An Cladach
| Claddagh (en) An Cladach (ga) | ||||
| Suíomh | ||||
| ||||
| Stát ceannasach | Éire | |||
| Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
| Administrative city in the Republic of Ireland (en) | Galway City (en) | |||
| Cathair | Gaillimh | |||
| Daonra | ||||
| Iomlán | 2,614 (2006) | |||
| Tíreolaíocht | ||||
| Cuid de | Gaillimh | |||
| Airde | 85 m | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Logainm.ie | 1418170 | |||
Is ceantar i gcathair na Gaillimhe é an Cladach.[1] Nuair ba chathair le ballaí i seilbh Gallda í Gaillimh sna meánaoiseanna, ba é an Cladach an baile iascaireachta Gaelach thiar uaidh. Bhíodh rí ar an gCladach, a toghtaí imeasc na ndaoine, agus dheineadh sé breithiúnas ar chásanna idir na daoine. Sa Chladach, freisin, a thosaigh nós fáinne Chladaigh, a d'iompraíodh mná i mbealaí éagsúla, ag brath ar a stádas cleamhnais.
Tithe beaga bídeacha a bhí ar an gCladach go dtí na 1930í, nuair a daoradh iad mar chontúirt sláinte, agus nuair a cuireadh eastát tithíochta ar bun dosna daoine a cuireadh as seilbh a seantithe. Tá cuid den muintir céanna fós sa Chladach, agus tá roinnt báid iascaireachta agus pléisiúir ar an duga.
Tá cumann sacair sa Chladach inniu, agus séipéal agus mainistir Doiminiceánach.
Daoine
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Catherine Connolly ina cónaí ann.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "An Cladach/Claddagh" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2024-05-03.
| Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
