Seán Mac Diarmada

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seán Mac Diarmada
Seán Mac Diarmada.png

Dáta breithe 28 Feabhra, 1883
  Coillte Clochair, Contae Liatroma, Éire
Dáta báis 12 Bealtaine 1916
  Príosún Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath, Éire
Páirtí Óglaigh na hÉireann
Bráithreachas na Poblachta
Gairm Iriseoir
Céile Josephine (Min) Ryan

Ba réabhlóidí Éireannach agus duine den seachtar a shínigh Forógra na Poblachta é Seán Mac Diarmada (28 Feabhra, 188312 Bealtaine, 1916). Bhí sé gníomhach i mbunú Phoblacht na hÉireann, fógraíodh i mí Aibreán 1916 le linn an Éirí Amach. Lámhachadh é tar éis an éirí amach sa bhliain 1916.

Usáidtear an leagan John MacDermott i mBéarla, nó Sean MacDermott uaireanta.

Tús a shaoil[athraigh | athraigh vicithéacs]

B'i gCoillte Clochair, Contae Liatroma a saolaíodh Seán Mac Diarmada sa bhliain 1883, agus fuair sé a chuid oideachas ó na Bráithre Críostaí sular bhog sé go dtí Baile Átha Cliath sa bhliain 1908. Ag an am seo, bhí na blianta caite aige ag obair sna h-eagraíochtaí éagsúla a bhí ag iarraidh neamhspleáchas a bhuaigh don tír, mar shampla Bráithreachas na Poblachta, Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge. Tar éis tamaill, bhí áit aige in Ard-Chomhairle an IRB agus roghnaíodh é ina rúnaí.

Sa bhliain 1910, rinneadh bainisteoir de den nuachtán radacach "Irish Freedom", nuachtán a bhunaigh sé féin in éineacht le Bulmer Hobson agus Denis McCullough. Thosaigh sé ag obair ina eagraí náisiúinta don IRB, in éineacht le Tomás Ó Cléirigh den chuid is mó. Bhuail tubaiste dó beagán níos déanaí, áfach, nuair a thit sé tinn le polaimiailíteas, agus bhí air bata siúil a úsáid as seo amach.

Nuair a bhunaíodh Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1913, ba bhall é Mac Diarmada ón tús, agus rinne sé a dhícheall an eagraíocht a chur faoi smacht an IRB. Gabhadh é i mí Bealtaine 1915 i dTuaim, Contae na Gaillimhe agus é ag tabhairt óráid in éadan liostáil in airm na Breataine (rud a bhí i gcoinne Defense of the Realm Act). Nuair a scaoileadh amach é i mí Meán Fómhair, chuaigh sé díreach ar ais isteach i gCoiste Míleata an IRB, a bhí ag pleanáil Éirí Amach na Cásca ag an am. B'eisean agus Ó Cléirigh na príomh-dhaoine a bhí freagrach as an scéim don éirí amach.

Éirí Amach na Cásca[athraigh | athraigh vicithéacs]

Plaic chuimhneacháin do Sheán Mac Diarmada

Nuair a thosaigh an troid, bhí Mac Diarmada lonnaithe leis na gceannairí eile (Pádraig Mac Piarais, Séamus Ó Conghaile, Seosamh Pluincéad agus daoine eile) in Ard-Oifig an Phoist ar Sráid Uí Chonaill, i lár na cathrach. Dá bharr a pholaimiailíteas, bhí air fanacht amach as an troid féin den chuid is mó. Nuair a tháinig an géilleadh, rinne sé iarracht measctha i measc óglaigh eile agus é ag iarraidh éalú a dhéanamh, ach aithníodh é sa deireadh agus cuireadh chun bás é ar 12 Bealtaine. Roinnt blianta ina dhiaidh sin, le linn Cogadh Angla-Éireannach, bhain Mícheál Ó Coileáin díoltas amach ar an oifigeach Briotanach Lee-Wilson a roghnaigh Mac Diarmada amach ón slua, nuair a thug sé an t-ordú é a mharú.

Oidhreacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá roinnt áiteanna in Éirinn atá ainmnithe in ómós dó - Sráid Sheáin Mhic Dhiarmada i gcathair Bhaile Átha Cliath, an stáisiún traenach i Sligeach agus Páirc Seán Mac Diarmada, an staid CLG i gCora Droma Rúisc.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]




Éirí Amach na Cásca
Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis)

Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile

Daoine eile a cuireadh chun báis

Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn

Éireannaigh mór le rá eile

Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh