Shane McEntee

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Ba pholaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Oirthear na Mí é Shane McEntee (Gaeilge: Seán Mac an tSaoi) (rugadh é 19 Nollaig, 1956 agus bhásaigh sé ar an 21 Nollaig, 2012). Bhíodh sé ina bhall de Fine Gael. Ba Aire stáit um Bia, Gairneoireacht agus Sábháilteacht Bia é. Bhí sé i gceannas ar Dee Local Bar. Chuir sé lámh ina bhás féin sa bhliain 2012. Bhí sé pósta agus bhí ceathrar clainne air, ina measc Helen McEntee a tháinig i gcomharbacht air. Bhí baint mhór aige le Cumann Lúthchleas Gael, agus bhuaigh a dheartháir Gerry McEntee, an máinlia, craobh na hÉireann sa pheil le foireann na Mí.