Conor Maguire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Conor Maguire
Breitheamh de chuid na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine


Teachta Dála

Márta 9, 1932 - Nollaig 22, 1932
Dúiche: Ollscoil Náisiúnta na hÉireann
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1932
4. Ard-Aighne na hÉireann

Márta 10, 1932 - Samhain 2, 1936
Seán A Mac Coisdealbha - James Geoghegan
Teachta Dála

Feabhra 8, 1933 - Meitheamh 14, 1937
Dúiche: Ollscoil Náisiúnta na hÉireann
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1933
Príomh-Bhreitheamh na hÉireann

Bealtaine 4, 1946 - Samhain 11, 1961
Timothy Sullivan - Cearbhall Ó Dálaigh
Saol
Eolas breitheConga, 16 Nollaig 1889
NáisiúntachtÉire
Saorstát Éireann
BásBaile Átha Cliath, 26 Meán Fómhair 1971
Áit adhlacthaReilig Sheangánaí
Oideachas
Alma materAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Gairm
Gairmbreitheamh agus polaiteoir
Duaiseanna
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaFianna Fáil
Uachtarán na hArd-Chúirte / Príomh-Bhreitheamh, 1936-1961

Breitheamh agus polaiteoir Éireannach ab ea Conor Maguire (1889 – 26 Meán Fómhair 1971). Bhí sé ina bhall d'Fhianna Fáil.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Conor Maguire i gConga, Co.  Mhaigh Eo i 1889 agus fuair sé a chuid oideachais ag Coláiste Choill Chluanna Gabhann agus ag COBÁC, áit a bhunaigh sé an UCD Law Society sa bhliain 1911. 

Cháiligh Maguire mar dhlíodóir i 1914 agus d'aistrigh sé chun an Bharra i 1922.[1]

D'fheidhmigh Maguire mar Bhreitheamh ar Chúirteanna sealadacha na Dála ó 1920-1922, agus mar Choimisinéir Talún Socraithe do Dháil Éireann.

Glaodh é chun Bharra na Sinsear i 1932 agus bhí sé ina Seanadóir d'Ollscoil Náisiúnta na hÉireann ó 1932-1936. Sheirbheáil sé mar Ard-Aighne i gcéad riarachán Fhianna Fáil ó 1932 go 1936.

Ceapadh Maguire ina Bhreitheamh Ard-Chúirte i 1936, ina Uachtarán na hArd-Chúirte i Nollaig 1936 agus rinneadh Príomh-Bhreitheamh de sa bhliain 1946.

Bhí sé ina chathaoirleach ar Chumann Croise Deige na hÉireann ó 1939-1946, ina Uachtarán ar an International Celtic Congress 1956 agus ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge i 1962.[1]

Fuair Maguire bás i mBaile Átha Cliath ar an 26 Meán Fómhair, 1971.

Cásanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na gcásanna cáiliúla iomaí ina thug Maguire breithiúnas mar Phríomh-Bhreitheamh, bhí

  • In ré Ó Laighléis (nuair a socraíodh é nach raibh Coinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine ina chuid de dhlí intíre an Stáit), agus
  • Educational Co. of Ireland v. Fitzpatrick (easaontú ar an gceist ar sháraigh socruithe srianfhostaíochta ceardchumann an tsaoirse comhlachais a ráthaigh an Bunreacht).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Cúirt Uachtarach na hÉireann. "Iar-Phríomh-Bhreithiúna". www.supremecourt.ie. Dáta rochtana: 2021-07-29.