chur ‘cén chaoi is féidir linn na Gaeltachtaí a neartú mar fhoinse don Ghaeilge?’. Sin foinse na Gaeilge agus tá an líonra cainteoirí ag laghdú an t-am ar fad. Bhí mise ag iarraidh ar Aire éigin, níl mé chun é a ainmniú, aitheantas a thabhairt don ghéarchéim. Ní féidir fadhb a réiteach gan í a aithint. Sin céim a haon. Céim a dó ná obair a dhéanamh leis na daoine ar an dtalamh. Uimhir a trí: níos mó maoinithe a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta. Tá Údarás na Gaeltachta cosúil le Enterprise Ireland nó an IDA ach tá níos mó dualgas orthu an Gaelphobal a chothú agus an Ghaeilge a chothú freisin. [12]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 "Faoi Catherine Connolly - Connolly for President". www.catherineconnollyforpresident.ie. Dáta rochtana: 2025-10-30.
- ↑ Ronan McGreevy. "Election 2020: Catherine Connolly (Independent)" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- 1 2 3 4 5 6 7 8 Maitiú Ó Coimín (26 Deireadh Fómhair 2025). "Cé hí Catherine Connolly an 10ú huachtarán ar Éirinn?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-10-26.
- 1 2 3 4 5 Lorna Siggins. "Profile: Catherine Connolly (Ind)" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-01-29.
- ↑ "About" (en-US). Claddagh, Galway (2014-02-23). Dáta rochtana: 2020-01-29.
- 1 2 3 4 5 "ElectionsIreland.org: Catherine Connolly". electionsireland.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-22. Dáta rochtana: 2020-01-29.
- ↑ "ElectionsIreland.org: Colette Connolly". electionsireland.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-09. Dáta rochtana: 2020-01-29.
- ↑ Fuair Ó hUiginn 11.1% den vóta agus toghadh é ar an deichiú comhaireamh.
- ↑ "Nomination of Taoiseach: 10 Mar 2016: Dáil debates (KildareStreet.com)". www.kildarestreet.com. Dáta rochtana: 2020-01-30.
- 1 2 Tithe an Oireachtais (2020-01-17). "Comhaltas – Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán – 32nd Dáil, 25th Seanad – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-01-29.
- ↑ "General Election 2020 Live Results | RTÉ News" .
- 1 2 Eolas (iris) (2020-11-05). "Leas-Cheann Comhairle Catherine Connolly TD" (ga-IE). Eolas Magazine. Dáta rochtana: 2025-07-17.
- ↑ Houses of the Oireachtas (2025-06-18). "Membership – Committee of Public Accounts – 34th Dáil – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2025-07-17.
- 1 2 Nuacht RTÉ (2025-07-16). "Connolly, McGuinness san iomaíocht don Uachtarántacht" (as ga-IE).
- ↑ Wednesday, February 14, 2018-11:30 Am (2018-02-14). "Public transport is solution to Galway traffic problems, say critics to ring road proposal" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-01-30.
- ↑ Donncha Ó hÉallaithe (20 Samhain 2024). "Seans go mbeidh suíochán ag Gráinne Seoige agus gur idir Mairéad Farrell agus Seán Kyne a bheidh an ceann deireanach i nGaillimh Thiar" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-22.
- ↑ "People's Movement Home Page" (en). www.people.ie. Dáta rochtana: 2020-01-30.
- ↑ "‘Am na cinniúna é don tír’ – a feachtas uachtaránachta seolta ag Catherine Connolly" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-07-16). Dáta rochtana: 2025-07-16.
- ↑ Seán Tadhg Ó Gairbhí (24 Iúil 2025). "FÍSEÁN: ‘Ní fadhb í an Ghaeilge, is cuid den réiteach í’ – Catherine Connolly" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-24.
- ↑ "‘Gaeilgeoirí ar son Connolly’ – grúpa nua bunaithe le tacú le hiarrthóir neamhspleách". Tuairisc.ie (11 Meán Fómhair 2025). Dáta rochtana: 12 Meán Fómhair 2025.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-10-25). "Catherine Connolly caithréimeach" (as ga-IE).
- ↑ Maitiú Ó Coimín (29 Deireadh Fómhair 2025). "An tUachtarán tofa ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-10-30.
- ↑ Darren Ó Dubhgáin (2025-11-11). "Lá stairiúil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ag insealbhú Catherine Connolly" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-11.
- ↑ "‘Ligimis don Ghaeilge bláthú’ – Catherine Connolly insealbhaithe mar an deichiú huachtarán ar Éirinn" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-11-11). Dáta rochtana: 2025-11-12.
- ↑ Tithe an Oireachtais (2020-01-17). "Comhaltas – An Coiste um Chuntais Phoiblí – 32nd Dáil – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-01-30.
- Daoine a rugadh i 1957
- Daoine beo
- Baill den 32ú Dáil
- Baill den 33ú Dáil
- Comhairleoirí Áitiúla
- Daoine as Contae na Gaillimhe
- Teachtaí Dála mná
- Gaillimh Thiar (Dáilcheantar)
- Teachtaí Dála neamhspleácha
- Gaeilgeoirí
- Baill Pháirtí an Lucht Oibre (Éire)
- Alumni Ollscoil na Gaillimhe
- Abhcóidí Éireannacha
- Síceolaithe Éireannacha
- Iarrthóirí i dtoghchán uachtaránachta na hÉireann
- Catherine Connolly
- Uachtaráin na hÉireann
- Alumni Ollscoil Leeds
- Baill den 34ú Dáil