Piaras Béaslaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Piaras Béaslaí
PB.jpg
Fógra san iris 'Éire' sa bhliain 1940.
Dáta breithe 10 Márta 1881
  Learpholl, Sasana
Dáta báis 22 Meitheamh 1965
  Baile Átha Cliath, Éire
Náisiúntacht Éireannach
Gairm Trodaí saoirse, polaiteoir, scríbhneoir Gaeilge

Scríbhneoir Gaeilge, trodaí saoirse d'Éirinn agus saighdiúir ab ea Percy Frederick Beazley, nó Piaras Béaslaí. Rugadh i Learpholl é ar an 10ú Márta 1881, agus fuair sé bás ar an 22ú Meitheamh 1965 i mBaile Átha Cliath. Scríobh sé drámaí agus dánta, ach is é an saothar litríochta is tábhachtaí dár tháinig óna pheann ná an t-úrscéal fáthchiallach Astronár.

A Shaol[athraigh | edit source]

A Chéad Óige[athraigh | edit source]

Éireannaigh ab ea iad a thuismitheoirí, Nannie Hickey (Áine Ní Ící) agus Patrick Langford Beazley. Ní raibh focal Gaeilge i bpluc ceachtar acu, ach mar sin féin, bhí suim acu i gcás na hÉireann. Fuair Piaras óg féith na scríbhneoireachta ó thaobh na dtaobhann freisin, nó scríobh Nannie a lán dánta agus scéalta tírghráthúla faoi Éirinn agus faoi laochra na hÉireann nuair a bhí sí óg, agus chaith Patrick Langford Beazley na blianta fada ina eagarthóir ar nuachtán na gCaitliceach i Learpholl.

Fuair Piaras óg an chéad bhunscolaíocht i Wallasey i Learpholl, ach ansin, cuireadh ag foghlaim é i gColáiste San Proinsias Xavier. Scoil Chaitliceach do chlann na meánaicme Éireannaí i Learpholl a bhí ann agus í á reáchtáil ag na hÍosánaigh. D'éirigh le Piaras go maith ar scoil, ó bhí sé tar éis tús a chuid Laidine, Fraincise agus Gréigise a fhoghlaim óna athair cheana féin, nuair a tháinig sé go dtí an coláiste. Fear mór léitheoireachta ab ea é a athair, agus ba mhinic a léadh sé os ard scéalta as na leabhair do Phiaras agus dá dheartháireacha. Faoi thionchar na léitheoireachta seo, chuir Piaras óg suim san amharclannaíocht agus sa drámaíocht. Ina bhuachaill óg dó, bhí sé ag scríobh drámaí beaga cheana féin.

An Gaeilgeoir Óg[athraigh | edit source]

Ní raibh ann ach déagóir óg nuair a thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge as a stuaim féin. Bhí sé i dtuilleamaí na n-irisí is na dtéacsleabhar lena chuid Gaeilge a fhoghlaim, nó cé gur thosaigh Conradh na Gaeilge ag soláthar ceachtanna i Learpholl féin i ndeireadh na naoú haoise déag, níor cheadaigh a chúthaileacht don ógánach freastal orthu ar dtús.

Dealbh do Phiaras Béaslaí, Peadar Ó Cearnaigh agus Tomás Ághas (Reilig Ghlas Naíon)

Is deacair a rá cathain a chuaigh Piaras an chéad uair go hÉirinn, ach is ansin is túisce a casadh cainteoirí líofa Gaeilge air, nó ní raibh baint ar bith aige le saol na Gaeilge i Learpholl. Sin mar a thugann sé féin le fios ina chuid cuimhní cinn, ar a laghad. Ón taobh eile de, áfach, cúis náire ab ea é do Phiaras riamh i measc na náisiúnaithe Éireannacha gur Sasanach a bhí ann, is é sin, gur rugadh is gur tógadh i Sasana é, agus ina fhear fásta dó, bhí sé ag iarraidh a áitiú ar na daoine gurb in Éirinn a saolaíodh é. Mar sin, is féidir gurb i Learpholl a casadh an chéad chainteoir dúchais air, cé gurbh fhearr leis a shíleadh gurb in Éirinn a tharla sé.

Ón taobh eile de, tá a fhios againn go raibh lucht gaoil aige i gCiarraí, agus uncail leis ina shagart paróiste sa Ghaeltacht. Ar cuairt ansin dó, tháinig an-fheabhas ar a chuid Gaeilge, agus é ag bailiú is ag breacadh síos sleachta béaloidis ó sheanchaithe an cheantair leis an teanga a fhoghlaim ní b'fhearr fós. I bhfad ní ba déanaí, d'fhoilsigh sé na sleachta seo in irisí Gaeilge.

An tÁbhar Iriseora[athraigh | edit source]

Nuair a chríochnaigh sé an scoil, bhí a chuid tuairiscí thar barr ar fad, ach ina dhiaidh sin féin níor thogair sé ardoideachas a tharraingt air. B'fhearr leis a chuid a shaothrú ar iriseoireacht, cosúil lena athair féin. Thairis sin, theastaigh uaidh rud éigin fónta a dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeilge agus cúis na teanga a chur chun cinn.

D'fhoilsigh Béaslaí an chéad chupla mionsaothar sa bhliain 1899, nuair a ghlac irisleabhar Éireannach i Londain, New Ireland, le dán scigiúil agus le gearrscéal beag uaidh.

Sa bhliain 1900, d'éirigh le Piaras an chéad jab ceart iriseoireachta a fháil. Fuair sé post sóisearach ag an Wallasey News and Wirral General Advertiser i Learpholl. Ní raibh i gceist ach leathsheachtanán áitiúil an Pháirtí Liobrálaigh, ach mar sin féin, tús a bhí ann. Faoin am seo, thosaigh gníomhaíocht Phiarais sna cumainn Éireannacha i Learpholl. Bhí sé tar éis cuairt a thabhairt ar Oireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus alt ardmholtach a fhoilsiú faoi ar an Catholic Times cheana féin, sula ndeachaigh sé i gcraobh áitiúil Chonradh na Gaeilge. D'iompaigh sé amach nach raibh mórán Gaeilge ag aon duine de na Conraitheoirí áitiúla, agus ar an toirt rinneadh múinteoir Gaeilge de Phiaras féin. Ar dtús, d'fhéadfá a rá gur bhain obair an Chonartha mealladh as, ach i rith an ama, chabhraigh an Conradh leis teacht i dteagmháil le cainteoirí dúchais agus tuilleadh a fhoghlaim uathusan. Casadh a lán cainteoirí ó Ghaeltacht Mhaigh Eo air, agus d'éirigh sé eolach ar a gcanúint siúd.

I dtús báire, bhí Piaras ina bhall de Chraobh Learphoill den Conradh. Bhí cainteoirí dúchais sa dá chraobh eile sa chathair, ach ní bhfuair sé aithne cheart orthu ach sa bhliain 1902, nuair a chuaigh sé i gCraobh Bootle.

Bhí sé ina bhall ghníomhach den Celtic Literary Society chomh maith, agus é an-díograiseach ag glacadh páirte in imeachtaí an dá chumann. Ba mhaith leis siamsaíocht agus amharclannaíocht freisin, agus ba mhinic é i bpáirt an tsiamsóra ag cur na ndaoine eile ag gáire lena chuid geáitsí. Bhíodh sé ag aithris filíocht Ghaeilge ag ócáidí an CLG. Tríd is tríd, bhí sé ag éirí ina fhear tábhachach i measc Ghaeil óga Learphoill.

Chaith sé seal beag ag obair ina fho-eagarthóir don Liverpool Daily Post, ach d'éirigh sé as go sciobtha. Bhí sé ar bís aistriú go hÉirinn, nó mhothaigh sé gurb ansin a bhí a chinniúint, agus é chomh sáite i saol na gcumann Gaelach is a bhí. Ní raibh obair ar fáil dó in Éirinn, ach ó bhí athrú áite de chineál éigin de dhíth air, chuaigh sé ag lorg oibre in áiteanna eile i Sasana.

Fuair sé post ag an Rochester & Chatham Journal i Kent. Ní raibh ann ach liarlóg áitiúil nuachtáin a raibh dearcadh Coimeádach aici. Bhí an tuarastal go dona, agus ní raibh an obair ag taithneamh le Piaras ach an oiread. Sa deireadh thiar, d'imigh Piaras ón nuachtán in éineacht le duine eile de na heagarthóirí, Breatnach dar shloinne Bennet. Fuair Bennet post sa phríomhchathair agus mheall sé Piaras go Londain chomh maith. I Londain, thosaigh sé ag freastal ar imeachtaí na craoibhe áitiúla de Chonradh na Gaeilge, agus fuair sé go leor cairde nua, gan trácht a dhéanamh ar na seanchairde agus an lucht gaoil a casadh air ag ócáidí an Chonartha. I measc an lucht aitheantais seo, bhí Liam P. Ó Riain, Fionán Mac Coluim, Mícheál Breatnach, agus go leor eile. Ní ba deireanaí. d'admhaigh Piaras go raibh sé ag adhradh Fhionáin Mhic Coluim mar a bheadh laoch ann. Casadh Pádraic Ó Conaire féin air i measc lucht Gaeilge Londan.

Ar dtús, níor éirigh leis post a fháil i Londain. Chaith sé saoire na Nollag sa bhaile i dteach a thuismitheoirí, ach ina dhiaidh sin, d'fhill sé go dtí an phríomhchathair. Sa deireadh, áfach, b'éigean dó a admháil nach raibh an iriseoireacht ag éirí leis i ndeisceart Shasana, agus tháinig sé ar ais go Learpholl.

An Conraitheoir[athraigh | edit source]

Chuaigh sé le hobair Chonradh na Gaeilge ansin arís. Anois, d'athraigh sé craobh, nó chuaigh sé i gcraobh Bootle. Lucht oibre ba mhó a bhí sa chraobh sin, agus cuid mhór acu ina gcainteoirí dúchais ón nGaeltacht.

I mBealtaine 1902, tháinig an chéad sliocht béaloidis i gcló ar an gClaidheamh Solais a bhí bailithe ag Piaras sa Ghaeltacht. Ba é seo tosach a chuid scríbhneoireachta as Gaeilge. San am céanna, bhí sé gnóthach i gConradh na Gaeilge, agus sna blianta 1903-1904, chaith sé seal ina chathaoirleach ar Choiste Ceannais an Chonartha i Learpholl. Nuair a bhí an t-údarás sin aige, bhí sé ábalta a lán imeachtaí cultúrtha Gaeilge a chóiriú agus a eagrú. Má stáitsigh an Conradh i Learpholl dráma Gaeilge, is follasach go raibh lámh ag Piaras san obair sin.

Bhí Fionán Mac Coluim, fear fuinnimh an Chonartha i Londain, á adhradh ag Piaras. Theastaigh uaidh an sracadh céanna a chur i gConradh Learphoill agus a bhí, dar leis, i gConradh Londan.

