Tocsain
Appearance
Nimh a tháirgeann miocrorgánaigh, agus a chuireann tús le galair nó neamhoird áirithe. Tá tocsain ispíneach ón mbaictéar Clostridium botulinum i measc na dtocsainí is cumasaí marfaí atá ar eolas. Cuireann tocsainí ó Salmonella typhi tús le fíabhras tíofóideach. Tocsainí ó Pasteurella pestis is cúis leis an bplá bhúbónach. Cuireann tocsainí ó Shigella dysenteriae tús le dinnireacht. Is féidir le plandaí is ainmhithe áirithe tocsainí a thál freisin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Tocsain". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 666.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |