Timothy Sullivan (breitheamh)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTimothy Sullivan
Beathaisnéis
Breith6 Eanáir 1874
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Bealtaine 1949
75 bliana d'aois
Carraig an tSionnaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Príomh-Bhreitheamh na hÉireann
1 Nollaig 1936 – 1 Meitheamh 1946
← Hugh KennedyConor Maguire →
Abhcóide na Banríona
1917 – Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbreitheamh, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Óstaí an Rí (1895–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Abhcóide agus breitheamh Éireannach ba ea Timothy Sullivan (6 Eanáir 187412 Bealtaine 1949).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Timothy Sullivan i mBaile Átha Cliath i 1874. Ba é tríú mac Tiomothy Daniel Sullivan, Teachta Parlaiminte náisiúnach a bhí chun tosaigh sa ghluaiseacht Rialtais Dúchais (a raibh Parnell i gceannas ar sna 1880idí go dtí gur chaill Parnell a chumhacht mar gheall ar chás colscartha O' Shea).

Glaodh Sullivan chun an Bharra i 1895. Níos déanaí, ghlac sé páirt sa ghluaiseacht náisiúnach i mblianta luaithe na fichiú haoise. Nuair a bunaíodh Saorstát na hÉireann ceapadh é mar chéad Uachtarán na hArd-Chúirte i 1924, post a bhí aige go dtí go bhfuair Hugh Kennedy bás i Nollaig 1936, nuair a ceapadh é ina Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann. Bhí sé ina Phríomh-Bhreitheamh go dtí 1946, nuair a tháinig Conor Maguire ina dhiaidh.[1]

Cásanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an cás ba thábhachtaí a bhí aige mar Phríomh-Bhreitheamh ná seasamh na hArd-Chúirte leis an mBille um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Leasú) 1940, a bheartaigh géibheann coisctheach, dochinntithe a dhéanamh dleathach mar fhreagra ar fhadhb Óglaigh na hÉireann (an tIRA) mar a thug siad orthu féin, a bhí neamhdleathach ag an am sin.[1]

Iar-Phríomh-Bhreitheamh é Timothy Sullican sa Chúirt Uachtarach

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Cúirt Uachtarach na hÉireann. "Iar-Phríomh-Bhreithiúna". www.supremecourt.ie. Dáta rochtana: 2021-07-22.