Heipitíteas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarHeipitíteas
cuir in eagar
Cineálgalar ae, athlasadh, liver symptom (en) Aistrigh agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisgaistreintreolaíocht, heipiteolaíocht, galair thógálacha, internal medicine (en) Aistrigh agus family medicine (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Comharthaíbuíochán, anoireicse, pian sa bholg agus heipitimeigileacht Cuir in eagar ar Wikidata
Scrúduithetástáil fola agus bithóipse ae Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Buaileann séae Cuir in eagar ar Wikidata
CúisHepatitis B virus, alcólachas, nimhiú, uath-imdhíonacht, Hepatitis delta virus, Hepatitis A virus, víreas heipitíteas C agus Hepatitis E virus Cuir in eagar ar Wikidata
Éifeachtciorróis Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10K73.9 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9570, 571.4, 571.40 agus 571.41 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPD72 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0113857 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB20061 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus001154 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD006505 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0019158, C0149519, C0019189, C0001308 agus C0019158 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:2237 Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is Heipitíteasan galar buí ann ná athlasadh an ae, arb é is príomhthréith ann ná cealla athlastacha a bheith i láthair i bhfíochán an orgáin. Athlasadh san ae ar víreas is bun leis[1]. Is iad na víris is coitianta ná heipitíteas A, heipitíteas B agus heipitíteas C.

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir leis an ngalar a bheith féinteorannaithe, ag cneasú leis féin nó is féidir leis an ngalar dul chun cinn ag fágáil colm ar an ae.

Bíonn Heipitíteas géar nuair a mhaireann sé níos lú ná sé mhí agus ainsealach nuair a leanann sé níos faide na sin. Is cúis le grúpa de víreas, a dtugtar víris heipitítis orthu, formhór na gcásanna ar fud an domhain.

Is féidir le tocsainí (alcól ach go háirithe), ionfhabhtuithe eile nó ón bpróiseas uath-imdhíonachta freisin a bheith freagrach as Heipitíteas.

Féadfaidh ionfhabhtú fochliniciúil a bheith i gceist leis an ngalar nuair nach mothaíonn an duine tinn.

Éiríonn an t-othar tinn agus bíonn airíonna siomptómacha ag gabháil leis nuair atá laghdaithe ar chumas an ae; substaintí dochracha a ghlanadh amach, comhdhéanamh na fola a rialú, agus táirgeadh domlais chun cabhrú le díleá i measc rudaí eile.

Heipitíteas ionfhabhtaíoch nó Heipitíteas A

Cineálacha Éagsúla Heipitítis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cineálacha éagsúla heipitítis ann, mar atá;

  • A (Heipitíteas ionfhabhtaíoch). Faightear heipitíteas A trí uisce nó bia truaillithe a ionghabháil. Tarlaíonn galar géar dá thoradh, le fiabhras, masmas, tuirse, is buíochán. Is féidir go mbeidh an t-othar lagaithe ar feadh cuid mhaith míonna, agus go bhfaighidh seanduine bás uaidh. Ní bhíonn torthaí fadsaolacha ar dhaoine a thagann slán uaidh. Is scéal eile é maidir le heipitíteas B agus C, galair nimhiúla thógálacha.
  • Heipitíteas B agus heipitíteas C.Faightear heipitíteas B agus C ó fhuil nó sreabháin cholainne thruaillithe, go díreach (mar shampla, ó shnáthaid nó i bhfuilaistriú) nó trí chomhriachtain. Galair ghéara cosúil le heipitíteas A is ea iad, ach déantar dochar buan don ae agus tarlaíonn ciorróis is ailse mar thoradh orthu. Cuireann siad tús le timpeall 80% d'ailsí an ae, agus gach bliain maraíonn siad cúpla milliún duine ar fud an Domhain. Meastar go bhfuil an baol d'fhiaclóir 5 oiread níos mó ná don ghnáthdhuine, de bhrí go mbíonn sé ag láimhseáil suas le 20 othar in aghaidh an lae, ag teacht i dteagmháil le sreabháin cholainne mar fhuil is seile na n-othar. Bíonn baol freisin do theicneoirí fiaclacha a thagann i dteagmháil le múnluithe ó na hothair, fiú i bhfad tar éis don sreabhán triomú, mar go bhfanann an víreas nimhiúil tríd an bpróiseas seo. Ar ámharaí an tsaoil, tá ionaclú éifeachtach ar fáil i gcoinne heipitíteas B, agus tá sé práinneach go nglacfaidh teicneoirí atá i mbaol leis.
  • D.
  • E.

Téarmaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an t-ainm sa tSean-Ghréigis ná hepar (ἧπαρ), ón fhréamh hepat-(ἡπατ-), rud a chiallaíonn ae, agus ciallaíonn an t-iarmhír -íteas "athlasadh" (c. 1727) [2].

Eipidéimeolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eipidéimeolaíocht Heipitíteas B

Reáchtáiltear an Lá Domhanda in aghaidh an Heipitítis ar an 28 Iúil gach bliain. Pléann na saineolaithe an chaoi inar féidir le tíortha an faireachas ar ghalair a fheabhsú i leith an heipitítis víreasaigh, faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo díothú an heipitítis, agus freagairt níos fearr don heipitíteas i measc daoine a insteallann drugaí iontu féin.[3]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais". 
  2. Online Etymology Dictionary
  3. ECDC (2017). "VEID, ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha agus heipitíteas víreasach: HSH". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-07-28. Dáta rochtana: 2019.