Cora Droma Rúisc
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Stát ceannasach | Éire | |||
| Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
| Contae in Éirinn | Contae Liatroma | |||
| Príomhchathair de | ||||
| Tíreolaíocht | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | An tSionainn | |||
| Airde | 45 m | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | ||||
| Eile | ||||
| Logainm.ie | 1416694 | |||
| Suíomh gréasáin | carrickonshannon.ie | |||
Is é Cora Droma Rúisc[1] (
Fuaimniú, Carrick-on-Shannon i mBéarla) príomhbhaile Chontae Liatroma. Bhí 3,980 duine ina gcónaí i gCora Droma Rúisc sa bhliain 2011.




Suíomh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is ag áth na Sionainne atá Cora Droma Rúisc suite. Tá an baile i bparóiste sibhialta Chill Tachúrc (Kiltoghert i mBéarla). Ainm ban-naoimh is ea Tachúrc (< Tathchumhrac < Tocomracht, et var.).
Tá foirgnimh stairiúla i gCora Droma Rúisc cosúil le Teach na mBocht agus Reilig an Ghorta.
Ar an Sráid Mhór is ea an Eaglais Chaitliceach Naomh Muire, tógtha i stíl Neo-Gotach. Tá sé suite ar phointe trasnaithe straitéiseach Abhainn na Sionainne.
Geilleagar agus cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foilsítear sa bhaile é an Leitrim Observer (gach Céadaoin) agus an Northwest Express.
Is é “an Dock” ionad ealaíon atá lonnaithe sa bhfoirgneamh athchóirithe “teach cúirte” den 19ú hAois.
Téann an líne iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Sligeach tríd an bhaile.
Aitheantas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ainmníodh Cora Droma Rúisc mar an Baile is Slachtmhaire in Éirinn in 2025.[2] Chomh maith leis an bpríomhghradam ginearálta, chinn na breithiúna go bhfuil Cora Droma Rúisc ar an mBaile Beag is Slachtmhaire leis.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Cora Droma Rúisc/Carrick-on-Shannon | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-10-24). "Cora Droma Rúisc an Baile is Slachtmhaire in Éirinn" (as ga-IE).
