Seán Ó hEochaidh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Seán Haughey)
Seán Ó hEochaidh
Seán Haughey 2010.jpg
Seanadóir na hÉireann

Aibreán 25, 1987 - Iúil 5, 1989
Dúiche: An Rolla Riaracháin
Seanadóir na hÉireann

Deireadh Fómhair 1, 1989 - Samhain 25, 1992
Dúiche: An Rolla Riaracháin
Teachta Dála

Nollaig 14, 1992 - Bealtaine 15, 1997
Dúiche: Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1992
Teachta Dála

Meitheamh 26, 1997 - Aibreán 25, 2002
Dúiche: Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1997
Teachta Dála

Meitheamh 6, 2002 - Aibreán 26, 2007
Dúiche: Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 2002
Teachta Dála

Meitheamh 14, 2007 - Feabhra 1, 2011
Dúiche: Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 2007
Teachta Dála

Márta 10, 2016 - Eanáir 14, 2020
Dúiche: Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh
Toghchán: Olltoghchán 2016 in Éirinn
Teachta Dála

Feabhra 8, 2020 -
Dúiche: Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 2020
Saol
Eolas breitheRáth Eanaigh, 8 Samhain 1961 (61 bliain d’aois)
NáisiúntachtÉire
Muintir
AthairCathal Ó hEochaidh
MáthairMaureen Haughey
Oideachas
Alma materColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Coláiste Naomh Pól
Gairm
Gairmpolaiteoir
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaFianna Fáil
Twittersean_haughey

Polaiteoir Éireannach é Seán Ó hEochaidh (Béarla: Seán Haughey). Rugadh é ar 8 Samhain 1961 i mBaile Átha Cliath. Mac le Cathal Ó hEochaidh agus lena bhean chéile Maureen (iníon le Seán F. Lemass) is ea é.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Naomh Pól, Ráth Eanaigh, agus i gColáiste na Tríonóide. Fuair sé céim sa pholaitíocht agus san eacnamaíocht agus chuaigh sé le polaitíocht ansin agus é go hóg.

Gairm pholaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé ina bhall de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ó 1985 go 2003, agus ina Ard-Mhéara ar an gcathair ar feadh bliana sa tréimhse 1989/90. Chaith sé na blianta 1987 go dtí 1992 ina Sheanadóir, agus toghadh chun na Dála é i 1992. Is polaiteoir cúramach coimeádach é a bhí faoi scáth a athar ó thús. Choinnigh sé a shuíochán ón gcéad uair a toghadh é go dtí olltoghchán 2011, nuair a chaill sé é. Ceapadh é ina Aire Stáit (Aire Sóisearach) i 2006 sa Roinn Oideachais. Toghadh arís é san Olltoghchán 2016.

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé pósta le hOrla O'Brien agus tá ceathrar clainne acu.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]