Hugh Kennedy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hugh Kennedy
Hugh Kennedy.jpg
Abhcóide na Banríona

1902 -
1. Ard-Aighne na hÉireann

Eanáir 31, 1922 - Meitheamh 5, 1924 - John O'Byrne (en) Aistrigh
Teachta Dála

Deireadh Fómhair 27, 1923 - Meitheamh 24, 1924
Dúiche: Baile Átha Cliath Theas
Toghchán: fothoghchán
Príomh-Bhreitheamh na hÉireann

Meitheamh 24, 1924 - Nollaig 1, 1936 - Timothy Sullivan
Saol
Eolas breitheBaile Átha Cliath, 11 Iúil 1879
NáisiúntachtÉire
Saorstát Éireann
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
BásBaile na nGabhar, 1ú Nollaig 1936
Oideachas
Alma materOllscoil Ríoga na hÉireann
Leibhéal oideachaisBaitsiléir Ealaíon
Bachelor of Laws (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir, breitheamh agus abhcóide
BallraíochtÓstaí an Rí
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaFine Gael

Abhcóide, breitheamh agus polaiteoir Éireannach ba ea Hugh Kennedy (11 Iúil 1879 - 1 Nollaig 1936). Bhí sé ina bhall de Fhine Gael.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Hugh Kennedy a chuid oideachais go príobháideach agus ag Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, áit ar bhunaigh sé féin agus Felix Hackett an t-irisleabhar mac léinn St Stephes, a raibh sé ina chéad eagarthóir air.[1] Duine a chomhaimsire ab ea James Joyce.

Rinne Kennedy staidéar ar an dlí ag Óstaí an Ri, glaodh chun an Bharra é i 1902, agus chun Bharra na Sinsear i 1920. Bhí sé gníomhach i gConradh na Gaeilge agus rinneadh rúnaí onórach d'Ardchraobh (Coiste Feidhmiúcháin) na heagraíochta de. Bhí figiúir thábhachtacha mar Phádraig Mac Piarais, Eoin Mac Néill agus Eamonn Ceannt ar an gcoiste in éineacht leis. Bhí sé ina chomhairleoir dlí do Roinn an Rialtais Áitiúil faoin gcéad Dáil (Rialtas) agus bhí sé ina bhall den Choiste a dhréachtaigh Bunreacht Shaorstát Éireann 1922.

Bunreacht Shaorstát Éireann idir lámha sa bhliain 1922; an Cinnéideach 8ú ó chlé go deas

Rinneadh Ard-Aighne de i 1922,Toghadh é ina TD (teachtaí parlaiminte) do thoghcheantar Bhaile Átha Cliath Theas i 1923.

Rinneadh céad Phríomh-Bhreitheamh Shaorstát na hÉireann de i 1924 agus bhí sé san oifig sin go dtí go bhfuair sé bás go tobann i 1936.

Bhí sé ina chomhalta agus leasuachtarán ar an Royal Society of Antiquaries of Ireland, bhí sé ina leasuachtarán ar an Statistical Society, agus ina MRIA (Ball d'Acadamh Ríoga na hÉireann, agus ina Ghobharnóir ar an Dánlann Náisiúnta.

Fuair an Cinnéideach bás go tobann i Nollaig 1936.

Cásanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na gcinntí ba thábhachtaí a rinne Kennedy, bhí Moore v. an Ard-Aighne (1934) inar diúltaíodh d'éileamh ag comhlacht ar chearta iascaireachta sa chuid thaoidmhear d'Abhann na hÉirne, bunaithe ar an bhFéineachas, tar éis athbhreithnithe stairiúil ar an idirchaidreamh idir an Féineachas agus an dlí coiteann.[1]

Freisin bhí sé i gceannas ar an gCúirt Uachtarach sa Stát (Ryan) v. Lennon (1935), inar shocraigh an Chúirt nach raibh an chumhacht ag an bparlaimint Bunreacht 1922 a leasú le gnáthreachtaíocht. Breathnáitear ar an easaontú ba cháiliúla de chuid an Phríomh-Bhreithimh Kennedy mar an mbunús do chur chuige "dlí nádúrtha' na Cúirte Uachtaraí i dtreo an Bhunreachta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Cúirt Uachtarach na hÉireann. "Iar-Phríomh-Bhreithiúna". www.supremecourt.ie. Dáta rochtana: 2021-07-22.