Michael Noonan
Is polaiteoir Éireannach agus iarcheannaire de chuid Fhine Gael é Michael Noonan nó Micheál Ó Nuanáin (a rugadh ar 21 Bealtaine 1943). Is Teachta Dála é do dháilcheantar Luimnigh Thoir. Ceapadh mar aire é i rialtas Ghearóid Mac Gearailt agus i rialtas Shéain de Briotún.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Ó Nuanáin i gcathair Luimnigh agus fuair sé a chuid scolaíochta go háitiúil. Cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Mhúin sé i Crescent College i Luimneach. Toghadh mar chomhairleoir contae é sa bhliain 1974.
Toghadh mar Theachta Dála é in olltoghchán na bliana 1981 agus atoghadh é i ngach olltoghchán as sin amach. Ceapadh é mar Aire Cirt sa bhliain 1982. Mar aire, chuir sé scéal faoin gcúléisteacht teileafóin mídhleathach a bhí ar siúl ag rialtas Chathail Uí Eochaidh os comhair an phobail. Ceapadh é mar Aire Tionscail, Tráchtála agus Trádála sa bhliain 1986. Tugadh cúraimí na Roinne Fuinnimh dó tar éis do Pháirtí an Lucht Oibre an rialtas a fhágáil. Bhí Fine Gael sa fhreasúra ó 1987 go dtí 1994. Bhí Ó Nuanáin ar an mbinse tosaigh i gcónaí, mar urlabhraí Airgeadais agus mar urlabhraí Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide ina dhiaidh sin.
Bunaíodh an comhrialtas bogha ceatha sa bhliain 1994 sin agus ceapadh Ó Nuanáin mar Aire Sláinte. Bhí conspóid maidir le táirgí fola galracha ann agus é ina Aire Sláinte. Tholg roinnt daoine heipitíteas tar éis dóibh fuilaistrithe a fháil. Ba í Seirbhís Fuilaistriúchán na hÉireann a bhí freagrach as an bhfuil agus lean siad ag soláthar fola nuair a bhí a fhios acu go raibh seans ann gur fuil ghalrach a bhí inti. Cáineadh Ó Nuanáin mar gheall ar an tslí a bhí an Roinn Sláinte ag déileáil leis na hothair a bhí ag lorg cúitimh ón stát. Bhí air leithscéal a ghabháil sa Dáil le muintir mná amháin a fuair bás díreach tar éis cúitimh a fháil.
Bhí Fine Gael ar ais sa fhreasúra tar éis olltoghcháin na bliana 1997. Ceapadh Ó Nuanáin mar urlabhraí airgeadais. Ghlac páirtí parlaiminte Fhine Gael le rún mímhuiníne a thug Ó Nuanáin agus a chomhghleacaí, Jim Mitchell, isteach i gcoinne ceannaire an pháirtí, Seán de Briotún, sa bhliain 2001. Thogh an páirtí Ó Nuanáin mar chomharba ar de Briotún.
Bhí toradh tubaisteach ag Fine Gael in olltoghchán 2002. Níor bhuaigh an páirtí ach 31 shuíochán i gcomparáid le 54 a bhí acu roimh an toghchán. D'éirigh Ó Nuanáin as mar cheannaire an pháirtí ar an lá céanna.
Atoghadh é in olltoghchán 2007. Athcheapadh é mar urlabhraí airgeadais Fhine Gael sa bhliain 2010 tar éis teip ar iarracht Richard Bruton ceannaireacht an pháirtí a bhaint ó Éanna Ó Coinnigh. Ceapadh mar Aire Airgeadais é tar éis olltoghchán 2011 i gcomhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre.
I mí Bhealtaine 2017, d'fhógair sé go mbeadh sé ag dul ar scor ag an gcéad olltoghchán eile.
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós Noonan Florence Knightley, bunmhúinteoir ó Chaisleán na Mainge, Ciarraí sa bhliain 1969. Bhí triúr mac agus beirt iníon acu. Labhair Ó Nuanáin ar chlár teilifíse RTÉ sa bhliain 2010 faoina bhean a bhí ag fulaingt le galar Alzheimer. Fuair a bhean bás ar an 23ú Feabhra, 2012 le niúmóine.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Daoine a rugadh i 1943
- Ceannairí Fhine Gael
- Polaiteoirí na hÉireann
- Baill den 22ú Dáil
- Baill den 23ú Dáil
- Baill den 24ú Dáil
- Baill den 25ú Dáil
- Baill den 26ú Dáil
- Baill den 27ú Dáil
- Baill den 28ú Dáil
- Baill den 29ú Dáil
- Baill den 30ú Dáil
- Baill den 31ú Dáil
- Baill den 32ú Dáil
- Iarmhic Léinn Choláiste Phádraig, Droim Conrach
- Daoine as Luimneach
- Múinteoirí Éireannacha
- Daoine beo