Faoin am seo, thosaigh sé ag cur suime sa náisiúnachas Éireannach. Chuaigh sé le lúthchleasaíocht sa CLG, nó bhí sé barúlach gur chóir dó, mar Ghael, é féin a ullmhú i gcomhair troda ar son shaoirse na hÉireann. A bhuí leis an stádas a bhí aige sa Chonradh, bhí cairde Éireannacha aige anois, ach san am céanna, ba chúis náire dó nach raibh nósanna na hÉireann aige, agus sórt míchompoird air uaireanta i gcuideachta na nÉireannach. Mar sin, d'fhéadfá a rá go raibh sé ag iarraidh athsheilbh a fháil ar an Éireannachas ba dual dó ó thaobh na dtaobhann, agus gur cuid den athghabháil seo ab ea an taitneamh a thug sé don Ghaeilge agus an tsuim a chuir sé sa náisiúnachas.

Nuair a bhí Piaras sáite i gcúrsaí an Chonartha, d'éirigh sé mór le bean a bhí cúig bliana ní ba sine ná eisean, Delia Hurley, nó Brighid Ní Mhuirthile, mar a thugadh Piaras uirthi ina chuid scríbhinní príobháideacha. Ba ise a chéad searc, ach níor bhláthaigh an grá riamh thar ghnáthchairdeas. Bhí a lán rudaí eile seachas an grá ag déanamh scime dó agus á choinneáil corraithe corrthónach san am seo. Ó thaobh amháin de, theastaigh uaidh cabhrú le forbairt an Chonartha i Learpholl, ach ón taobh eile, bhí mífhoighne air a aghaidh a thabhairt ar Éirinn. Ní raibh a fhios aige, áfach, conas a shaothródh sé a chuid thall ansin - cén tslí bheatha a bheadh aige. Bhí sé ag smaoineamh ar thimireacht a dhéanamh don Chonradh, - sin nó dul ag múineadh scoile.

Chaith sé trí seachtaine i mBaile Átha Cliath i Lúnasa 1904, agus é ag freastal ar imeachtaí Oireachtas na Gaeilge ansin. Ní dhearna an turas seo ach méadú ar a mhífhoighne, agus chaith sé na míonna ina dhiaidh sin ag cur is ag cúiteamh leis féin, arbh é seo an t-am ceart le dul go hÉirinn.

Go hÉirinn[athraigh | edit source]

Nuair a tháinig an tEarrach, shocraigh sé suas a intinn. D'aistrigh sé ó Learpholl go Baile Átha Cliath i mBealtaine 1905. Ba ansin a ghlac sé an t-ainm nua air féin - Pierce Beazley in áit Percy sa Bhéarla. Thóg sé roinnt ama air an fhoirm cheart Gaeilge a roghnú - Piaras Béaslaigh, Béaslaoi nó Béaslaí. Tháinig an t-aistriú go hÉirinn aniar aduaidh ar a thuismitheoirí agus ar a chuid cairde i gConradh na Gaeilge, agus iad á aireachtáil uathu go mór mór. Bhí a thuismitheoirí ag cur postorduithe chuige fad is nach raibh jab aige, ach san am céanna, bhí a athair sásta admháil nach mbeadh mórán dul chun cinn i ndán dó dá bhfanfadh sé i Learpholl. Sna litreacha a bhí sé a fháil óna athair san am seo, is féidir a aithint go raibh seisean agus a mhuintir á chronú go mór, ach ba léir fosta gur cúis bhróid agus sástachta ab ea é don athair gur fear fearúil neamhspleách a bhí i bPiaras anois.

Ó bhí ról lárnach aige i gConradh na Gaeilge i Learpholl, ba mhór an buille dá chuid cairde fosta an dóigh ar sheangaigh sé leis as an áit. Fuair sé litreacha uathu inar léirigh siad go raibh siad buartha faoi thodhchaí an Chonartha sa chathair ina uireasa, agus cuid acu ag tabhairt le fios nach mbeadh Gaeilge ar bith acu murach an díograis a léirigh Piaras féin don teanga. Is soiléir gur duine d'fhir mhóra an Chonartha a bhí ann go dtí sin, cé nach raibh ann ach ógfhear.

Is dócha go raibh cumha éigin air féin i ndiaidh a shaoil thall, go háirithe go gairid i ndiaidh dó teacht go hÉirinn, ó nach raibh post ná gléas beo aige. Tháinig athrú air sin de réir a chéile, áfach, nó is amhlaidh go raibh obair ar fáil d'ógiriseoir i mBaile Átha Cliath, agus an borradh a bhí díreach ag teacht ar ghnó na nuachtánaíochta sa chathair. Lean sé leis ag cur ábhair chuig na nuachtáin, agus níor thóg sé mórán ama air cuid de na hailt seo a fheiceáil i bprionta. Bhí an Weekly Freeman sásta a chuid alt agus aistí a fhoilsiú go tráthrialta, ach go háirithe.

Craobh an Chéitinnigh[athraigh | edit source]

Nuair a bhí ioncam agus slí bheatha socair aige, chuaigh Piaras i gCraobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge, i dtús na bliana 1906. Bhí clú na díograise ar an gCraobh seo, agus bhí cuid mhór de bhaill na craoibhe le páirt thábhachtach a dhéanamh i stair na hÉireann fós. Muimhnigh ab ea iad na baill, sin nó foghlaimeoirí a raibh luí ar leith acu le canúint na Mumhan. Le fírinne, bhí sé mar scéal magaidh ag lucht an Chonartha nár tháinig traein amháin ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath nach raibh gníomhairí de chuid Chraobh an Chéitinnigh ag fanacht léi ar ardán an stáisiúin, agus iad meáite ar gach cainteoir dúchais a thuirlingeodh ón traein a earcú dá gcraobh. Ní raibh ann ach greann, ar ndóigh, ach is dócha go ndeachaigh Muimhneachas agus náisiúnachas na craoibhe go mór i gcion ar Phiaras, agus ó b'í Gaeilge Chiarraí an chanúint ba túisce a d'fhoghlaim sé féin, ba dual dó dul sa chraobh áirithe seo ó thaobh na teanga de freisin.

I gCraobh an Chéitinnigh, fuair Piaras Béaslaí aithne ar a lán de mhaithe is de mhóruaisle na gluaiseachta: Pádraig Ó Duinnín, fear an fhoclóra; Shán Ó Cuív, a cheap a litriú féin don Ghaeilge, nó an Letiriú Shimplí ("an litriú simplí"); "Tórna", nó Tadhg Ó Donnchadha; "Fiachra Éilgeach", nó Risteard Ó Foghludha; agus Máire Ní Chinnéide, a raibh sé daite di cuimhní cinn Pheig Sayers a chur in eagar. Casadh Cathal Brugha ar Phiaras roimhe sin féin.

Ábhar Scríbhneora[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1906, scríobh Piaras Béaslaí dráma Gaeilge le haghaidh chomórtas an Oireachtais. Dráma laochais a bhí ann, agus is é an teideal a bhí air ná Cormac na Coille. Bhí an-dóchas ag Piaras as duais, ach ní raibh na moltóirí sásta leis an dráma. Bhí siad inbharúla go mbeadh an stíl ní b'oiriúnaí don ghearrscéal ná don dráma. Ón taobh eile de, rug sé an chraobh leis lena aiste léirmheastóireachta liteartha, nó bhí na moltóirí an-sásta leis. Le fírinne, ní raibh mórán feabhais ar an aiste [1], ach is dócha go raibh an Béaslaíoch ina cheannródaí mar léirmheastóir, agus gurbh é sin thar aon rud eile a thuill an duais dó.

Colúnaí Gaeilge[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1906, thosaigh Piaras Béaslaí ag scríobh colún Gaeilge ar an bhFreeman's Journal. Go gairid ina dhiaidh sin, fuair sé, mar dhíograiseoir mór teanga agus amharclannaíochta, ábhar maith scríbhneoireachta nuair a bhris an chonspóid amach faoi dhráma John Millington Synge, The Playboy of the Western World ("Buachaill Báire an Domhain Thiar"). Bhí an Béaslaíoch orthu siúd a tharraing callán ar an amharclann lena mhíshástacht a chur in iúl, agus ghabh na péas é. Nuair a tugadh os comhair na cúirte é, rinne sé ócáid agóide den tseisiún, agus gearradh fíneáil dhá phunt de. Rinne an pionós seo mairtíreach agus laoch den Bhéaslaíoch i súile na nGaeilgeoirí.

Faoin am seo, thosaigh Bráithreachas na Poblachta ag iarraidh an Béaslaíoch a earcú. Ba é a chara Cathal Brugha a d'áitigh air dul sna Bráithre. In Áras na bhForaoiseoirí, 41 Cearnóg Parnell, a mhóidigh an Béaslaíoch mionnaí an Bhráithreachais.

Rud eile fós, toghadh ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge é ar Ard-Fheis an Chonartha sa bhliain 1907. Tharraing sé súil na gConraitheoirí air féin ar bhealach eile fós, nuair a thug sé léacht do Chraobh an Chéitinnigh faoin teideal Longar Langar na hÉireann. (Is éard atá i gceist le "longar langar" ná ceann de na teilgeanacha uamacha cainte sa Ghaeilge a chiallaíonn mí-ordú agus meascán mearaí.) Bhí an léacht seo dírithe ar smaointí praiticiúla a chur os comhair na gCéitinneach faoin dóigh cheart leis an nGaeilge a athbheochan. Mhol an Béaslaíoch Gaeilge a chur i ngnáthúsáid sna nuachtáin, sna siopaí agus sna gnóthaí. Ní raibh sé sásta le hobair na dtéarmadóirí, nó bhí sé barúlach go mbeadh sé ní ba tábhachtaí nuachtán Gaeilge a chur ar bun a mheallfadh léitheoirí i dtreo na teanga.

Chuir sé béim ar leith ar Ghaeilge agus ar thraidisiún na Gaeltachta mar chrann taca don chineál litríocht Gaeilge a bhí ag teastáil uaidh. "Ná glacaimis le scríbhneoir Gaeilge mura bhfuil tobar a fheasa ag brúchtaíl le fíoruisce na Gaeltachta" [2]. Mhol sé freisin go mbunófaí amharclann ar leith le haghaidh na ndrámaí Gaeilge. Tríd is tríd, theastaigh infreastruchtúr cultúrtha Gaeilge uaidh: nuachtáin, leabhair don ghnáthléitheoir, amharclann, agus araile. Is féidir a rá go raibh ciall instinneach aige d'fhírinní bunaidh na sochtheangeolaíochta, do riachtanaisí sochúla na Gaeilge agus a hathbheochana.

An Drámadóir[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1907, chuaigh Cormac na Coille, an dráma nár ghnóthaigh an duais, chuaigh sé ar stáitse an chéad uair riamh. Ba í Craobh an Chéitinnigh a léirigh é. Fuair Piaras mianach an scéil ó Philaster, or Love Lies a-Bleeding, seandráma Béarla a léiríodh an chéad uair timpeall na bliana 1600. Ghaelaigh sé an dráma seo ó thús deiridh, agus shocraigh sé na himeachtaí i saol na Gaeilge sa bhliain 1600. Rinne an Béaslaíoch a dhicheall le sochaí na sean-Ghael a athchruthú ar an stáitse, ach san am céanna, is féidir an locht a fháil ar an saothar go dtéann sé chun donais ag druidim chun deiridh dó, agus an méaldráma ag fáil an lámh in uachtar ar an dráma. Iarracht fhiúntach a bhí ann, ach mheath sí ar an scríbhneoir sa deireadh. Ina dhiaidh sin féin, bhí cuid mhaith buanna ag an saothar, agus is dócha go bhféadfadh amharclannaí sciliúil é a léiriú go maith tríd na codanna iomarcacha a ghearradh amach agus béim a chur ar shuáilcí an tsaothair.

Bhí Piaras ag déanamh dul chun cinn mar iriseoir san am seo freisin. Bhí sé ag scríobh an cholúin Ghaeilge don Freeman, ar ndóigh, ach thairis sin, scríobhadh sé ailt don Evening Telegraph, nuachtán den chineál éadrom a bhí á fhoilsiú ag an ngnólacht céanna. Bhí oifig chúng eagarthóireachta an Telegraph ina gclub ag iriseoirí na háite, rud ar thagair James Joyce féin ina úrscéal mór Ulysses, agus rachadh sé rite le Piaras agus eagarthóirí eile an pháipéir obair fhónta a chur i gcrích san am agus na fámairí seo go léir ag déanamh séis a gcomhrá ina dtimpeall.

Maidir leis an gcolún Gaeilge, bhí sé an-ilghnéitheach ó thaobh an ábhair de. Is é an teideal a bhí air ná I bhFochair na nGaedheal (sa seanlitriú), is é sin, i bhfochair na nGael, in aice leis na Gaeil, i gcuideachta na nGael, in éineacht leis na Gaeil. Is léir go mbíodh Piaras ag tabhairt cur síos ar chúrsaí ghluaiseacht na Gaeilge, ar obair na dtimirí, ar Oireachtas na Gaeilge agus ar imeachtaí cultúrtha eile sa teanga. Thairis sin, áfach, bhí gach sórt eile ann, idir nuacht agus saothar cruthaitheach, gan dearmad a dhéanamh de na stumpaí béaloidis agus béal-litríochta ón nGaeltacht. Bhí stíl a scríbhneoireachta go mór faoi thionchar Ghaeilge na Mumhan agus scéalta laochais na seanchaithe, agus uaireanta, bhí lucht labhartha na gcanúintí eile míshásta leis an gcineál teanga a chleachtadh sé.

An Chéad Ghearrscéal[athraigh | edit source]

An chéad scéal ficseanúil Gaeilge - nuair a fhágtar na drámaí as an áireamh - a d'fhoilsigh sé mar chuid den cholún, is é an teideal a bhí air ná Oidheadh Dhubhaltaigh - is é sin, "oidhe" (bás, dúnmharú, dúchinniúint) Dhubhaltaigh. Mar a léiríonn an teideal féin, b'é dúnmharú Dhubhaltaigh Mhic Fhirbisigh sa bhliain 1671 a bhí á phlé sa scéal. Le fírinne, níor chloígh an scéal go ródhlúth le firicí staire na heachtra, agus, thairis sin, ní raibh suáilcí liteartha ag an scéal in éiric na laigí seo, ó bhí Piaras ró-umhal do mhúnlaí inste na scéalta laochais i gcónaí. Tugann Pádraig Ó Siadhail (lch. 159 ina leabhar) an sampla seo dúinn:

An seanollamh ionraic Gaelach - is é sin, Dubhaltach féin - ina shuí go stuama, mar ba dual dó, gan scéin ná scáth ina radharc, agus an phéist de mheisceoir Ghallda - an fear a mharaigh é - ar a aghaidh amach. D'aithin an Gall a raibh eatarthu agus d'éirigh friochadh fuatha agus mire ina chroí. Rug sé ar scian a bhí ar an mbord agus sháigh sé go feirc í i gcliabh an tseanchaí.

Is é sin, is laoch léannta gan cháim é an Gael, agus is caimiléir cam é an Gall, agus sin a bhfuil de: níl tucaidí intuigthe ag an nGall lena ndéanann sé, níl ann ach go bhfuil an fhios aige an Gael a bheith ina Ghael agus ina dhea-dhuine dá réir, agus é féin a bheith ina dhrochdhuine toisc gur Gall é, agus mar sin, maraíonn an Gall an Gael cionn is go bhfuil sé in éad leis.

D'fhoilsigh an Béaslaíoch scéal eile i dtús na bliana 1909, Eachtra an Ghiolla Dhuibh. Bhí an scéal seo fréamhaithe go domhain in ithir na scéalaíochta traidisiúnta, agus na laigí ba dual di ag baint leis. Ní raibh Béaslaí dóchasach as an nGaeilge mar mheán scríbhneoireachta a bheadh oiriúnach do shaol na cathrach. Mar a dúirt sé féin, ní fhásfadh aon litríocht Gaeilge as clocha Bhaile Átha Cliath sula mbeadh an Ghaeilge ina gnáth-theanga ag muintir na cathrach. Cineál ancheist a bhí ann, nó cé nár chreid sé go ródhaingean i litríocht uirbeach Gaeilge mar fhéidearthacht, ní fhéadfadh sé fanacht ina thost mar scríbhneoir Gaeilge ach an oiread.

Bhí baint ag Béaslaí le Cumann na hÉigse freisin. Bhí an Cumann seo in ainm is a bheith ag athbheochan na gcúirteanna filíochta a bhí ann i ré na Gaeilge Clasaicí. Is fearr a rá, áfach, go raibh sé ag déanamh aithris ar Gorsedd na mBard sa Bhreatain Bheag.

An Fínín[athraigh | edit source]

Mar a chonacthas, bhí Piaras ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta. Club Teeling an t-ainm a bhí ar an gcraobh den Bhráithreachas a raibh Piaras páirteach ina gníomhaíocht. Faoin am seo, ní raibh mórán idir lámhaibh ag an mBráithreachas go fóill. Go bunúsach, chaithfeá dul ar chruinniú uair in aghaidh na míosa, agus ag an gcruinniú sin duit, d'íocfá scilling leis an gciste a bhí bunaithe ag an mBráithreachas chun airm thine a cheannach le haghaidh na réabhlóide a bhí le teacht an lá ab fhaide anonn.

Ní raibh an Bráithreachas ag ullmhú na ceannairce armtha go fóill, áfach. Sa bhliain 1908, bhí sé de dhánacht i bPiaras a rá i gceann dá chuid colún go mbainfeadh Éire amach a saoirse go fóill, i ndiúnas ar "ropairí nimhe" Shasana, cé nach raibh a fhios ag aon duine fós "cé acu le lámh láidir nó le gliceas" a thiocfadh an tsaoirse sin. Bhí níos mó béime ar an ngliceas san am, nó bhí an Bráithreachas ag díriú ar insíothlú na n-eagraíochtaí náisiúnaíocha cultúrtha, cosúil le Cumann Lúthchleas Gael agus Conradh na Gaeilge, le fir óga a earcú le hoiliúint chogaidh a thabhairt dóibh. Sna blianta seo, ní raibh mórán stádais ná céimíochta ag an mBéaslaíoch sa Bhráithreachas go fóill, agus dealraíonn sé nach raibh sé ina ghunnadóir mór ach oiread leis an gcuid eile acu. Bhí meas mór ag an gConradh agus ag lucht na Gaeilge ar Bhéaslaí mar óráidí líofa Gaeilge, agus má bhí, níor leasc le Piaras leas a bhaint as a scileanna óráidíochta le soiscéal an Bhráithreachais a chraobhscaoileadh.

Ceist na dTáillí[athraigh | edit source]

Níorbh é sin an t-aon soiscéal a bhí aige do lucht an Chonartha, áfach. Nuair a chuaigh sé ar an gCoiste Gnó, d'éiligh sé go n-athrófaí béim chomórtas drámaíochta an Oireachtais ó na drámaí fada ar na drámaí aonghnímh. Maidir le ceist na dtáillí - is é sin, ceist na n-arduithe pá a bhí le híoc leis na múinteoirí a bheadh ag múineadh Gaeilge - bhí Béaslaí agus Craobh an Chéitinnigh go léir ar na "cancráin" (mar a thug Pádraic Mac Piarais orthu in alt ar an gClaidheamh Soluis i Márta 1908) a bhí ag tacú leis an bhfeachtas ar son na dtáillí. Bhí ceist na dtáillí ina hábhar conspóide sa Chonradh féin, ach san am céanna, bhí sí ag déanamh scime do Phiaras le fada an lá, nó bhí sé ag éileamh ina chuid colún le fada an lá go n-íocfaí tuilleadh pá le gach máistir is máistreás scoile a bheadh sásta Gaeilge a mhúineadh. Nuair nach raibh tromlach na gConraitheoirí sásta le scéim na dtáillí, agus polasaí eile á chur chun cinn acu le dátheangachas a chothú sa scolaíocht, d'éirigh Piaras as an gCoiste Gnó i ndeireadh na dála.

Mar iriseoir, bhí Piaras den tuairim gur chóir do lucht na ceirde aire a thabhairt dá leas agus cur le chéile ar a son féin. Nuair a bunaíodh Cumann Iriseoirí na hÉireann, nó "Cumann Lucht Irise" na hÉireann de réir na Gaeilge comhaimseartha, bhí Piaras páirteach in obair an Chumainn ó thús.

Cumann Oisín agus an Litriú Simplí[athraigh | edit source]

Cumann eile a bhí Piaras a bhunú ab ea Cumann Oisín, cumann a bhí dírithe ar litríocht na Gaeilge a chothú agus a fhorbairt. Tháinig an cumann seo chun saoil in Earrach na bliana 1910, agus i measc na mball, bhí daoine cosúil le Fiachra Éilgeach, Tórna, agus Máire Ní Chinnéide. Tugadh léachtaí Gaeilge ar litríocht na nGael agus ar litríocht an domhain, ó Chúirt an Mheán-Oíche go Chanson de Roland. B'í an fhilíocht an chloch ba mhó ar phaidrín an Chumainn, áfach, go háirithe aistriúcháin Ghaeilge ar dhánta cáiliúla i dteangacha eile.

Faoin am seo, bhunaigh Shán Ó Cuív - Seán Ó Caoimh sa ghnáthlitriú - agus Osborn Ó hAimhirgín an Cumann um Litriú Simplí, nó an Cuman um Letiriú Shimplí, mar a litrigh siad féin ainm an Chumainn. Bhí baint ag an mbeirt sin le Cumann Oisín freisin. Bhí an chuid ba mhó de ghluaiseacht na Gaeilge an-mhíshásta leis an Litriú Simplí. Go bunúsach, litriú a bhí ann a bhí bunaithe ar fhuaimniú Ghaeilge na Mumhan, agus é neamhspleách ar fad ar litriú traidisiúnta na Gaeilge. Ní raibh Béaslaí féin sásta leis an Litriú Simplí, nó thuig sé nach sásódh sé ach lucht labhartha Ghaeilge na Mumhan. Mar sin féin, cheadaigh sé don chumann cupla saothar leis féin a fhoilsiú sa litriú.

Bhí baint ag Béaslaí le coláiste na Mumhan freisin, i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Sa bhliain 1910, thug sé sraith léachtaí ansin faoi nualitríocht na Gaeilge - is é sin, saothar Sheathrúin Chéitinn agus gach dár tháinig ina dhiaidh. Rud nua ar fad a bhí i gceist leis na léachtaí seo, agus tharraing siad súil na nuachtán féin. Bhí Domhnall Ó Corcora ag freastal ar na léachtaí seo, agus é ina mhac léinn san am. Ba le linn na léachtaí seo a chuir Ó Corcora an oiread suime i bhfilíocht Ghaeilge na Mumhan is go scríobhfadh sé a leabhar cáiliúil Béarla faoi fhilíocht na Gaeilge, The Hidden Ireland, an lá ab fhaide anonn.

Ní raibh fad saoil i ndán do Chumann Oisín. Bhí an iomarca dual ar choigeal na mball taobh amuigh den Chumann, agus níor éirigh leo tuilleadh a earcú. Mar sin, tháinig deireadh le gníomhaíocht an Chumainn tar éis Earrach na bliana 1911.

Múscailt na Collaíochta[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1911, nuair a bhí sé ag druidim isteach le haois a dheich mbliana fichead, thug Piaras nóisean do chailín óg darbh ainm Maud Clancy. Bhí lúb bheag gaoil ag Piaras le Maud, agus mar sin, is dócha gur ghlac sé leis ó thús nach raibh rath ar bith i ndán d'aon fhíorchumann grá idir an dís acu. Agus an méid sin ráite, bhí sé féin barúlach nár dhúisigh aon bhean eile an tsuim i ngrá collaí aige roimh Maud. Mar sin féin, ní dhearna sé riamh ach amhráin Ghaeilge a mhúineadh don ghirseach.

Maidir leis na cúrsaí polaitíochta, réabhlóideachais agus poblachtánachais, bhí borradh díreach ag teacht fúthu faoin am seo, agus ar ndóigh, bhí an tríú Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann díreach ag dul faoi bhráid na Parlaiminte i Westminster. San am céanna, áfach, bhí Piaras ar duine de na fir óga a bhí ag cur sracadh nua i mBráithreachas na Poblachta. Nuair a tháinig Óglaigh Uladh, nó an chéad ionchollú den UVF, ar an bhfód i measc Phrotastúnaigh an Tuaiscirt, thosaigh an Bráithreachas ag druileáil in araicis an lae a chaithfidís buille a bhualadh ar a son. Bhí Piaras ag freastal ar na seisiúin dhruileála seo ag 41 Cearnóg Parnell.

Faoi thionchar an atmaisféir sa Bhráithreachas, thosaigh sé ag scríobh an t-aon úrscéal amháin a d'fhoilsigh sé, Astronár. Téama tábhachtach sa leabhar is ea é an troid a chuireann pobal faoi chois ar son a shaoirse, cé go bhfuil an scéal coimhthithe d'aon turas ó shaol na hÉireann, nó tá na himeachtaí suite i dtír shamhailteach in Oirthear na hEorpa, Amora, agus í faoi chois ag muintir Kratónia. Is é Astronár ainm an phríomhlaoich freisin, agus ainmneacha Gréigise nó bréag-Ghréigise ar na carachtair ar fad. Is dócha gurb as Béarla a scríobh sé an chéad dréacht agus gur chuir sé Gaeilge air ina dhiaidh sin.

Beirt na Bodhaire Bréige[athraigh | edit source]

Bhí sé ag plé le hamharclannaíocht freisin, nó léirigh sé agus a chompántas aisteoirí dráma le Sceilg (Seán Ua Ceallaigh), Cú Roí, a bhain amach duais an Oireachtais sa bhliain 1911. Chuaigh an dráma ar an stáitse ar Oireachtas na chéad bhliana eile. Ba mhinic a thráchtadh Béaslaí ar na cúrsaí drámaíochta agus ar thábhacht na drámaíochta d'athbheochan na teanga ina cholúin Ghaeilge. Thuig go leor eile i gCraobh an Chéitinnigh go raibh siamsaíocht phoiblí sa teanga de dhíth le súil agus gnaoi an phobail a tharraingt uirthi, agus iad ag léiriú drámaí ar an Oireachtas ón mbliain 1910 i leith. Sa bhliain 1913, léirigh Piaras dráma a d'aistrigh sé ón bhFraincis agus a d'athshuigh sé i saol na Gaeilge tríd na hainmneacha agus na tagairtí cultúrtha a athrú. Is é an dráma a bhí i gceist ná an chóiméide éadrom Les Deux Sourds le Jules Moinaux ón naoú haois déag, agus ba é an teideal a thug an Béaslaíoch air ná Beirt na Bodhaire Bréige.

Óglaigh na hÉireann[athraigh | edit source]

Dealraíonn sé gur sheachain Piaras Béaslaí agus a chuid cairde Gaelacha mórán ladair a chur i gcúrsaí polaitíochta le linn an Fhrithdhúnta Mhóir. Bhí a n-aird ar an Náisiúnachas agus ar an bPoblachtánachas. Tháinig an chéad ionchollú d'Óglaigh Uladh ar an bhfód i measc Phrotastúnaigh an Tuaiscirt faoin am seo. Cé gur tháinig an Rialtas Dúchais ar leabhar na reacht, bhí na luaidreáin ag imeacht ar fud na hÉireann nach mbeadh Arm na Breataine Móire sásta urchar ar bith a scaoileadh leis na hAontachtóirí, dá bhféachfaidís-san le feidhmiú an Achta um Rialtas Dúchais a chosc le lámh láidir. Ba é an t-aisfhreagra ba dual ná fórsa d'Óglaigh Chaitliceacha a bhunú. Ar ndóigh, bhí Piaras Béaslaí i láthair ag cruinniú bunaithe na nÓglach ar an 11ú Samhain 1913 i dTeach Ósta Wynn. B'é Béaslaí a cheap an t-ainm féin - Óglaigh na hÉireann.

Bhí an Béaslaíoch sna hÓglaigh ó thús báire, agus é ag druileáil go dúthrachtach. Fuair sé an-tacaíocht óna athair san obair seo, nó bhí an sean-Bhéaslaíoch thar a bheith bródúil as gaisce a mhic. San am céanna, bhí sé buartha brónach faoi Phiaras, nó thuig sé, ar ndóigh, an dainséar a bhí ag baint leis an tsaighdiúireacht. I litir a bhreac sé síos faoin am seo, thug sé rabhadh dá mhac go raibh na hairm thine thar a bheith contúirteach mar rudaí, agus gur chóir do Phiaras bheith cúramach thar an riachtanas agus é ag úthairt le gléasra an bháis.

Ina Shaoririseoir Arís[athraigh | edit source]

Cé go raibh Piaras ag dul le saighdiúireacht, ní dhearna sé dearmad de chúrsaí na hamharclainne ach an oiread. Sa bhliain 1914, chuaigh Fear an Scéilín Grinn, dráma leis an mBéaslaíoch a bhí bunaithe ar mhóitíf de chuid an bhéaloidis, chuaigh an dráma seo ar an stáitse an chéad uair riamh, agus léiríodh Beirt na Bodhaire Bréige in athuair faoi dheireadh Mhí Eanáir den bhliain chéanna. Ón taobh eile de, áfach, bhí sé de mhí-ádh ar Phiaras gur chaill sé a jab mar cholúnaí Gaeilge. Níltear cinnte cén fáth ar chinn lucht foilsitheoireachta an Freeman ar Bhéaslaí a bhriseadh as a phost. Tá dhá mhíniú ann: ní raibh eacnamaíocht an chomhlachta foilsitheoireachta sách maith le híoc as na colúin Ghaeilge, sin nó bhí na foilsitheoirí buartha faoin mbaint ródhlúth a bhí ag Piaras Béaslaí leis na hÓglaigh. Níl ceachtar den dá mhíniú seo róshásúil, áfach, nó de réir na fianaise atá ann bhí an gnó ag éirí go maith leis na foilsitheoirí, agus an brabús ag tonnadh isteach go talcánta tréan. Maidir leis na cúrsaí polaitíochta, is é an laige a bhaineann leis an dara míniú ná nach raibh seasamh glactha ag an bhFreeman in aghaidh na nÓglach san am.

Cibé scéal é, ba ar an 6 Márta 1914 a foilsíodh an colún deireanach ó pheann Phiarais Béaslaí ar an bhFreeman. Chuaigh an Ghaeilge i ndísc sna nuachtáin ar fad i rith na bliana céanna. Nó nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda, bhí spás ag teastáil le haghaidh na scéalta cogaidh, agus ba iad na colúin Ghaeilge ba túisce a d'imigh.

Chaithfeadh Béaslaí a chuid a shaothrú ar shaoririseoireacht arís. San am céanna, bhí dráma nua á chleachtadh ag a chuid aisteoirí, cóiméide dar teideal Cluiche Cártaí, a bhí bunaithe ar dhráma Béarla ón ochtú haois déag. Is féidir an leagan Gaeilge den dráma - Three Weeks after Marriage le hArthur Murphy an buntéacs - a cháineadh, toisc gur bhain an Béaslaíoch an aoir agus an chriticeoireacht shóisialta den scéal, agus é ag cur na spéise ba mhó i scéal grá na lánúine óige. Ní thig linn a rá, áfach, nach mbeadh tuiscint dá chuid féin ag Béaslaí ar cheist na drámaíochta Gaeilge, agus cúiseanna aige leis an éadromú a rinne sé ar an dráma.

Nuair a bhí Bealtaine na bliana 1914 ag druidim chun deireanais, thug Béaslaí léacht Béarla ar chúrsaí amharclannaíochta na Gaeilge, agus é ag trácht go cuimsitheach ar an dearcadh a bhí aige féin ar cheisteanna na drámaíochta. Bhí sé míshásta leis an mí-eagar a bhí ar shaol na hamharclannaíochta Gaeilge. Ní fhéadfá gluaiseacht drámaíochta a thabhairt ar an lucht amharclannaíochta a bhí ann, ó bhí gach baicle bheag bhídeach ag tochras ar a ceirtlín féin. San am céanna, bhí Béaslaí den diantuairim go raibh an-phoitéinseal in amharclannaíocht na Gaeilge d'obair athbheochana na teanga ar acht is go bhfréamhódh traidisiún na haisteoireachta sa Ghaeltacht. Ní raibh sé ag dréim le hamharclannaíocht ardealaíonta, ach le siamsaíocht éadrom a d'fhéadfadh na sluaite móra a mhealladh i dtreo na teanga.

Na Réamannaigh ag Glacadh Seilbhe ar na hÓglaigh[athraigh | edit source]

San am céanna, d'fhéach John Redmond, cathaoirleach Pháirtí Pairliminteach na hÉireann, le smacht a fháil ar Óglaigh na hÉireann. Ar chúla téarmaí, chuaigh Redmond i dteagmháil le hEoin Mac Néill, arbh é cathaoirleach na nÓglach é. Fear scolártha a bhí ann nach raibh mórán den mhíleatachas ag roinnt leis, agus is dealraitheach gur chuir lucht an Bhráithreachais i gcathaoir na heagraíochta é le plán mín a chur ar na hÓglaigh i súile an tsaoil mhóir. Nuair a thosaigh Mac Néill polasaithe na nÓglach a shocrú beag beann ar an mBráithreachas, tháinig sé aniar aduaidh ar dhaoine cosúil le Piaras Béaslaí féin. Ba é deireadh an scéil gur thoiligh tromlach na nÓglach na Réamannaigh a ligean isteach san eagraíocht. Bhí Béaslaí orthu siúf nach raibh sásta leis an gcinneadh seo. Bhain sé stangadh agus mealladh as go raibh Óglaigh shinseartha cosúil le Bulmer Hobson - fear a raibh an-mheas ag Béaslaí air - go raibh fir den chineál sin fonnmhar chun comhoibriú le John Redmond ar a choinníollacha siúd. D'eisigh Béaslaí agus lucht a chomhthuairime, fiú, ráiteas agóide, agus iad ag cáineadh an dóigh ar ghlac na Réamannaigh seilbh ar na hÓglaigh. Ina measc siúd a shaighneáil an ráiteas seo, bhí Pádraig Mac Piarais, chomh maith le Con Colbert, Éamonn Ceannt, agus Seán Mac Diarmada.

Ina dhiaidh sin, thosaigh na Réamannaigh ag tonnadh isteach sna hÓglaigh. Bhí lucht an Bhráithreachais, cosúil le Béaslaí, míshásta leis an bhforbairt seo, nó má bhí smacht réasúnta acu ar na hÓglaigh roimhe sin, níor fágadh ach complachtaí scaipthe scartha acu anois, ceann anseo agus ceann eile ansiúd.

Ag Amharclannaíocht ar fud na Mumhan[athraigh | edit source]

Ní dhearna Béaslaí dearmad de chúrsaí na hamharclannaíochta Gaeilge ach an oiread. Le scíth a fháil ó chúrsaí na príomhchathrach, chuaigh sé go Corcaigh le haghaidh camchuairt amharclannaíochta. Ar an 18ú lá de Mhí Iúil, 1914, chuaigh compántas aisteoireachta Phiarais ar stáitse i Halla an Athar Maitiú le Beirt na Bodhaire Bréige agus le Cluiche Cártaí a dhéanamh. Níor éirigh leis na drámaí ach dornán beag daoine a mhealladh i gCathair Chorcaí féin, ach nuair a d'fhág siad an chathair, fuair siad na sluaite ag fáiltiú rompu sna bailte beaga, cosúil le Maigh Chromtha, Béal Átha an Ghaorthaidh agus Inse Geimhleach. Bhí Piaras Béaslaí agus na haisteoirí breá sásta leis an dóigh a ndeachaigh an amharclannaíocht i bhfeidhm ar chainteoirí dúchais na Mumhan, agus an port le cloisteáil go raibh ní ba mhó tairbhe ina gcuid oibre don teanga sa Ghaeltacht ná in aon iarracht eile dá ndearna na Gaeilgeoirí ó Bhaile Átha Cliath sa taobh seo den tír.

Ina Sháirsint Druileála sa Mhumhain[athraigh | edit source]

Ó bhí a jab mar nuachtánaí caillte aige, ní raibh cúis ar bith ag Piaras filleadh go róluath go dtí an phríomhchathair i ndiaidh an chamruathair aisteoireachta. D'iarr Traolach Mac Suibhne air "díorma fíor-Ghaelach d'Óglaigh a bhunú is a dhruileáil sa Mhumhain". Fadhb a bhí ann dar le cuid mhaith daoine sa Chonradh go raibh na hÓglaigh ag bréagadh na bhfear óg go léir chucu féin, ionas nár fágadh d'uain ag aon duine acu an teanga a fhoghlaim ná a chur chun cinn. Bhí Shán Ó Cuív, mar shampla, buartha faoin dóigh a rachadh fairsingiú an Náisiúnachais agus an Óglachais faoin tuath i bhfeidhm ar an teanga: an mbeadh teacht ar dhruileálaithe a bheadh idir ábalta agus shásta Óglaigh a oiliúint trí mheán na Gaeilge? Thug Traolach Mac Suibhne agus Piaras Béaslaí an imní a bhí ar Shán Ó Cuív, agus chaith Béaslaí deireadh an tsamhraidh ag druileáil na bhfear i mBéal Átha an Ghaorthaidh.

Scoilt na nÓglach[athraigh | edit source]

Go gairid ina dhiaidh, chuaigh scoilt ar na hÓglaigh. San am seo, bhí Piaras Béaslaí ina chinsire ar sheachtanán na nÓglach, The Irish Volunteer. Ag cruinniú choiste na nÓglach i Mí Mheán Fómhair 1914, lochtaigh lucht leanúna John Redmond an seachtanán toisc nach raibh sé ag tacú leis an mBreatain Mhór sa chogadh a bhí díreach tar éis pléascadh amach. Bhí an scoilt idir na Réamannaigh agus na frith-Réamannaigh chomh fíochmhar is go raibh ceannairí na nÓglach ag beartú gunnaí ar a chéile.

An chuid ba mhó de na hÓglaigh, chuaigh siad le Redmond, agus tugadh na hÓglaigh Náisiúnta orthu siúd. Bhí Piaras Béaslaí ar duine acu siúd nár thaobhaigh le Redmond, agus ghreamaigh an seanainm - Óglaigh na hÉireann - díobhsan.

Nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda, shíl muintir na Ríochta Aontaithe, nó an chuid ba mhó acu, nach mairfeadh sé i bhfad. Cuid mhór de na hÉireannaigh féin thug siad creidiúint don phort a bhí á chanadh ag na Sasanaigh go raibh siad ag cur catha ar son na náisiún beag go ginearálta agus ar son na Beilge ach go háirithe. Bhí an Bheilg sealbhaithe ag na Gearmánaigh i dtús an chogaidh, toisc gur cuid dá bplean slógtha ab ea an Bheilg a úsáid mar dhroichead le hionsaí a bhagairt ar an bhFrainc. Tír Chaitliceach amach is amach ab ea an Bheilg, rud ar bhain na Sasanaigh an-leas as ina gcuid bolscaireachta agus iad ag áitiú ar na hÉireannaigh tacaíocht a thabhairt don chogaíocht.

Thuig Béaslaí go bhféadfadh Conradh na Gaeilge scoilt faoi cheist an chogaidh cosúil leis na hÓglaigh. Nuair a tháinig an Coiste Gnó le chéile an chéad uair eile i dtús Mhí Mheán Fómhair, mhol sé an polasaí go seachnófaí an cogadh mar ábhar cainte agus nach léireodh aon duine tuairim ar leith i dtaobh an chogaidh ag imeachtaí an Chonartha.

Duais Drámaíochta Arís![athraigh | edit source]

Bronnadh duais drámaíochta an Oireachtais ar Phiaras Béaslaí sa bhliain 1914. An Scaothaire ba teideal don dráma a thuill dó í. Ní raibh compántas aisteoirí an Oireachtas ábalta an dráma a léiriú ansin, áfach.

Bhí baint ag an mBéaslaíoch leis an nuachtán úd Éire-Ireland a raibh Art Ó Gríofa ina Eagarthóir air. Go bunúsach, preasorgán bolscaireachta de chuid Bhráithreachas na Poblachta a bhí ann. Ní raibh mórán teacht aniar sa nuachtán, nó choisc na húdaráis é i dtús Mhí na Nollag. Nuair a mhair sé, áfach, cuireadh Piaras Béaslaí go Learpholl ar lorg tacaíochta ón bpobal Gaelach sa chathair.

An tÉirí Amach á Ullmhú[athraigh | edit source]

I Mí Mheán Fómhair, bunaíodh Coiste Míleata do Bhráithreachas na Poblachta. Bhí sé de chúram ar an gCoiste seo ceannairc armtha a ullmhú in éadan an Rialtais. Ba iad Pádraic Mac Piarais, Éamonn Ceannt, Seosamh Pluincéad agus Seán Mac Diarmada baill an Choiste seo. Thosaigh siad ag pleanáil cathanna sráide agus ag cur eagair chirt ar na hÓglaigh le haghaidh an lae mhóir. De thoradh na hoibre seo, ceapadh Béaslaí ina Leas-Cheannasaí ar Chéad Chathlán na nÓglach. Bhí an Cathlán seo leis an gceantar i lár na cathrach timpeall ar Shráid na hEaglaise a chosaint le linn an éirí amach a bhí na Bráithre a phleanáil. Mar sin, ba mhinic a chuaigh Piaras Béaslaí ag spaisteoireacht sa chuid sin de Bhaile Átha Cliath i ndiaidh an cheapacháin, lena chinntiú go mbeadh na háiteanna go maith ar eolas aige. Chaith sé ráithe freisin ina bhall de Chlub Raidhfilí Thuaisceart Bhaile Átha Cliath ag cleachtadh aimsitheoireachta.

De réir mar a bhí pleanáil na ceannairce míleata ag dul chun cinn, bhí Béaslaí ag éirí ní ba chaidreamhaí leis an bPiarsach. Ní raibh an bheirt fhear seo rómhór le chéile roimhe sin, ó bhí siad in adharca a chéile faoi pholasaithe athbheochana teanga an Chonartha go minic. Ní raibh an Piarsach ina bhall de Chraobh an Chéitinnigh ach an oiread, agus bhí sé de nós ag lucht na Craoibhe a shíleadh gurbh é an Piarsach thar aon duine eile a d'ionchollaigh an cineál dearctha a bhí siad féin ag iarraidh a chloí sa Chonradh. Chuaigh an Piarsach i mBráithreachas na Poblachta i bhfad i ndiaidh Bhéaslaí, agus ina chuid cuimhní cinn, thug Béaslaí le fios nach raibh an Piarsach thar moladh beirte mar cheannaire comhcheilge. Cé go raibh na spiairí Gallda - na bleachtairí polaitiúla a dtugtaí na G-men orthu as Béarla - á leanúint timpeall na cathrach, agus daoine acu chomh míchúramach is go bhféadfá iad a fheiceáil is a aithint an áit a raibh siad ag teacht sna sálaí agat, dúirt an Piarsach leis an mBéaslaíoch nach n-aithneodh sé na fir seo ar aon nós. Bhí Piaras Béaslaí féin ábalta sonrú a chur sna bleachtairí, an chuid ab fheiceálaí acu ar a laghad, agus tháinig sé aniar aduaidh ar fad air nach mbeadh súile an Phiarsaigh chomh cleachta céanna.

I Mí Feabhra 1915, gaireadh Leas-Cheannfort ar an gCéad Chathlán den Bhéaslaíoch. Thosaigh sé ag caitheamh sainéide an oifigigh, agus is ar éigean a chuirfeadh sé de í ar aon nós, ar a laghad sna míonna roimh Éirí Amach na Cásca.

"An Scaothaire" ar Stáitse[athraigh | edit source]

In Earrach na bliana 1915, d'éirigh le Béaslaí a dhráma nua, An Scaothaire, a stáitsiú. Cosúil leis na drámaí a tháinig óna pheann roimhe sin, leagan Gaelaithe de bhunsaothar i dteanga eile a bhí ann. Go bunúsach, fuair Piaras mianach an scéil as The Liar le Samuel Foote. Dráma ón ochtú haois déag a bhí ann. Maidir le Foote féin, bhunaigh seisean a shaothar ar dhráma Fraincise, Le Menteur le Pierre Corneille. Níorbh é Corneille féin a cheap cnámha an scéil ach an oiread - bhailigh sé iad as La Verdad Sospechosa ("An Fhírinne in Amhras") leis an Spáinneach Juan Ruiz Alarcón y Mendoza. Bhain an Béaslaíoch an chuid ba mhó den aoir den dráma nuair a chuir sé in oiriúint don chultúr Ghaelach é, ach mar sin féin, tharraing an chóiméide seo an-lucht féachana nuair a léiríodh í.

Sealbhú an Chonartha[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1915, bhí sé ina chúis mhór díospóireachta ag na Conraitheoirí, ar chóir Cóiriú an Chonartha - is é sin, bunreacht Chonradh na Gaeilge - a athrú nó a athleasú, agus, go háirithe, ar chóir don Chonradh seasamh a ghlacadh i bhfách le neamhspleáchas na hÉireann ar leibhéal an bhunreachta. Go bunúsach, bhí Dubhghlas de hÍde agus lucht a leanúna ag iarraidh an Conradh a choinneáil slán ó pholaitíocht, agus lucht an Bhráithreachais meáite ar a gcuma féin a chur ar an eagraíocht go léir.

Bhí Béaslaí orthu siúd a bhí ag féachaint le heagraíocht náisiúnaíoch a dhéanamh den Chonradh, ar ndóigh. B'é an port a bhí acu ná gur chóir na seanfhondúirí seanbhunaithe nach raibh an sracadh ceart iontu a chaitheamh i dtruflais na staire agus daoine nua beoga bríomhara a chur ina n-áit. Na hathruithe a bhí á moladh do struchtúr stiúrtha an Chonartha, bhí blas polaitiúil orthu go leor, agus iad á bplé i gcomhthéacs an chatha a bhí an "eite chlé" (na Bráithre) agus an "eite dheas" (lucht na neamhpholaitiúlachta) a chur ar a chéile faoin gcumhacht sa Chonradh. Mar shampla, nuair a bhí sé faoi chaibidil coistí contaetha a chur ar bun mar dhlúthchuid d'eagraíocht an Chonartha, d'fhéadfá a shíleadh gur leasú daonlathach a bheadh ann a thabharfadh tuilleadh cead cainte do mhuintir na hÉireann go léir i gcúrsaí an Chonartha, in áit an chuid ba mhó den chumhacht a chomhchruinniú i lámha Ghaeilgeoirí na príomhchathrach. Ní mar sin a chonaic Piaras Béaslaí an scéal, áfach. Cháin sé an smaoineamh seo, ó shíl sé go mbeadh lucht na "heite deise" ag iarraidh daoine coimeádacha ón tuath a tharraingt isteach le pleananna na mBráithre a chur ar neamhní.

Sa samhradh, ba nós le Béaslaí dul ag tabhairt léachtaí i gColáiste na Mumhan. Sa bhliain 1915, áfach, ní raibh fáilte chomh croíúil céanna roimhe ansin agus a shíl sé, nó bhí deacrachtaí aige le lucht an choláiste féin, agus ba dóigh le sáirsint áitiúil Chonstáblacht Ríoga na hÉireann gur ábhar sceimhlitheora a bhí ann, mar Phiaras. Le fírinne, bhí cúis mhaith ag an gConstáblacht bheith drochamhrasach ina thaobh, tar éis an seal a chaith sé ag druileáil na nÓglach i mBéal Átha an Ghaorthaidh roimhe sin.

I ndiaidh na léachtaí a thabhairt uaidh chuaigh Béaslaí go Dún Dealgan, áit a raibh Ard-Fheis á ceiliúradh ag Conradh na Gaeilge. Ag an Ard-Fheis áirithe seo i ndeireadh Mhí Iúil den bhliain 1915, shealbhaigh na Bráithre agus an "eite chlé" an Conradh go hiomlán, agus d'éirigh Dubhghlas de hÍde as an Uachtaránacht. Bhí Béaslaí orthu siúd a bhí ag áitiú ar de hÍde dul ar athrú comhairle, ach ní raibh gar ann.

Bhí Béaslaí i láthair ar Reilig Ghlas Naíon nuair a thug Pádraic Mac Piarais a óráid chlúiteach in ómós do Dhiarmuid Ó Donnabháin Rosa ("na hamadáin, na hamadáin, na hamadáin, d'fhág siad ár gcuid Fíníní marbha againn, agus a fhad is a bheidh na huaigheanna seo ann, ní féidir an tsíocháin a choinneáil in Éirinn in uireasa na saoirse"). Ní raibh Béaslaí ródhíograiseach faoin óráid, áfach, nó b'éigean dó an t-am ar fad a chaitheamh ina sheasamh ar garda in ónóir don fhear mharbh, agus claíomh mór trom á bheartú aige.

Fear na Milliún Punt[athraigh | edit source]

Nuair a bhí an bhliain 1915 ag druidim chun deireanais, tháinig dráma nua ó pheann Bhéaslaí, Fear na Milliún Punt. Coiméide earráidí a bhí ann agus í suite sa timpeallacht a raibh an-aithne ag an scríbhneoir uirthi, mar atá, Inse Geimhleach sa Mhumhain. Is é is spreagadh don spraoi ná go bhfuil sé tuigthe ag na carachtair go bhfuil milliúnaí ó na Stáit Aontaithe ar cuairt san áit. Ar ndóigh, tá gach duine ag iarraidh fáil amach cé hé an milliúnaí, agus an féidir slám airgid a mhealladh uaidh ar dhóigh éigin.

Bhí sé ag déanamh scime do Phiaras Béaslaí i gcónaí nach raibh na hÓglaigh ag dul chun leasa don Ghaeilge. Theastaigh uaidh athbheochan na teanga a dhéanamh feiceálach trí shuaitheantas Gaeilgeoireachta a chaitheamh. Rud a bhí ann ar baineadh triail as roimhe sin. An Réalt Eolais a bhí ar an gcéad iarracht den chineál seo, ach is tapaidh a chuaigh an réalta sin as úsáid. Bhí scéimeanna réigiúnacha nó áitiúla den chineál chéanna ann, áfach. I dTír Chonaill, bhí an Dochtúir Pádraig Ó Dónaill, Easpag Ráth Bhoth, tar éis cumann dá chuid féin, Clann Eithne, a bhunú leis an nGaeilge a choinneáil beo breabhsánta sa deoise. Bhí baill na heagraíochta seo ag caitheamh suaitheantais dá gcuid, Bonn Chlann Eithne, ach ó bhí blas na biogóideachta agus an fhrith-Phrotastúnachais oscailte ar an gcumann, ní raibh caidreamh maith ag a bhallra leis an gConradh. Modh oibre eile a rith le Béaslaí ná cineál cumann ridireachta nó máisiúnachais a bhunú a thabharfadh móid rúnda gan ach Gaeilge a labhairt le haon duine a raibh an teanga aige. Baineadh triail as an smaoineamh seo freisin sular tháinig sé ag an mBéaslaíoch, nó bhí a leithéid d'eagraíocht ann agus Craobh Rua na Gaeilge. Eagraíocht Ultach a bhí ann fosta. Chuir an Chraobh Rua gothaí rúndachta agus diamhrachta uirthi féin mar chineál cleas síceolaíoch, leis an teanga a dhéanamh ní ba tarraingtí agus ní ba mheallacaí.

Bhí Béaslaí ag iarraidh cumann ar leith nó gluaiseacht ar leith a bhunú do na cainteoirí gníomhacha Gaeilge. Arís, tháinig chun solais go raibh ciall phraiticiúil ag Béaslaí do cheisteanna móra na sochtheangeolaíochta. Is dócha go raibh sé tuigthe aige nach de cheal cainteoirí dúchais go príomha a chuaigh an Ghaeilge in éag i ndiaidh an Drochshaoil, ach in uireasa na struchtúr sóisialta a choinneodh na cainteoirí le chéile ag labhairt na Gaeilge. Anois, bhí sé ag féachaint le struchtúir den chineál sin a chur ar bun sa phríomhchathair, le go bhféadfadh na daoine a saol go léir a chaitheamh trí mheán na teanga ansin féin.

San am seo, bhí Béaslaí ag timireacht don Bhráithreachas freisin. Chaith sé cúpla seal i Learpholl i dtús na bliana 1916 ag iarraidh raidhfilí a cheannach thar cionn Chomhairle Mhíleata an Bhráithreachais. Bhí an tÉirí Amach á ullmhú.

Ar an 4ú lá de Mhí Feabhra, bhí Béaslaí orthu siúd a chuir bun le heagraíocht nua Gaeilge, An Fáinne. Eagraíocht faoi mhóid a bhí ann, agus chaithfeadh na baill mionna a thabhairt nach labhróidís ach Gaeilge le chéile. Go teoiriciúil, bhí an Fáinne beag beann ar an gConradh, ach is follasach go raibh sé go mór i dtuilleamaí an Chonartha le haghaidh baill agus áiseanna. An Fáinne a shamhlaítear leis an nGaeilge agus le Conradh na Gaeilge inniu, ba é suaitheantas na heagraíochta áirithe seo é i dtús báire. Ba é Béaslaí féin a ceapadh mar Uachtarán don eagraíocht. Baill eile ab ea iad Liam Ó Rinn, Peadar Toner Mac Fhionnlaoich ("Cú Uladh"), Tadhg Ó Scanaill, agus Liam Ó Briain.

Éirí Amach na Cásca[athraigh | edit source]

Nuair a tháinig Domhnach na Cásca, fuair Béaslaí ordú teacht go Halla na Saoirse le páirt a ghlacadh i gcruinniú na Comhairle Míleata. Cé nach raibh sé ina bhall den Chomhairle, bhí cead isteach ansin aige. Fuair sé le héisteacht go raibh an tÉirí Amach curtha ar ceal go ceann tamaill, ach gur chóir dó fanacht le tuilleadh orduithe in éineacht le hoifigigh eile an Chéad Chathlán. Chaith sé an chuid eile den lá i gcuideachta Mhíchíl Uí Choileáin agus Dhiarmada Uí Eigeartaigh, ach nuair a d'fhill sé ar Áras na gCéitinneach le teacht na hoíche, fuair sé an t-ordú ó Éamonn Ó Dálaigh go raibh an t-éirí amach le tosú ar an lá arna mhárach.

Is beag is féidir a rá faoina ndearna Béaslaí i rith an Éirí Amach, dar le Pádraigh Ó Siadhail. Go bunúsach, chaith sé an chuid ba mhó den am ar diúité timpeall Shráid na hEaglaise agus sna Ceithre Cúirteanna, ach ní luaitear i gcuimhní cinn na nÓglach é ach ar éigean. Níor thrácht sé féin mórán ar imeachtaí coincréiteacha an Éirí Amach, cé gur mhaígh sé go ginearálta gur fhág an eachtra an-lorg air.

Cime mar Chách[athraigh | edit source]

I ndiaidh an Éirí Amach, cibé scéal é, fuair sé é féin i mbraighdeanas cosúil leis na hÓglaigh eile a ghlac páirt sna himeachtaí (agus cuid mhaith acu, cosúil le hEoin Mac Néill, nár ghlac). Bhí Béaslaí ar duine acu siúd a bailíodh go dtí an Rotunda i dtús báire agus a seoladh go Beairic Richmond in iarthuaisceart na cathrach ina dhiaidh sin. (Inniu, tá Scoil Mhíchíl - scoil de chuid na mBráithre Críostaí - san áit, in Inse Cóir.) Casadh cairde ar Bhéaslaí ansin, ní nárbh ionadh, daoine cosúil le Liam Ó Briain, a chaill a Fháinne i rith na n-imeachtaí. Bhain sé mealladh as an mbeirt fhear an beagán Gaeilge a bhí á labhairt ag na hÓglaigh le linn an Éirí Amach. B'é an chuma a bhí ar an scéal ná gur chuir na Gaeilgeoirí ba líofa agus ba dílse féin an teanga uathu agus sceitimíní an chogaidh orthu.

