Peadar O'Donnell
Peadar O'Donnell | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
Lúnasa 27, 1923 - Bealtaine 23, 1927 Dúiche: Dún na nGall Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1923 | |||
Saol | |||
Eolas breithe | An Clochán Liath, 22 Feabhra 1893 | ||
Náisiúntacht | Éire Saorstát Éireann | ||
Bás | 13 Bealtaine 1986 | ||
Áit adhlactha | Reilig Chill Chon Duibh | ||
Oideachas | |||
Alma mater | Coláiste Phádraig, Droim Conrach | ||
Teangacha | An Ghaeilge | ||
Gairm | |||
Gairm | iriseoir, polaiteoir, scríbhneoir agus gníomhaí polaitiúil | ||
Áit oibre | Saorstát Éireann | ||
Ballraíocht | Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann | ||
Seirbhís mhíleata | |||
Brainse míleata | Na Briogáidí Idirnáisiúnta | ||
Throid sé/sí ag | Cogadh Cathartha na Spáinne | ||
Cleamhnú | |||
Páirtithe polaitíochta | Sinn Féin Saor Éire An Chomhdháil Phoblachtach |
Scríbhneoir Béarla agus gníomhaí polaitiúil, idir Phoblachtach agus Mharxach, a bhí i bPeadar O'Donnell (Peadar Ó Domhnaill an leagan lán-Ghaeilge dá ainm, ach is é an leagan measctha a d'úsáid sé féin).
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh sa Chlochán Liath i dTír Chonaill ar an 22 Feabhra 1893 é, agus fuair sé bás ar an 13 Bealtaine 1986. Bhí sé ina eagraí do Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann agus throid sé i gCogadh na Saoirse.
Nuair a tháinig scoilt na nÓglach agus scaradh na gcompánach, thogair sé buille a bhualadh ar son na Poblachta, in aghaidh na Saorstátairí. Bhí sé ar dhuine acu siúd a shealbhaigh na Ceithre Cúirteanna, agus cimíodh é go gairid i ndiaidh bhombardú an árais sin. Chaith sé an chuid ba mhó de bhlianta an chogaidh chathartha i bPríosún Mhuinseo, agus i ndeireadh an chogaidh, chaith sé 41 lá ar stailc ocrais.
Nuair a scaoileadh saor leis an Dálach, chuaigh sé le polaitíocht i Sinn Féin, agus é ag iarraidh na Poblachtaigh a stiúradh i dtreo an tSóisialachais. Níor éirigh leis, agus ó nár éirigh, bhunaigh seisean agus lucht a leanúna an Chomhdháil Phoblachtach sa bhliain 1934. Throid sé i gCogadh Cathartha na Spáinne freisin, agus d'fhruiligh sé Poblachtaigh chlé eile in Éirinn le páirt a ghlacadh sa chogadh sin, Proinsias Ó Riain ina measc.
I ndiaidh na 1940idí, d'éirigh sé as an bpolaitíocht de réir a chéile, agus chaith sé a dhúthracht lena chuid oibreacha liteartha. Bhí sé ina eagarthóir ar The Bell sna blianta 1946-54.
Bhí aithne phearsanta aige ar Shéamus Ó Grianna agus ar Sheosamh Mac Grianna. Ba é Seosamh a d'aistrigh dhá leabhar leis go Gaeilge. Bhí an teanga ag an Dálach féin, cé nár bhain sé úsáid liteartha aisti.
Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Storm, úrscéal, 1925
- Islanders, úrscéal, 1928 (Muintir an Oileáin an leagan Gaeilge a rinne Seosamh Mac Grianna)
- Adrigoole, úrscéal, 1929 (Eadarbhaile a thug Seosamh Mac Grianna ar a leagan Gaeilge féin)
- The Knife, úrscéal, 1930
- The Gates Flew Open, dírbheathaisnéis, 1932
- Wrack, dráma, céadléiriú 1932, foilsiú 1933
- On the Edge of a Stream, úrscéal, 1934
- Salud! An Irishman in Spain, cuimhní cinn, 1937
- The Big Window, 1955
- There Will Be Another Day, dírbheathaisnéis, 1963
- Proud Island, 1975
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |