Éamonn Ó Dúgáin
Polaiteoir, dlíodóir agus náisiúnaí Éireannach ab ea Éamonn Ó Dúgáin (1874 - 6 Meitheamh, 1936), nó Eamonn S. Duggan mar a ghlaoitear air as Béarla.[1] Bhí sé ina bhall den pháirtí Éireannach Sinn Féin agus Cumann na nGaedheal níos déanaí.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
B'as Contae na Mí é Ó Dúgáin.[2]
Throid an Dúgánach le linn Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Cuireadh faoi ghlas é, ach ligeadh saor é sa bhliain 1917 agus chuaigh sé díreach isteach san IRB.
Toghadh é ina Theachta Dála sa Chéad Dáil sa bhliain 1919.
Bhí an Dúgánach i measc na daoine a shínigh an Conradh Angla-Éireannach sa bhliain 1921.

Rinneadh Aire Gnóthaí Baile de i rialtas an tSaorstáit nua. Chaith sé tréimhse ina rúnaí don Aire Cosanta agus an Choiste Fheidhmiúcháin.
D'fhan Ó Dúgáin amach as an olltoghchán sa bhliain 1933, ach d'éirigh sé ina sheanadóir i Seanad Éireann. B'é Ó Dugain an Seanadóir deireanach a ghlac an mionn dílseachta don Rí sa bhliain 1933 agus é ag dul isteach san Oireachtas.[3]
Fuair an Dúgánach bás gan choinne le linn shlógadh Fhine Gael i halla an bhaile, Dún Laoghaire, Baile Átha Cliath sa bhliain 1936.[4]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Eamonn S Duggan - Dún Laoghaire - LocalWiki". localwiki.org. Dáta rochtana: 2020-06-06.
- ↑ "Navan Historical Society - Duggan, Eamon (Patriot & Politician)". www.navanhistory.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-26. Dáta rochtana: 2020-06-06.
- ↑ Houses of the Oireachtas (1933-03-15). "Public Business. - Constitution (Removal of Oath) Bill, 1933—Second Stage. – Seanad Éireann (1931 Seanad) – Wednesday, 15 Mar 1933 – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-06-06.
- ↑ nationalarchives.ie. "Duggan, Éamonn John". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-04-24. Dáta rochtana: 2020.
![]() |
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Síolta na hÉireann
- Daoine a rugadh i 1874
- Básanna i 1936
- Airí Rialtais na hÉireann
- Baill Chumann na nGaedheal
- Baill Shinn Féin
- Baill d'Óglaigh na hÉireann (1917-1922)
- Baill den 1ú Dáil
- Baill den 2ú Dáil
- Baill den 3ú Dáil
- Baill den 4ú Dáil
- Baill den 5ú Dáil
- Baill den 6ú Dáil
- Baill den 7ú Dáil
- Baill Sheanad Éireann
- Daoine as Contae Ard Mhacha
- Feisirí de Pharlaimint na Ríochta Aontaithe
- Fir