Ar an gcéad lá de Mhí Bealtaine, tháinig na bleachtairí polaitiúla, na G-men, go dtí an Bheairic leis na "boic mhóra" a phiocadh leo as measc na gcimí, agus Piaras Béaslaí ar duine acu siúd. Tugadh os comhair na cúirte míleata é, agus ansin, d'fhan sé lena bhreithiúnas i bPríosún Chill Mhaighneann. Nuair a bhí ceannairí an Éirí Amach á gcur chun báis i gclós an phríosúin, chuala Béaslaí a bhreith féin - trí bliana i ndaorbhroid. Bhí Béaslaí meáite ar bhás an mhairtírigh a fháil ar son na páirte a bhí aige sa cheannairc, ach nuair a chuala sé go raibh sé le seal chomh fada sin a chur de i gcarcair Ghallda, tháinig an-dúlagar intinne air. Bhí súil aige le píonós trom ó thús, toisc gur Sasanach ó Learphall a bhí ann go bunúsach, agus é ag déanamh go mbeadh meas an tréatúra ag na breithiúna air.

Chaith Béaslaí dhá lá i gCill Mhaighneann, ach ansin, ar an 4 Mí Bhealtaine, tugadh ar an traein go Moinseó é. Coinníodh tréimhse ghairid ansin é, ach b'é Príosún Portland i Sír Dorset ba cheann scríbe dó. Bhí na príosúnaigh faoi an-diansmacht ansin. Ní raibh cead comhrá acu, agus is iomaí uirísliú eile a d'fhulaing siad fosta, cosúil leis an gcorpchuardach. Bhí Béaslaí i gcruachás mór sa phríosún, agus thosaigh a shláinte ag meath air. A bhuí leis an ngalar a bhuail é, áfach, fuair sé teacht ar leabharlann an ospidéil, agus chaith sé tréimhse a théarnaimh ag déanamh staidéir ar na teangacha Clasaiceacha - an Laidin agus an tSean-Ghréigis - agus ar shaothar na bhfealsúna móra. Bhí sé ag iarraidh filíocht Gaeilge a scríobh freisin, ach ní raibh cead aige peann ná páipéar a fháil, agus chaithfeadh sé na dánta a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Ba drochbhuille dó a chloisteáil go raibh Seán Mac Diarmada ar duine acu siúd a cuireadh chun báis i gCill Mhaighneann, agus thoirbir sé ceann de na dánta príosúin do chuimhne a chara:

"...an cara ab fhearr dár tharla id' líonta,
do chara bocht Seán go brách nach bhfillfidh."[3]

Bhí a fhios ag athair Phiarais go raibh a mhac i dtóin phríosúin, agus é buartha brónach faoi, ach staon sé ó chuairt a thabhairt air i bPortland. Is amhlaidh nár cheadaigh údaráis an phríosúin do na cimí ach aon litir amháin a sheoladh is a fháil in aghaidh na ráithe, agus chaillfeadh an príosúnach an ceart seo féin dá mbeadh cuairteoirí aige. B'fhearr le hathair Phiarais cead scríofa na litreach a fhágáil ag an bhfear óg i ndiaidh an iomláin.

Bhí an comhphobal idirnáisiúnta - na Stáit Aontaithe ach go háirithe - ag cur brú ar an Ríocht Aontaithe scaoileadh saor leis na cimí polaitiúla. Baineadh cuid mhór den diansmacht de Phiaras Béaslaí agus a leithéidí dá thoradh sin, agus haistríodh an Béaslaíoch go príosún Lewes in aice le Brighton i Sussex. Anois, áfach, ní raibh coiscthe orthu labhairt le chéile. Is iomaí boc mór de chuid na gluaiseachta náisiúnta a casadh ar Phiaras sa phríosún seo, cosúil le hÉamon de Valera, Eoin Mac Néill, agus Annraoi Ó Beoláin. Bhí an Ghaeilge agus teangacha eile á dteagasc agus á bhfoghlaim. Bhí cead ag na cimí freisin peann a chur ar pár, agus ní raibh aon mhoill acu leas a bhaint as an gceart seo.

I Mí an Mheithimh, 1917, thug rialtas Shasana maithiúnas ginearálta do phríosúnaigh na Cásca. Ar an 19 Meitheamh, tháinig Piaras agus na cimí eile go Baile Átha Cliath, agus fáilte na laochra rompu ansin.

I ndiaidh an Bhraighdeanais[athraigh | edit source]

Sna blianta i ndiaidh an Éirí Amach agus an bhraighdeanais, bhí an chéad chumann grá agus craicinn riamh ag Piaras Béaslaí. Eibhlín Ní Shúilleabháin a bhí ar an mbean, agus í ag obair ina máistreás scoile i gCiarraí. Casadh Eibhlín ar Phiaras i gColáiste na Mumhan, agus an bheirt acu ag bualadh le chéile ó am go ham ag imeachtaí Gaelacha. Ní bhídís in aice a chéile ach go hannamh, áfach, agus sa deireadh, d'éirigh siad as, ó bhí deartháir ag Eibhlín ina shaighdiúir dubh. Thairis sin, bhí meabhairghalar ar dhuine de ghaolta Eibhlín, rud a raibh an-náire agus an-stiogma ag baint leis san am. Is é an tagairt a rinne Piaras d'Eibhlín i bhfad ina dhiaidh sin gurbh ise an chéad chailín riamh a "mheall" é chun an "gníomh drúise" a dhéanamh.

Le teacht an Fhómhair, thosaigh Piaras ag obair ina eagarthóir don Chlaidheamh Soluis, iris Chonradh na Gaeilge. San am céanna, bhí sé le feiceáil go minic in Óstán Vaughan, áit a dtagadh gníomhaithe tábhachtacha na gluaiseachta náisiúnta cosúil le Mícheál Ó Coileáin féin. Bhí an t-óstán suite chois Chearnóg Rutland (inniu, Cearnóg Parnell), agus b'ansin a bhí ceanncheathrú Chraobh an Cheitinnigh fosta.

Bás a Dhearthár agus Bás Thomáis Ághas[athraigh | edit source]

Faoin am seo, fuair Langford Beazley, deartháir Phiarais, bás i Cheshire, ar an 23 Meán Fómhair 1917. Ní raibh an dá scór bliain slánaithe aige go fóill. B'éigean do Phiaras an Claidheamh Soluis, a raibh pleananna uaillmhianacha aige lena aghaidh, a fhágáil i leataobh agus aghaidh a thabhairt ar Shasana le bheith i láthair ag sochraid a dhearthára. Go gairid ina dhiaidh sin, shíothlaigh Tomás Ághas, seanchomrádaí troda agus príosúnachta de chuid Phiarais. Mhéadaigh sé ar mhéala Phiarais i ndiaidh bhás a dhearthár, agus chuir sé litir chomhbhróin chuig Nóra, deirfiúr Thomáis:

Ní gá dom a insint duit go raibh brón agus scóladh croí orm nuair a chuala mé an scéal mar gheall ar Thomás bocht. Is rómhaith a thuigim do do bhrón, mar táim tar éis mo dheartháir a chailleadh leis - inniu a bhí an tsochraid. Tá sé de shólás agat gur ag troid ar son na hÉireann a fuair Tomás bás, go ndearna sé cion fir go dílis dána dúthrachtach agus go bhfuil muintir na hÉireann mórálach as.[4]

D'imigh Piaras faoi dheifir ó Shasana le freastal ar shochraid Thomáis Ághas freisin. Ócáid mhór taispeántais a bhí ann, nuair a tháinig na hÓglaigh le chéile an chéad uair ó laethanta an Éirí Amach agus iad ag máirseáil faoi éide mhíleata.

Fáinne an Lae[athraigh | edit source]

Thosaigh sé ag cur a chuma féin ar an gClaidheamh Soluis anois. Thug sé ainm nua ar an iris, mar atá, Fáinne an Lae, agus chuir sé tuilleadh leathanach léi. Bhí sé meáite freisin ar an mBéarla a íosmhéidiú agus an chuid ba mhó den pháipéar a fhágáil faoin ábhar Gaeilge. Ní dhearna sé dearmad de chúrsaí amharclannaíochta ach an oiread. Nuair a fuair sé litir ó Mhícheál Mac Liammóir a dúirt go rachadh sé go mór chun sochair don teanga dá stáitseodh an Amharclann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath dráma Gaeilge uair amháin in aghaidh na míosa, bhreabhsaigh an Béaslaíoch suas, agus é den tuairim nach raibh moladh Mhic Liammóir ag dul sách fada ar aon nós. D'éiligh sé féin go mbunófaí amharclann ar leith le haghaidh na drámaíochta Gaeilge.

An Coinscríobh Conspóideach[athraigh | edit source]

San am seo, ní raibh na daoine ábalta mórán aird a thabhairt ar chúrsaí na hamharclannaíochta Gaeilge ar aon nós, corrach is uile mar a bhí saol polaitiúil na tíre - rud a ghoill ar an mBéaslaíoch, agus é ag tathant ar a chuid léitheoirí suim a chur i gcúrsaí cultúir fiú nuair a bhí an troid pholaitiúil ar son shaoirse na hÉireann ag dul i ngéire. Bhí an tír an-bhuartha faoin gcoinscríobh san am, rud nach raibh ann, dar leis na náisiúnaithe Gaelacha, ach preasáil.

Bhí úsáid an Fháinne ag dul chun leitheadúlachta in Éirinn san am, nó ghlac Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge an cinneadh i Mí Dheireadh Fómhair 1917 go gcaithfeadh timirí an Chonartha an Fáinne a chur chun cinn anois mar chuid dá ngnáthchúraimí. Bhí Piaras Béaslaí féin ag éirí buartha faoi thodhchaí an Fháinne, áfach. Is é an tuiscint a bhí aige féin ar an bhFáinne ná go raibh sé dírithe ar chleachtadh na Gaeilge labhartha a bhuanú. Chaithfeadh sé dul le gnáthlabhairt na teanga, dar leis an mBéaslaíoch. Is é an chiall a bhain Gaeilgeoirí áirithe as an suaitheantas seo, áfach, ná gur sórt siombail stádais a bhí ann. Dá mbeadh an Fáinne ort, bheadh an "chéim" bainte amach agat, agus ansin, ní chaithfeá tuilleadh a dhéanamh leis an teanga a choinneáil i mbéal na ndaoine.

Príosúnacht Nua[athraigh | edit source]

Chuaigh lucht na gluaiseachta náisiúnta le chéile chun cur in aghaidh an choinscríofa, ach nuair a thosaigh siad ag déanamh agóide, ní raibh cúl ar an Rialtas iad a chaitheamh i dtóin phríosúin. Ar an 10ú lá de Mhí Aibreáin 1918 cimíodh Piaras Béaslaí. Daoradh chun ceithre mhí príosúnachta é, agus tugadh go Muinseo é leis an bpionós a chur isteach. Níor caitheadh go rógharbh leis, áfach. Thagadh Risteard Ó Foghludha ar cuairt chuige go minic, ó bhí sé ag cur Fháinne an Lae in eagar thar cionn Bhéaslaí. Gnáthchuairteoir eile a bhí in Annraoi Ó Beoláin, a thugadh toitíní agus páipéar scríbhneoireachta leis.

