Cú Uladh - Peadar Toner Mac Fhionnlaoich
| Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Peadar Toner Mac Fhionnlaoich |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 5 Deireadh Fómhair 1856 Allt an Iarainn, Éire |
| Bás | 1 Iúil 1942 85 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
| Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
| Seanadóir na hÉireann | |
| 1 Iúil 1942 – 14 Iúil 1943 Téarma parlaiminte: 3ú Seanad Éireann Toghcheantar: Baill ainmnithe de Sheanad Éireann | |
| Seanadóir na hÉireann | |
| 27 Aibreán 1938 – 22 Iúil 1938 Téarma parlaiminte: 2ú Seanad Éireann Toghcheantar: Baill ainmnithe de Sheanad Éireann | |
| Uachtarán | |
| 1922 – 1925 ← Seán Ó Ceallaigh – Seán Pádraig Mac Énrí → | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | údar, polaiteoir |
| Teangacha | An Ghaeilge |
Scríbhneoir Gaeilge agus Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ab ea Cú Uladh, nó Peadar Toner Mac Fhionnlaoich (5 Deireadh Fómhair 1856 - 1 Iúil 1942). B’é an chéad Chonallach é dá raibh ag scríobh i ré thosaigh na hathbheochana. Bhí sé ina fhile, ina scríbhneoir, ina sheanchaí, ina dhrámadóir — duine de na chéad daoine a scríobh drámaí sa Ghaeilge — ina bhall de Chonradh na Gaeilge agus ina Sheanadóir, tamaill éagsúla dá shaol.[1][2]




Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh é ar an 5 Deireadh Fómhair 1856 in Alt an Iarainn, Gleann tSúilí, Co. Dhún na nGall — duine den deichniúr clainne a bhí ag Michael McGinley, feirmeoir, agus a bhean Susan McGinley (née Toner). Cuireadh Peadar chun cónaithe go ceann tamaill de bhlianta le gaolta i nGleann Domhain.[4] B’í an Ghaeilge gnáth-theanga an tí sin agus ann a d’fhoghlaim Peadar í.
Nuair a bhí sé ina dhéagóir, chuaigh sé go Baile Átha Cliath. Chaith sé dhá bhliain i gColáiste na Carraige Duibhe.
Nuair a bhí sé 17, thart ar 1874, fuair sé post mar Oifigeach Chustaim agus Máil sa státseirbhís agus chaith sé naoi mbliana déag i Sasana leis an bpost sin. Ó bhí an post sin aige, chaithfeadh Cú Uladh féin agus a chlann aistriú ó áit go háit go minic. Bhí sé lonnaithe tamall i nDún na nGall, i mBéal Feirste, in Yorkshire, sa Bhreatain Bheag, i nGlaschú, i gCúil an tSúdaire agus i mBaile Átha Cliath.
Phós sé Sibéal Ní Uadhaigh (Elizabeth Woods, as Ráth Bhoth Thuaidh) sa bhliain 1895 (bhí sí 18 bliain d'aois, 11 bliain níos óige) agus bhí dáréag clainne acu. Chuaigh an chuid is mó dá chlann mhac ar Scoil Éanna, a bhí á rith ag Pádraig Mac Piarais, nuair a bhí an lánúin lonnaithe i mBÁC. Tógadh na páistí le Gaeilge agus Béarla.
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí baint an-mhór ag Cú Uladh le Conradh na Gaeilge riamh. Sa bhliain 1895 tionóladh an chéad chruinniú de Chraobh Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste i dteach Chú Uladh, 32 Bóthar Beersbridge, agus toghadh Cú Uladh ina leas-uachtarán ar an chraobh nua. Thacaigh sé go tréan le Gaeilge Uladh, tráth a raibh tionchar mór ag canúintí eile, go háirithe canúint na Mumhan, ar an gConradh, agus i mBéal Feirste bhunaigh sé Ardscoil Ultach chun Gaeilge Uladh a mhúineadh.[2]
Bhí Cú Uladh ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge sna blianta 1922 go 1925 agus arís sna tríochaidí. Bhí sé ar an gCoiste Gnó ar feadh breis is daichead bliain agus bhí an-bhaint aige leis an gConradh i rith na mblianta sin. Le linn a théarma mar Uachtarán, bhí ról lárnach aige i gcomhdháil speisialta i mí Eanáir 1925 a eagraíodh chun an Conradh a atógáil tar éis an Chogaidh Chathartha; d'éirigh leis Éamon de Valera agus Risteárd Ó Maolchatha, a bhí ar thaobhanna difriúla sa Chogadh Cathartha, a thabhairt le chéile arís ag an gcomhdháil chéanna. Ina dhiaidh sin bhí baint mhór aige leis an bhfreasúra i gcoinne rialtas Chumann na nGaedheal, agus i 1929 mhol sé — gan éirí leis — gur cheart don Chonradh tacú le Fianna Fáil mar mhalairt ar gheallúintí cabhrach stáit do cheantair Gaeltachta.[2]
Sa bhliain 1938 rinne Éamon de Valera, a bhí ina Thaoiseach san am, Seanadóir de, agus bhí sé ina Sheanadóir go lá a bháis ar an chéad lá de Mhí Iúil 1942. Ní labhraíodh sé ach Gaeilge sa Seanad nuair ab fhearr leis an gcuid is mó de na seanadóirí eile cloí leis an mBéarla.
Bhí a mhac Diarmuid ina Uachtarán ar an gConradh sna 1940idí — an t-aon athair agus mac riamh sa phost sin.
Scríbhneoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]‘Cú Uladh’ an t-ainm cleite a roghnaigh sé dó féin.
Scríobh sé díolaim ghearrscéalta i gcanúint Uladh faoin teideal Ciall na Seanráite, agus sna blianta 1935-36, d'fhoilsigh sé sraith aistí ar An tÉireannach faoi Éirí Amach na Cásca. Tháinig na haistí i gcló faoi chlúdach leabhair sa bhliain 1992, faoin teideal Bliain na hAiséirí.
Chomh maith leis an saothar seo, scríobh Cú Uladh na céadta aistí, roinnt mhaith scéalta agus dánta freisin a d'fhoilsigh sé i nuachtáin agus irisí; An Claidheamh Soluis, Sinn Féin, Fáinne an Lae, Iris an Fháinne, The Nation, The Irish Nation, Tír, Irish Opinion, agus An Phoblacht ina measc.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Donegal Christmas Annual 1883 (eag.)
- Miondrámanna (1902)
- Handbook of Irish Teaching (1902-3)
- An Pléidseam (1903)
- Tá na Francaighe ar an Mhuir (1905)
- An Léightheoir Gaedhealach (1907)
- Eachtra Aodh Ruaidh Uí Dhomhnaill (1911)
- Conchubhar Mac Neasa (1914)
- Ciall na Sean-Ráidhte (1914). Athfhoilsiú: Ciall na Seanráite (1992). Seán Mac Aindreasa a chóirigh an t-eagrán nua.
- An Cogadh Dearg agus Scéalta Eile (1918)
- Scríobhnóirí Móra Chúige Uladh 1530-1750 (1925)
- Bliain na hAiséirí (1992). Éamon Ó Ciosáin a chuir in eagar.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “MAC FHIONNLAOICH, Peadar Toner (1856–1942) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- 1 2 3 Vincent Morley (Deireadh Fómhair 2009). “Mac Fhionnlaoich, Peadar Toner (McGinley, Peter Toner; 'Cú Uladh')” (en). Foclóir Beathaisnéise Náisiúnta (Dictionary of Irish Biography). Dáta rochtana: 2026-07-01.
- ↑ Mac Fhionnlaoich (1914). "Conchubhar Mac Neasea". Dáta rochtana: 2026.
- 1 2 logainm.ie. "Glendowan". Dáta rochtana: 2026.