Dáil Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Dáil)
Tionól na hÉireann
Dáil Éireann
33ú Dáil
Cineál
CineálTeach íochtair den Oireachtas
Ceannairí
Ceann Comhairle
(President)
Seán Ó Fearghaíl, (FF)
ón lá 10 Márta 2016
Struchtúr
Baill160
Páirtithe polaitíochtaRialtas (80)
  •   Fianna Fáil (36)
  •   Fine Gael (33)
  •   Comhaontas Glas (11)

Freasúra (79)

Uachtarán an Dlísheomra

Toghchán
Córas vótálaAonvóta inaistrithe
Toghchán deireanach8 Feabhra 2020
Áit chruinnithe
Teach Laighean
Suíomh Gréasáin
oireachtas.ie

Is í Dáil Éireann teach íochtarach an Oireachtais, an pharlaimint i bPoblacht na hÉireann. Toghtar go díreach í ar a laghad uair amháin gach cúig bliana leis an gcóras ionadaíocht chionmhar agus an t-Aonvóta Inaistrithe. Is í an chraobh is treise san Oireachtas í, agus i bhfad níos mó cumhachta aici ná mar atá ag an teach uachtarach, Seanad Éireann. In éineacht leis an tSeanad ritheann sí dlíthe a thagann i bhfeidhm má chuireann an tUachtarán a lámh leo, ach is féidir leis an Dáil neamhthoil an tSeanaid a shárú agus ní mór don Uachtarán glacadh le Bille atá rite ag an Oireachtas ach amháin má fheictear dó gur sárú ar an Bhunreacht atá ann. Is í an Dáil a ainmníonn Taoiseach lena cheapadh ag an Uachtarán. Cruinníonn an Dáil i dTeach Laighean i mBaile Átha Cliath ó 1922.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baill na céad Dála

Bunaíodh an Chéad Dáil sa bhliain 1919. Ba Dháil réabhlóideach í, a bunaíodh an lá ar bhris Cogadh na Saoirse amach sa tír. B'é an Dara Dáil a bhí i bhfeidhm nuair a vótáil an Dáil ar son an Chonradh Angla-Éireannach i 1922, agus b'é an Tríú Dáil an chéad Dáil a toghadh faoi chóras an chonartha sin, i 1922 chomh maith. Mar gheall ar a n-easaontú leis an gConradh, staon na frith-chonraitheoirí ón Tríú Dáil agus ón gCeathrú Dáil, ach scar páirtí nua, Fianna Fáil, ó na frithchonraitheoirí eile i Sinn Féin sa bhliain 1926 ionas go mbeidís in ann páirt a ghlacadh sa Dáil faoi chóras an chonartha, agus ghlac an páirtí sin suíocháin i nDáil Éireann sa Chúigiú Dáil agus i ngach Dáil ina diaidh.

Leagadh amach ról bunreachtúil na Dála mar atá faoi láthair don chéad uair i 1937, nuair a cuireadh Poblacht na hÉireann ar bun mar stát, agus bunreacht nua ag baint léi.

Aistriúchán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón gcéad lá cuireadh seirbhís aistriúcháin chomhuainigh (nó seirbhís ateangaireachta) ar fáil le linn shuíonna na Dála. Soláthraíodh an tseirbhís sin i Seomra na Dála i dtosach ach, ón mbliain 1991 i leith, déantar é a sholáthar ó stiúideo seachtrach a bhfuil nasc físe agus fuaime aige leis an Seomra.

Baill den 33ú Dáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Miondealú na 33ú Dála de réir páirtí polaitiúil. Tá páirtithe an rialtais (Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas) ar an mbun, agus páirtithe an fhreasúra ar an mbarr.

Toghadh an 33ú Dáil in Olltoghchán na hÉireann, 2020. Is é seo a leanas ná miondealú na bpáirtithe go léir sa Dáil mar atá faoi láthair:

Páirtí Suíocháin
Sinn Féin 36
Fianna Fáil 36
Fine Gael 33
Comhaontas Glas 11
Páirtí an Lucht Oibre 7
Daonlathaigh Shóisialta 6
Dlúthpháirtíocht - Pobal Roimh Bhrabús 5
Independent Ireland 3
Aontú 1
Neamhspleáigh 21
Ceann Comhairle 1
Iomlán 160

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]