Heipitíteas ionfhabhtaíoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Athlasadh san ae ar víreas is bun leis. Is iad na víris is coitianta ná heipitíteas A, heipitíteas B agus heipitíteas C. Faightear heipitíteas A trí uisce nó bia truaillithe a ionghabháil. Tarlaíonn galar géar dá thoradh, le fiabhras, masmas, tuirse, is buíochán. Is féidir go mbeidh an t-othar lagaithe ar feadh cuid mhaith míonna, agus go bhfaighidh seanduine bás uaidh. Ní bhíonn torthaí fadsaolacha ar dhaoine a thagann slán uaidh. Is scéal eile é maidir le heipitíteas B agus C, galair nimhiúla thógálacha. Faightear iad ó fhuil nó sreabháin cholainne thruaillithe, go díreach (mar shampla, ó shnáthaid nó i bhfuilaistriú) nó trí chomhriachtain. Galair ghéara cosúil le heipitíteas A is ea iad, ach déantar dochar buan don ae agus tarlaíonn cioróis is ailse mar thoradh orthu. Cuireann siad tús le timpeall 80% d'ailsí an ae, agus gach bliain maraíonn siad cúpla milliún duine ar fud an Domhain. Meastar go bhfuil an baol d'fhiaclóir 5 oiread níos mó ná don ghnáthduine, de bhrí go mbíonn sé ag láimhseáil suas le 20 othar in aghaidh an lae, ag teacht i dteagmháil le sreabháin cholainne mar fhuil is seile na n-othar. Bíonn baol freisin do theicneoirí fiaclacha a thagann i dteagmháil le múnluithe ó na hothair, fiú i bhfad tar éis don sreabhán triomú, mar go bhfanann an víreas nimhiúil tríd an bpróiseas seo. Ar ámharaí an tsaoil, tá ionaclú éifeachtach ar fáil i gcoinne heipitíteas B, agus tá sé práinneach go nglacfaidh teicneoirí atá i mbaol leis.