Liam Ó Briain
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 16 Meán Fómhair 1888 |
Bás | 12 Lúnasa 1974 85 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Saineolaí Gaeilge agus gníomhaí polaitíochta ab ea Liam Ó Briain (16 Meán Fómhair 1888 – 12 Lúnasa 1974).[1]
Rugadh sa Phort Thuaidh, Baile Átha Cliath é mar William O’Brien. Chuir sé spéis sa Ghaeilge nuair a bhí sé óg, agus thosaigh sé ag baint úsáide as an leagan Gaeilge dá ainm le linn dó a bheith i Scoil Uí Chonaill. D’fhreastail sé freisin ar chruinnithe de chuid Chonradh na Gaeilge, ansin d’fhreastail sé ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar scoláireacht, áit a ndearna sé staidéar ar an bhFraincis, Béarla agus Gaeilge.[2]
Sa bhliain 1911, thionscain UCD scoláireacht nua bhliantúil le haghaidh thaistil thar lear, agus ghnóthaigh Ó Briain an chéad cheann. D'úsáid sé an scoláireacht chun cuairt a thabhairt ar an nGearmáin agus staidéar a dhéanamh le Kuno Meyer agus Rudolf Thurneysen. Tar éis trí bliana, d’fhill sé abhaile, chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge arís, agus thosaigh sé ag múineadh na Fraincise i gCOBÁC. Chuaigh sé isteach in Óglaigh na hÉireann freisin, agus ansin, an bhliain dár gcionn, chuir Seán T. Ó Ceallaigh ina luí ar Ó Briain dul isteach i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann.[2]
Le linn Éirí Amach na Cásca, throid Ó Briain le hArm Cathartha na hÉireann.[2] D'éirigh aighneas idir é agus a cheannasaí, Mícheál Ó Mulláin, agus é ag iarraidh straitéis a leanúint gan briogáid Bhaile Átha Cliath a bheith “sáinnithe sa chathair”. Ach d'ordaigh Ó Mulláin gur cheart dóibh díriú ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath a ghlacadh.[3] Chaith Ó Briain dhá mhí i bpríosún agus sé mhí i gcampa imtheorannaithe sular scaoileadh saor é. Fuair sé amach gur briseadh as a phost é, ach fuair sé ollúnacht i dteangacha Rómánsacha i gColáiste na hOllscoile Gaillimh.[2]
Faoin taca seo, chuaigh Ó Briain isteach i Sinn Féin, agus sheas sé don pháirtí in Ard Mhacha Láir in olltoghchán na hÉireann 1918. Níor éirigh leis, cé go bhfuair sé 5,689 vóta. Ba chúis le pianbhreith phríosúnachta eile é an feachtas seo, go hindíreach. Nuair a scaoileadh saor é, ceapadh ina bhreitheamh é sa chóras cúirteanna poblachtánach a bhí mídhleathach ag an am, agus thug sé cuairt ar an bhFrainc agus ar an Iodáil chun airm a fháil don IRA. I mí na Samhna 1920, gabhadh arís é agus imtheorannaíodh é ar feadh bliana, agus dá bharr sin, chaill sé críoch Chogadh Saoirse na hÉireann. Faoin am ar scaoileadh saor é, bhí an Conradh Angla-Éireannach sínithe; thacaigh sé leis seo, agus níor ghlac sé páirt i ngníomhaíochtaí míleata a thuilleadh.[2]
D’fhan Ó Briain ina phost mar ollamh i nGaillimh. Sheas sé freisin i dtoghchán Sheanad Éireann sa bhliain 1925, cé nár éirigh leis. Bhí sé ina rúnaí bunaidh ar Thaibhdhearc na Gaillimhe, ag aisteoireacht i gcuid mhaith dá léiriúcháin freisin, agus chaith sé go leor ama ag aistriú saothair ón mBéarla agus ó na teangacha Rómánsacha go Gaeilge. Sheas sé le bheith ina uachtarán ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh sa bhliain 1945, ach níor toghadh é. Sna 1940idí agus 1950idí, is minic go raibh sé ar an teilifís agus ar an raidió.[2]
Ar 1 Meán Fómhair 1921 phós sé Helen Lawlor. Ba í an t-iriseoir Eibhlín Ní Bhriain an t-aon leanbh a bhí ag an lánúin.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó BRIAIN, Liam (1888–1974) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 2.6 Paul Rouse, "Ó Briain, Liam", Dictionary of Irish Biography
- ↑ Charles Townshend, "Easter 1916: The Irish Rebellion", p.93