Chaith an Béaslaíoch cuid mhaith den tréimhse príosúnachta seo ag scríbhneoireacht. Scríobh sé dánta, aiste critice liteartha - aiste a bhí ceaptha ina intinn aige i bhfad roimhe seo, agus a bhreac sé síos anois, ó bhí an uain aige - agus gearrscéal amháin, An Firín Beag Adhmaid. Chuaigh an t-ábhar seo i gcló i bhFáinne an Lae, cuid mhór de díreach mar a tháinig sé óna pheann, agus é sa phríosún i gcónaí.

Ar an 10 Bealtaine 1918, tugadh an Béaslaíoch go malairt príosúin - ó Mhuinseo go Bóthar na Croimghlinne i mBéal Feirste. Bhí Muinseo ag teastáil le haghaidh tuilleadh cimí Éireannacha. Bhí an Rialtas ag iarraidh an lámh láidir a imirt ar na náisiúnaithe Éireannacha, nó bhí an cogadh ag dul i ngéire san am seo, rud a d'fhág a shliocht ar pholasaí Éireannach an rialtais Ghallda. Bhí an Marascal Ludendorff díreach ag féachaint leis an deis dheireanach a thapú chun an cogadh a bhuachan, rud a d'fhág an-imní ar na Sasanaigh agus an chuma ag teacht ar an scéal go bhféadfaidís féin é a chailleadh fós. Mar sin, d'éirigh siad ní ba déine i leith na nÉireannach.

Scaoilte Saor Arís[athraigh | edit source]

Ligeadh an Béaslaíoch amach ar bannaí ar an 18 Bealtaine 1918, agus thaistil sé faoi éide an tsagairt go Cluain Tairbh. Ansin, chuaigh sé go hÓstán Vaughan i mBaile Átha Cliath, áit ar chuala sé ó Mhícheál Ó Coileáin go raibh sé beartaithe ag na húdaráis é a dhíbirt go Sasana i ndiaidh dó a théarma príosúnachta a chur de, beart nár éirigh leis na Sasanaigh anois.

Mar sin féin, chaith an Béaslaíoch an chéad tamall eile dá shaol ar a theitheadh ó na húdaráis. Bhíodh culaith mná air ar feadh tamaill leis na bleachtairí a chur ar strae. Bhí lóistín dá chuid féin aige sa phríomhchathair, ach thagadh sé go hÓstán Vaughan (ar a dtugadh sé "Tigh na mBeach" ina chuid scríbhinní féin, mar chód, ar eagla go bhfaigheadh na póilíní seilbh orthu) leis an gcorroíche a chodladh ansin.

I bhfad ina dhiaidh seo, mhaígh Piaras Béaslaí go raibh an-chaidreamh aige le Mícheál Ó Coileáin agus le hAnnraí Ó Beoláin san am seo. Dúirt sé gurbh é an leasainm a bhí ag an mBeolánach ar an triúr acu ná an Triúr Muscaedóirí. Is é tuairim Phádraig Uí Shiadhail, áfach, nach raibh Béaslaí chomh gar don bheirt eile acu agus a shíl sé, nó mar a thug sé le fios. Is amhlaidh gur scoláire, scríbhneoir agus Gaeilgeoir a bhí i mBéaslaí riamh, seachas fear oirbheartaíochta agus cogaíochta. Is dócha go raibh caidreamh aige leis an mBeolánach agus leis an gCoileánach san am, ach má bhí féin, bhí deisceabail eile ag an mbeirt sin, agus iad ní ba ghaire dóibh ná an Béaslaíoch - Gearóid Ó Súilleabháin agus Diarmaid Ó hÉigeartaigh, mar shampla.

An Fear Mór Ban[athraigh | edit source]

Dealraíonn sé gur le cailíní éagsúla a chaitheadh Piaras Béaslaí a chuid laethanta san am sin, más fíor a bhfuil le léamh ina dhialann. Ar a laghad, luann sé a lán cailíní a raibh sé ag suirí leo. Is deacair a rá, an raibh caidreamh collaí aige leo, ach deir an dialann go raibh "Máire Ní Chl." "i mo sheomra istoíche" ar an 28 Bealtaine 1919 [5], agus nuair a chuaigh sé ar chéilí taobh amuigh de Bhaile Átha Cliathi dtús Mheán Fómhair, bhí bean darbh ainm Cissie Nic Dhomhnaill ina chuideachta ansin, agus é "ag suirí le Cissie faoi scáth na gcrann" [6]

Leanfar den Obair![athraigh | edit source]

Ar an gcéad lá de Mheitheamh 1918 d'fhoilsigh an Béaslaíoch eagarfhocal ar Fháinne an Lae agus é ag éileamh go "leanfaí den obair" gan teip, cé go raibh a lán daoine mór le rá de chuid na gluaiseachta i dtóin phríosúin i gcónaí. San am chéanna dúirt sé go raibh fadhbanna eile ag luí ar an iris i mbreis ar phríosúnú na bhfeidhmeannach tábhachtach, is é sin, bhí an páipéar gann ar nós na dtráchtearraí eile, ó bhí an cogadh ag cur isteach ar an trádáil. Bhí na trioblóidí leis na húdaráis ag dul chun donais, áfach, agus is é an port a bhí á cheol ag an rialtas san am gur eagraíocht cheannairceach a bhí i gConradh na Gaeilge agus go raibh gluaiseacht na Gaeilge ag saighdeadh faoi sceimhlitheoirí. Mar sin bhí an chuma ag teacht ar an scéal nach bhféadfaí mórimeachtaí poiblí a chóiriú leis an nGaeilge a chur chun cinn - imeachtaí cosúil leis an Oireachtas - ó nach mbeadh na póilíní sásta ceadúnas a thabhairt do "chumann réabhlóideach" cosúil le Conradh na Gaeilge.

San am seo bhí Piaras Béaslaí i gcroílár shaol na Gaeilge ag ullmhú eagrán ar leith d´Fháinne an Lae le haghaidh an Oireachtais. Bhí sé ag déanamh a dhichill lena chinntiú nach rachadh obair chruthaitheach na scríbhneoirí Gaeilge in abar le linn an mhíshuaimhnis pholaitiúil sa tír, nó bhí sé barúlach gur chóir bullaitín liteartha ceithre leathanach a chur i gcló as Gaeilge uair in aghaidh na míosa, le go bhféadfadh pobal na Gaeilge cleachtadh ceart a fháil sa teanga. Chuir Piaras beart leis an mbriathar, nó san am seo bhí irisí na Gaeilge breac le hábhar a tháinig óna pheann-san.

An Scríbhneoir Aibí[athraigh | edit source]

Faoin am seo chrom an Béaslaíoch ar scéalta a scríobh a bhí ní ba nua-aimseartha agus ní b'aibí ó thaobh na stíle agus an ábhair de ná a raibh cumtha aige roimhe seo de ghearrscéalta. Anois bhí sé ag ceapadh "fíorscéalta" mar a thug sé féin orthu, cé nach athinsint lom a bhí iontu ar imeachtaí a tharla. Is fearr a rá go raibh siad bunaithe ar mhóitifeanna a tháinig as saoltaithí an scríbhneora féin. Bhí tagairtí ann do shaol is do ghluaiseacht na Gaeilge agus d'eachtraí a d'éirigh don údar nuair a bhí sé ag troid ar son na saoirse. Scéalta ón tréimhse seo iad Tír na nÓg i bPort Láirge, Fleadh na Réaltann (Fleá na Réaltaí de réir chaighdeán an lae inniu), An Firín Beag Adhmaid agus An Loch Draíochta. Ón taobh eile de, níor cheadaigh fuadar na linne dó mórán drámaíochta a scríobh, rud a ghoill air is dócha. D'fhéach sé chuige, áfach, go mbeadh drámaíocht le feiceáil ar an Oireachtas, nó chuir sé gairm chruinnithe ar a raibh fágtha dá shean-chompántas aisteoireachta, agus chrom siad ar an dráma An Dochtúir Bréige a chleachtadh - aistriúchán a bhí ann ar Le Médecin malgré lui le Molière, an seanmháistir Francach, agus ba é Fionán Ó Loingsigh a chuir Gaeilge ar an mbuntéacs.

Bhí Fáinne an Lae ina ábhar plé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge sa bhliain sin. Bhíothas ag éileamh go n-éireofaí as foilsitheoireacht na hirise scun scan, nó bhí feidhmeannaigh áirithe de chuid an Chonartha míshásta le chomh tearc is a bhí na leathanaigh san iris - ba é an ganntanas páipéir ba chúis leis seo, áfach, agus ní ar an mBéaslaíoch a bhí an locht. Chuir Seán Ua Conchubhair, a bhí i mbun chúrsaí airgid Fháinne an Lae, in iúl do lucht na hArd-Fheise nach raibh an iris ag cailleadh airgid a thuilleadh, agus mar sin, chuir sé ina dtost iad siúd ar mhaith leo Fáinne an Lae s chur ar ceal. Ní raibh Piaras Béaslaí féin láithreach ag an Ard-Fheis, nó b'eagal leis go gcuirfí ruaigeadh air as Éirinn dá dtiocfadh na péas air ar an traein.

An tÓglach[athraigh | edit source]

Agus é ar a sheachnadh ó lámh thapa na nGall bhí an-uaigneas ar Phiaras nuair a bhí a chuid cairde agus lucht aitheantais bailithe go Cill Airne. San am sin áfach, i Samhradh na bliana 1918, casadh Mícheál Ó Coileáin air agus tairiscint aige don Bhéaslaíoch: bhí iris nua le cur ar bun le haghaidh Óglaigh na hÉireann, agus theastaigh ón gCoileánach go rachadh Piaras i gceannas ar an iris sin, mar eagarthóir. Ghlac an Béaslaíoch leis an tairiscint seo go breá sásta, agus ar an 15ú Lúnasa 1918 tháinig an chéad eagrán den iris nua i gcló. An tÓglach a bhí uirthi.

Ní raibh mórán Gaeilge le feiceáil ar an Óglach, áfach. Cé gur áitigh an Béaslaíoch ar na léitheoirí gach úsáid a bhaint as pé blúirín den teanga a bhí acu, ní fhoilseofaí ailt iomlána as Gaeilge ar an iris féin. Uaireanta bhí an cúpla focal ann ag saighdeadh chun troda nó ag cur misnigh ar na léitheoirí, ach sin a raibh ann i ndáiríribh.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. cf. Ó SIADHAIL lch. 110
  2. Ó SIADHAIL lch. 134
  3. Ó SIADHAIL lch 354, caighdeánaithe anseo
  4. Ó SIADHAIL lch. 376; caighdeánaithe anseo
  5. Ó SIADHAIL lch. 407; caighdeánaithe anseo
  6. Ó SIADHAIL ibid.

Léigh freisin[athraigh | edit source]

  • BÉASLAÍ, Piaras: Astronár. Pádraig Ó Siadhail a chóirigh. An Gúm, Baile Átha Cliath, an dara heagrán 1991
  • Ó SIADHAIL, Pádraig: An Béaslaíoch. Beatha agus Saothar Phiarais Béaslaí (1881-1965). Coiscéim, 2007.
  • Searcs-web.com - Piaras Béaslaí (1881-1965)