Eiléana Nic an tSaoi
Eiléana Nic an tSaoi | |||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||
Márta 27, 2013 - Feabhra 3, 2016 District: Oirthear na Mí Election: 2013 Meath East by-election (en) ![]()
Márta 10, 2016 - Eanáir 14, 2020 District: Oirthear na Mí Election: Olltoghchán 2016 in Éirinn
Feabhra 8, 2020 - District: Oirthear na Mí Election: Olltoghchán na hÉireann, 2020
Meitheamh 27, 2020 - ← Charles Flanagan | |||||||||
Saol | |||||||||
Eolas breithe | An Uaimh, Meitheamh 8, 1986(34 bliain d’aois) | ||||||||
Náisiúntacht | Éire | ||||||||
Oideachas | |||||||||
Alma mater | Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath | ||||||||
Gairm | |||||||||
Gairm | polaiteoir | ||||||||
Creideamh | |||||||||
Páirtithe polaitíochta | Fine Gael |
Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Oirthear na Mí í Eiléana Nic an tSaoi (Béarla: Helen McEntee) (rugadh sa bhliain 1986 í). Toghadh Eiléana go Dáil Éireann i bhfothoghchán i Márta 2013, agus atoghadh í in olltoghchán Fheabhra 2016í ag fothoghchán i Márta na bliana 2013. Iníon í leis an iarTheachta Dála Shane McEntee agus tháinig sí i gcomharbacht air tar éis gur chuir sé lámh ina bhás féin sa bhliain 2012. Cheap an Taoiseach Éanna Ó Cionnaith, T.D., í le bheith ina hAire le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta sa Roinn Sláinte i mBealtaine 2016 mar chuid den Rialtas Comhpháirtíochta nua.
I Meitheamh 2017, mar chuid d’atheagar rialtais leis an Taoiseach nua-cheaptha, Leo Varadkar T.D., tugadh ardú ceime don Aire Nic an tSaoi do phost an Aire Stáit le freagracht as Gnóthaí an Aontais Eorpaigh.
D’fhóin sí roimhe sin ar an gCoiste Oireachtais um Iompar agus Cumarsáid, agus bhí sí ina ball den Choiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus an Ghaeltacht freisin
Tá céim san Eacnamaíocht, Polaitíocht agus Dlí aici ó DCU.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |