Astronár

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAstronár
Cineálleabhar Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarPiaras Béaslaí Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán1928 Cuir in eagar ar Wikidata

Leabhar i nGaeilge le Piaras Béaslaí is ea Astronár, a foilsiódh an chéad uair sa bhliain 1928. Is úrscéal fáthchiallach é, atá suite i dtír shamhailteach in Oirthear na hEorpa, ‘Amora’, tír faoi dhaorsmacht ag muintir ‘Kratónia’.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar le Béaslai féin: “Ní rabhas ach sé bliadhna deug d’aois [.i. 1897] nuair do chuireas romham an sgeul so cheapadh agus nuair do thuas fén gceud agus an dara caibidil… Do chríochnuigheas “Astronár” san bhliadhain 1912.”[1] Ag an am seo, bhí sé ina bhall de chuid Bhráithreachas na Poblachta, cumann ag troid ar son shaoirse na hÉireann. Sa chaoi céanna, tá fonn ar phríomhlaoich an leabhair (Astronár) Amora a shaoradh ón Kratónaigh.

Creidtear go raibh an chéad lámhscribhínn den leabhar seo scríofa i mBéarla ag an mBéaslaíoch, agus aistriódh í chun Gaeilge ina dhiaidh sin.

Stair an úrscéil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar dtús báire, cuireadh i gcló Astronár mar sraithscéal sa "Weekly Freeman" ó mhí an Mhárta, 1921, le linn Chogadh na Saoirse.[2] Níos déanaí, sa bhliain 1928, d'fhoilsigh Muinntir C.S. Ó Fallamhain an t-úrscéal i mBaile Átha Cliath.

Dar le tuairisc ó rúnaí de chuid Roinn Oideachais chuig choiste na Dála, cuireadh 3,000 cóip i gcló ag an am sin, agus díoladh 1,700 cóip idir 1928 agus 1955.[3]

Scaoileadh an dara heagrán ag an nGúm sa bhliain 1991.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Piaras Béaslaí, ‘Astronár’, Baile Átha Cliath, 1928, l. III ('Rémh-rádh').
  2. Piaras Béaslaí, ‘Astronár’, Baile Átha Cliath, 1928, l. III ('Rémh-rádh').
  3. T. Ó Raifeartaigh, ‘Books in Irish sold as waste paper and books remaining on hands’, Coiste um Chuntais Phoiblí (Dáil Éireann), 8 Eanáir, 1958. (Béarla)
  4. Béaslaí (2004-04-27). "Astronár" (ga). Litríocht. Dáta rochtana: 2020-07-10.