Peadar Ó Cearnaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Peadar Ó Cearnaigh

Cumadóir agus náisiúnaí Éireannach ab ea Peadar Ó Cearnaigh (18831942), a chum na liricí d'Amhrán na bhFiann.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'as Contae Lú a athair, Sean Ó Cearnaigh, grósaeir, agus as Contae na Mí a mháthair, Caitlin Nic Aonghusa. Rugadh Peadar féin in 11 Bóthar Dromchonnrach Íochtarach, i mBaile Átha Cliath, 12 Nollaig 1833. Chuaigh sé go dtí Scoil na mBráthar gCríostúil i Muirinne go dtí gur chuir bás tobann a athar, Lá Nollag, 1897 d’fhiacha air post oibre a lorg. Printíseach péintéara a bhí ann faoin mbliain 1900. D’oibrigh sé in Amharclann na Mainistreach ó 1904 go dtí Éirí Amach na Cásca 1916. Phós sé Éamha Ní Flannagáin, ógbhean as Baile Átha Cliath i rith 1914.

Mar óglach ghabh sé páirt i Smugláil Gunnaí Bhinn Éadair, agus ar ball throid sé i Monarchian Jacob faoin Maor Seán Mac Giollabhríde, agus faoin gceannfort Tomás Mac Donnchadha). Cuireadh sé ghlas i gcampa Géibhinn Bhaile Cionnláir, Contae an Dúin, é i rith 1920. Ansiúd dó chum sé an Mháirseáil Chliútach úd “Éirígí”, agus rinne sé veidhlín shéisbhinn ó thus go deireadh. Fuair sé bás i 25 Sráid Ó Donnchadha, Inse Caor, Samhain 23 1942, agus cuireadh i Reilig Ghlas Naíon é.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cailleadh Ó Cearnaigh, údar rosc-amhráin náisiúnta na hÉireann, sula raibh sé 59 mbliain d’aois. Mar sin féin d’fhág sé díolaim bhreá amhrán is bailéad dá chuid féin mar oidhreacht dá shliocht.

Foilsíodh na dánta ba luaithe uaidh i bpáipéar Liam Mhic Ghobhann Uí Bhriain, An Naomh Pádraig, ní raibh ann ach déagóir nuair a chum sé dán diaga cuanna faoin teideal “Ave Maria”:

Ave Maria, a Mháthair fíor álainn,
A Bhanríon na n-aingeal, tabhair cluas dom ‘ghuí,
Peacúil is suarach chúgar-sa a thagaim,
D’fhonn do chloca ‘chur tharam,
‘s mé shlánú gan díth.

Bíodh gur cúitíodh go suarach é mar phéintéir, bhí an fhilíocht agus cultúir na nGael mar phríomh-udar a chuid spéise i rith a shaoil. Spreag dánta Liam Uí Mhaolrunai é go mór. Chláraigh sé i gCraobh Lorcáin Uí thuathail de Chonradh na Gaeilge dá bharr. Ar buor chun an Ghaeilge a labhairt go líofa, thairg sé dá dheoin féin dul mar péintéir go dtí Teach Solais Oileáin Tóraí i 1910. Ansiúd d’oibrigh sé go cionn seacht mí, agus d’fhill sé abhaile ina chainteoir líofa.

Bhí sé leata ar fhocail Gaeilge a sheoladh isteach in a chuid dánta as sin amach – mar atá in “Slán Libh” nó “Amhrán na bhFiann”, gan trácht ar a leagan Gaeilge féin de “Ar Thaobh Ghlas A ‘Ghleanna”. Nochtann “Amhrán an Chamáin” agus “Fís” dá chuid saothair a dhíograisí is bhí sé faoi iománaíocht agus faoi ár gcluichí náisiúnta freisin.